9 March 2006 Edition

Resize: A A A Print

Neodracht ar shlí a fhírinne

BY Cathal O Murchu

Ó a d'fhógair an tAire Cosanta Willie O'Dea go rachaidh buíon suntasach d'Airm an tSaorstáit i gcathlán de chuid Fhórsa Frithghnímh na hEorpa, is léir go bhfuil céim an-suntasach tógtha ag lucht rialaithe an stáit úd in éadan an neodrachais. Is cuma go bhfuil an neodrachas mar pholasaí oifigiúil a thacaigh agus a thacaíonn formhór mhuintir na stáit leis - mar shampla i bpobalbhreith an MRBI i mí Mheithimh 2001 a 72% tacaíocht ar son neodrachta. Tá an coincheap seo scríofa sa Bhunreacht in Airteagal 29.2 a mhaíonn "Dearbhaíonn Éire fós gur mian léí go ndéanfaí gach achrann idir náisiúin a réiteach go síochánta le headráin idirnaisiúnta nó le cinneadh breithiúnach."

Tá ceist na neodrachta sáite go mór leis an gceist náisiúnta. Bhí lucht cumhachta na tíre seo i gcónaí bádhúíl le himpiriúlachas mar a bhí John Redmond agus a ghríosaigh a chomh-Éireannaigh dul chun troda leis an impireacht chéanna a choimeád faoi chois iad. Margadh a bhí in ainm is a bheith ann le féinrial a bhaint amach, ach níor chomhlíonaigh na Breatanaigh a margadh in aon chor. Ghríosaigh an lucht rialaithe seo ar mhuintir na tíre iad féin a aithint le hImireacht na Breataine nuair a bhí sí in uasalréim. Ach anois leis an Aontas Eorpach tagtha ar an bhfód ar feadh caoga bliain, tá lucht rialaithe na tíre ag gríosadh don phobal iad féin a aithint mar Eorpaigh, agus is ón ngluaiseacht a éascraíonn frith-náisiúnachas - seachas ó na hAontachtóirí.

Go bunúsach, is impiriúluithe lucht rialaithe na tíre seo - bíodh iad glas nó oráiste. In ainneoin gan dóibh impiriúlacht dá gcuid féin a bheith acu, aithníonn siad leis an impiriúlacht is láidre timpeall orthu- bíodh iad na Breatanaigh, na hEorpaigh nó na Meireacánaigh. Ach ní gá impiriúlacht do chuid féin a bheith agat leis a bheith i do himpiriúlaí, ní mar sin a oibríonn sé. Nuair a bhí na Naitsithe ag slogadh críocha móra na hEorpa, ní raibh easpa teacht acu ar chomhthacadóirí, fiú tíortha bródúla ar nós na Fraince! Mar an gcéanna in Éirinn agus lucht rialaithe ag aithint le cibé impireacht atá timpeall - an Breatainn, an Aontas Eorpach nó na Stáit Aontaithe.

Le cur leis an sárú neodrachta seo, ligean rialtas an tSaorstáit do na Méireacánaigh críoch na hÉireann a úsáid mar iomprán eitilte na Méireacánach, chomh maith le láthair sosa do chrios iompar na céasta acu. Níl aon amhras ach go bhfuil críoch na tíre seo aá úsáid go mídhleathach le daoine a iompar chun na céasta.

Is léir leis na blianta beaga anuas go bhfuil neodracht na tíre seo á laghdú de réir a chéile mar a bheadh ispín 'salami' agus faoin am a thugann muintir na tíre seo é sin faoi deara, bheidh slisíní an ispín 'salami' ite. Is ar éigean go bhfuil ispín ar bith fágtha, anois!

Gluais Focal

  • cathlán battle groups
  • Fórsa Frithghnímh na hEorpa European Reaction Force
  • lucht rialaithe/cumhachta ruling class
  • bádhúíl le himpiriúlachas sympathetic to imperialism
  • ghríosaigh inveigled
  • in uasalréim in its zenith
  • comhthacadóirí collaborators
  • sárú neodrachta breach of neutrality
  • iomprán eitilte na Méireacánach American aircraft carrier
  • crios iompar na céasta conveyor belt of torture

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland