Top Issue 1-2024

16 January 1997 Edition

Resize: A A A Print

Laochra ar muir is ar tír

LE EOGHAN MacCORMAIC

Bhuel, quel surprise, mar a deirfeadh mo chairde Francacha agus iad ag léamh nuacht na seachtaine seo chuaigh thart faoin Spiorad Sasannach. Theip ar na Brits faoi dó in aon seachtain amháin in iarrachtaí dul timpeall an domhain. Richard Branson san aer (ar feadh tamaillín) agus Tony Bullimore ar bharr na dtonnta. Sin an spiorad a bhuaigh agus a chóilínigh ar fud an domhain don Impire, tráth. Britannia Rules the Waves, mar dhea.

Anois, tá daoine amach ansin a deirfidh gur begrudger mé, agus nach n-aithním laochas agus éacht iontach nuair a tcím é, agus nár chóir dom bheith ag scríobh go tarcaisneach faoi Richard agus Tony. Laochas, mar dhea. Bhí mé ag léamh i nuachtán amháin go bhfuil siad chun Trofaí HMS Hurricane a bhronnadh ar Bullimore ``for yachtsmen who have shown outstanding seamanship, sportsmanship and courage at sea''. Bullaí fear, Bullimore. Tá mé ag fanacht ar thrófaí dom féin as cuid de m'éachtaí atá, dar liom, ar chomhchéim le Tony agus Richard.

Is cuimhin liom oíche amháin go raibh mé ar meisce agus bhí mé caillte ar mo bhealach ar ais ó Magh go Doire i ndiaidh oíche damhsaíochta agus dramhlas i mBorderland. Shiúil mé isteach claí an oíche sin má's buan mo chuimhne agus bhí ar mo chairde mé a tharrtháil ó ghréim crann scéiche. Tá trófaí ansin áit éigin, is cinnte, fear aonar ag troid in aghaidh forsaí an nádúir agus ag cailleadh. Sin nós Sasannach, ag déanamh bua as bualadh. Ach is dócha go bhfuil an éacht sin ro-shimplí le haghaidh trófaí, nó níor glaodh ar na séirbhísí tarrthála chun mé a shábháil agus níor chosnaigh sé fortún airgid ach an oiread.

Eistigí anois go bhfeicfidh mé. Má's séirbhísí tarrthála atá uaibh, ta éacht eile faoi mo chrois agam. Coicís roimh an Nollaig, bhuail gluaisteán isteach ar mo ghluaisteán-sa. Bhí mo cheann-sa parcáilte ag an am, agus go deimhin, ní raibh mé sa ghluaisteán fiú nuair a tharla an éacht seo. Deirtear nach mbualann tintreach an ball céanna faoi dhó, ach, dhá uair ina dhiaidh sin - Aoine an 13ú a bhí ann - bhuail gluaistéan eile mo charr-sa arís, agus mura raibh sé scriosta i ndiaidh an chéad iombhualaidh, bhí a ré thart i ndiaidh an tarna teagmhála.

Bhí orm lorraí um bhriseadh-síos a thabhairt amach chun an raic a tharraing ar cheann téide. B'fhéidir go dtuillfeadh sé sin trófaí nó bonn fiú dom. Heroic Failure Taismeach. D'ith mé cupla barra seaclaide le linn an eachtra; b'fhéidir go mbeadh comhlucht seaclaide toilteanach urraíochta a thabhairt dom as sin?

Níl sibh sásta gur laochas ata sna scéalta seo? Féach, tá an input céanna agamsa i mo thimpistí agus a bhí ag Branson agus a eadromán mhór a chruthaigh Teoiric Newton - a rud a théann suas, ní mór do theacht anuas. Ach an tseachtain seo chuaigh thart, sin mé ag dul thar siopa teilifíse agus bhí an Richard céanna ag a chomhdháil phreasa ag breathnú amach orm ó dhaichead scáileán teilifíse. Laoch. Agus Tony Bullimore, ag iarraidh póg a thabhairt do mhairnéalach den na Astrálaigh a shábháil é. Laoch.

Agus idir an dá linn, caitheadh fortún beag airgid chun Branson agus a chriú, agus Bullimore féin a tharrtháil. Cuireadh saolta daoine eile i mbaol ag dul amach faoin fharraige ó dheas le cuardach a dhéanamh dó, agus baineadh feidhm as an teicneolaíocht is déanaí leis na laochra seo a thabhairt i dtír.

Tá rud éigin cearr leis an domhain seo, dar liom, gur féidir le suimeanna doríomhaithe airgid a chaitheamh le duine aonar ( a chuir a shaol féin i mbaol) a thabhairt saor ó sháinn, a fhad agus atá na milliúin ag fáil bháis d'ocras. Agus ansin, sáitear síos ár scornacha iad mar `laochra'. Ní laochra iad in aon chor ach pleidhcí agus crá croíthe idirnáisiúnta iad a fhulaingíonn ó sheanghalar na Sasannach: Síleann siad fós go bhfuil an domhan faoina smacht acu. Ní chreideann sibh mé? Nach bhfaca sibh John Major thuas ag Bearna Khyber ar an Luain ina hata mór?


Scuaine deor


Léirmheas filíochta


Deora nár caoineadh
Le Aine Ní Ghlinn
Foilsithe ag Coiscéim
Praghas £5.95.

Caoineadh coscrach atá sa chnuasach seo ag Aine Ní Ghlinn. Drochúsáid gnéasúil na bpáistí an téama is mó atá ann. Níl abhar mar sin so-léite agus níl an leabhar seo so-léite ach is fiú é.

Le blianta fada bhí an ábhar seo faoi chosc ach ó thús na 90í is léir dúinn uile cé chomh mór is atá an fhadhb. Ina dánta gearra teanna tugann Aine Ní Ghlinn léirgeas ar phian agus céiseadh an duine aonair. Dánta oíche atá anseo aici; níl dóchas ná tearmann ann. Níl againn ach guthanna na ndaoine a tháinig trí ifrinn. Tugann Aine guthanna dona daoine sin a bhfuil a n-ifrinn sa bhaile, ifrinn a bhfuil a geata sa chliabhán agus a deireadh san uaigh.

Is file, iriseoir agus craoltóir í Aine Ní Ghlinn. Tá sí ag obair le RTE agus Raidio na Gaeltachta. Seo an triú chnuasach dá cuid. D'fhoilsigh sí An Chéim Bhriste (Coiséim 1984) agus Gairdín Pharthais (Coiscéim 1988). Bhuaigh sí duaiseanna Oireachtais i 1985 agus 1987 agus Duais Bord na Gaeilge agus Listowel Writers' Week i 1987.

Is leabhar dátheangach é seo, aistriúcháin ag Pádraig O Snodaigh. Seo thíos sampla a thugann blas an chnuasiagh.

Deora


Ní chaoinim. Ní chuimhin liom caoineadh riamh
ach tá scuaine deor taobh thiar den tocht
im scornach dé bhféadfainn scaoileadh leo.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland