2 March 2006 Edition

Resize: A A A Print

Dorchla an Iarthair

BY Cathal O Murchu

Tá éileamh ag fás san Iarthar go mba cheart dorchla bonneagair a thógáil - idir mhórbhealach agus iarnród - chun go bhféadfaí geilleagar an Iarthair a fhorbairt ar chéim mar atá sa Chósta Thoir. Ar an oileán seo, tá an bonneagar lárnaithe i mBaile Átha Cliath sna Sé Chontae is Fichead agus i mBéal Feirste sna Sé Chontae, agus fágann sé sin Bruach Thiar na Sionainne agus na Banna le bonneagar agus geilleagar bunúsach ar ísealfhorbairt. Go stairiúil, bhí na taillte míne le fáil in oirthear an oileáin agus i sochaí a bhrath go mór ar thalmhaíocht, cúis mhór é seo. Nuair a tháinig Éire faoi réimeas na Breataine, tharla an fhorbairt ar an gcuid Thoir den oileán, go háirithe lena smacht a bheith níos cinnte ann.

Ach tá an-athruithe tagtha ar an saol ó shin, go háirithe le tír nach mbrathann an oiread chéanna ar an talamh mar a bhrath tráth úd. Tá i bhfad níos mó béime anois ar chúinsí bonneagair le go mbeidh forbairt thionsclaíoch agus gheilleagair ann agus is ón tuiscint seo a eascraíonn an t-éileamh le go mbeidh dorchlaí bonneagair tógtha ó Chathair Dhoire sall go Cathair Luimnigh (nó ar aghaidh go Trá Lí fiú). Tá mórbhealach agus líne iarnróid ag teastáil go géar le haghaidh tráchtála, iompair, taistil, teagmhála agus mar sin de. Tá sé chomh riachtanach céanna go mbeidh córas broadband leagtha síos sa taobh seo tíre, go háirithe os rud é go mbeidh forbairt amach anseo bunaithe go mór ar teicneolaíocht thosaigh.

Mar sin tá pleanáil comhtháite de dhíth go mór le go mbeidh rath ag gabháil leis an bhforbairt gheilleagair seo. Tá pleanáil agus infheistíocht don gheilleagair ag teastáil a thugann isteach san áireamh turasóireacht, oideachas agus cur ar fáil seirbhís sláinte. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeidh teileachumarsáid fhorbartha, teacht ar broadband agus fáil réidh le táillí fánaíochta fón póca ar an oileán seo. Caithfear tabhairt faoi forbairt cathrach agus tuaithe, chomh maith le cosaint na timpeallachta a thabhairt san áireamh. Baineann bainistíocht dhramhaíl go mór le seo chomh maith. Agus chuige seo, ní mór go mbeidh na córais éagsúla iarnróid, bóthair, aeir agus caladhphoirt go léir nascaithe le chéile.

Mar sin, is céim an-tábhachtach é an Dorchla Atlantaigh nó Dorchla an Iarthair a thógáil le go mbeidh an Iarthar in ann a fhorbairt i gceart.

Tugann sé féinriail eacnamaíochta áirithe don Iarthar sa chaoi go gcumhtachtaíonn sé muinitr an Iarthair le go mbeidh lámh acu ina leas féin. Níl aon amhras ann ach gur prionsabal an-lárnach sa phoblachtánachas é cumhachtú an phobail.

Gluais Focail

  • dorchla bonneagair infrastructural corridor
  • mórbhealach motorway
  • geilleagar economy
  • ar ísealfhorbairt underdeveloped
  • talmhaíocht agriculture
  • forbairt thionsclaíoch industrial development
  • líne iarnróid railway line
  • teicneolaíocht thosaigh advanced technology
  • táillí fánaíochta roaming charges
  • bainistíocht dhramhaíl waste management
  • féinriail eacnamaíochta economic autonomy
  • cumhachtú an phobail community empowerment

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland