Top Issue 1-2024

16 February 2006 Edition

Resize: A A A Print

Ar cheart fáil réidh le Gaeltacht mar choincheap?

BY Cathal O Murchu

Beidh ceist amháin maidir le hathbheochan na Gaeilge a spreagfaidh díospóireacht amach anseo. Is éard atá i gceist ná ar cheart fáil réidh le Gaeltacht mar choincheap, agus ina áit, díriú isteach go hiomlán ar an nGaeilge a chur chun cinn ar fud na tíre. Gan amhras gheofar roinnt ar dhá thaobh a mhaífidh a dtuairim ar an gceist seo. Ach caithfear féachaint ar cad atá déanta go dtí seo maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn. Cad iad na bearta atá aon rath ag gabháil leo agus iad siúd nach bhfuil, agus cén fáth? Cad a d'fhéadfaidh a dhéanamh a bheith níos fearr na an méid atá déanta go dtí seo?

Ceisteanna tábhachtacha iad seo gan amhras. Ach maidir leis an gceist ar fiú a leithéid de choincheap le Gaeltacht a bheith ann, caithfear a fhéachaint carbh as a tháinig sé ó thús. Sa bhliain 1926, bhunaigh an Saorstát Coimisiún na Gaeltachta le go gcaomhnófar an Ghaeltacht mar cheantar ina labhrófar an Ghaeilge mar chéadtheanga cumarsáide agus go gcosnófar an limistéir Gaeilge seo a bhí. Theip orthu leis an dá aidhm. Mar a tharla sé ó shin, tá brú ollmhór tagtha ar an nGaeilge ó na meáin agus ó Ghalltacht na hÉireann í féin. Tá meath tagtha ar an méid Gaeilge a labhraítear sa Ghaeltacht agus teorainn an Ghaeltacht í féin cualaithe go mór. Tá níos lú ná leath de chríoch na Gaeltachta i 1926 fós sa Ghaeltacht.

Tá formhór forbairtí na Gaeilge ag tarlú lasmuigh den Ghaeltacht i láthair na huaire, go háirithe i réimse na gaelscolaíochta. Tá formhór na gcainteoirí dúchasacha lonnaithe lasmuigh den Ghaeltacht chomh maith. Tháinig an chuid is mó den agóidíocht le bunú Raidió na Gaeltachtas agus Teilifís na Gaeilge lasmuigh den Gaeltacht freisin, cé go bhfuil siad lonnaithe ansin anois. Sa Ghaeltacht í féin, tá an Béarla chomh forleathan sin gur minic gur deacair aon idirdhealú a dhéanamh leis an nGalltacht.

Ach an méid sin ráite, caithfear a mheabhrú gur siombal tábhachtach don Ghaeilge go bhfuil pobail éagsúla labhartha Gaeilge, áiteanna nach bhfuil go hiomlán tachta ag an mBéarla agus ag an ollchultúr Angla-Meireacánach. Áiteanna is ea na Gaeltachtaí éagsúla a bhí agus atá dearmadtha ag lucht cumhachta ar dhá thaobh an teorann agus a fágadh siar le linn forbairtí sa gheilleagar. Níor tugadh féinrial do na ceantracha Gaeltacha ach an oiread agus mar gheall ar sin, ba bheag cumhachta acu ar a bhfál féin. D'eascair cuid de na scríbhneoirí is fearr sa Ghaeilge ón nGaeltacht agus iad ina gcainteoirí dúchasacha.

Mura bhfuil a leithéid de rud is Gaeltacht ann, ní fiú a chaomhnú. Más féidir na Gaeltachtaí a chaomhnú, agus ní amháin sin, ach go mbeidh siad mar láithreacha chun an Ghaeilge a scaipeadh agus a leathnú amach ar fud na tíre, scéal eile atá ann. Is le díospoireacht a thiocfar ar réiteach ar an gceist seo.

Gluais Focal

  • díospóireacht debate
  • díriú isteach concentrate
  • bearta measures
  • rath success
  • coincheap concept
  • Galltacht na hÉireann English-speaking Ireland
  • meath decline
  • cualaithe retreated
  • forleathan widespread
  • cainteoirí dúchasacha native speakers

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland