Top Issue 1-2024

2 February 2006 Edition

Resize: A A A Print

Triail le Meáin

BY Cathal O Murchu

Triail le Meáin

Le linn na trialach do mharú Robert Holohan a tháinig chun deiridh coicís ó shin agus Wayne O'Donoghue ciontaithe as ucht a bháis, chuaigh na meáin chumarsáide i mbun aon chlú a bhí ag O'Donoghue a scrios. Cuireadh ina leith gur pídeaféileach a bhí ann in ainneoin gan aon fhianaise chruinn ag tacú leis an tuairim sin. Ba léir gur ghlac na meáin an bhrat orthu féin mar ghiúiré agus mar bhreitheamh cé go ndeachaigh an cás os comhair na cúirte agus go bhfuarthas toradh críochnúil air. Mhaígh na meáin go raibh ceisteanna fós le freagairt cé go raibh fiosrúchán déanta ag na Gardaí agus gur pléadh na ceisteanna sa chúirt.

An scéal mar a tharla sé, chomh fada is ar féidir a bheith cruinn faoi, ná go raibh aithne an-mhaith ag Holohan agus O'Donoghue ar a chéile os rud é gur comharsana béal dorais iad, cé go raibh Holohan aon bhliain déag d'aois agus O'Donoghue deich mbliana níos sinne. Tar éis argóinte idir an bheirt acu, chaith Holohan clocha ar ghluaisteán O'Donoghue agus thosaigh troid eatarthu. Le linn do sin, thachtaigh O'Donoghue an buachaill níos óige agus maraíodh é trí thimpiste is cosúil. Ina dhiaidh sin, rinne O'Donoghue an beart a cheilt agus is chuige sin a chuir sé corp Holohan i bhfolach i gclaí 15 mhíle ar shiúl. B'inn an eachtra ba scannalaí. Tar éis gur admhaigh O'Donoghue an méid a tharla dá athair, thángthas ar chorp Holohan agus cúisíodh é do dhúnmharú.

Ach an scéal atá ag déanamh tinnis do a lán ná cad chuige a fuarthas rian beag siaman ar chorp an bhuachaill óig. Is ar an bpointe sin atá na meáin ag díriú isteach ar na liamhaintí a chur i gcoinne O'Donoghue in ainneoin má réitíonn siad leis na fíricí nó mura réitíonn. Míniú amhain ar conas a tháinig an rian seo ar Holohan ná gur fágthas a chorp i seomra folctha i dteach O'Donoghue sular iompar Wayne an corp ar shiúl. Ní fios fiú cé uaidh a tháinig an rian, cé go ndearnadh scrúdú eolaíochtúil air. Gan amhras rinne an scéal seo an-tinneas ar Mhuintir Holohan.

Ag teacht ar ais go dtí ról na meáin chumarsáide, go háirithe na nuachtáin tablóideacha, an scéal a theastaigh uathu ná scannal in ainneoin na fíricí a bheith cruinn. Ní ait do phoblachtánaigh na meáin ag déanamh neamhaird ar fhíricí cruinne ar mhaithe le 'agenda' áirithe a chur chun cinn agus le nuachtáin shuaracha a dhíol. Leis an scéal seo, ba léir go raibh na meáin ag tnú leis an chineál suarach seo chun go mbeidh siad in ann leanúint ar shlí a gcomhleacuithe i measc iriseoirí den chuid is ísle i Sasana. Cé go bhfuil ról suarach imirthe ag na meáin chumarsáide maidir le Wayne O'Donoghue agus a mhuintir, is fiú a mheabhraigh ná gurb iad Muintir Holohan na daoine is mó atá thíos faoi leis an scéal seo agus a mac caillte acu.

Gluais Focal

  • clú reputation
  • pídeaféileach paedophile
  • toradh críochnúil final outcome
  • liamhaintí allegations
  • cúisíodh was charged
  • admhaigh admitted
  • dúnmharú murder
  • scrúdú eolaíochtúil scientific examination
  • fíricí cruinne accurate facts
  • ról suarach sordid role

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland