Top Issue 1-2024

19 January 2006 Edition

Resize: A A A Print

Ré nua do shacar na hÉireann

BY Cathal O Murchu

Steve Staunton agus Bobby Robinson

Steve Staunton agus Bobby Robinson

Níl amhras ann ach go bhfuil ré nua i ndán do fhoireann shacar na hÉireann ó a tháinig Steve Staunton i gcomharbacht mar bhainisteoir nua ar an bhfoireann náisiúnta. Iar-imreoir d'fhoireann na hÉireann is ea Staunton a d'imir 102 uair, níos mó ná aon imreoir eile agus a chaith babhta de mar chaptaen ar an bhfoireann úd. Níl mórán taithí aige mar bhainisteoir ach mar leas-bhainisteoir le foireann Wallsall i Sasana. Tá Bobby Robson ceaptha mar chomhairleoir do Staunton, ag tabhairt san áireamh an taithí ollmhór aige mar bhainisteoir ar fhoireann náisiúnta Shasana, foirne shacar ar nós Ipswich, Barcelona, Lisbon, Newcastle agus eile.

Ach ní raibh lucht na meán cumarsáide ro-thugtha do cheapuchán an fhoireann bainistíochta nua agus ní fada dóibh ag cur i gcoinne an moladh seo. Mhaígh siad nach raibh an taithí cuí ag Staunton agus go mbeidh Robson an duine a bheadh i gceannas ar an bhfoireann i ndáiríre. Is fiú a chuimhniú fiche blaiin roimhe seo i 1986, nach raibh cuid mhaith de na meáin ro-thugtha le comharbacht Jack Charlton, Éamonn Dunphy ach go háirithe. Mar a tharla sé fear uasal a bhí i Jack (fiú más Sasanach) a d'éirigh leis a bheith an bainisteoir is ráthúla go dtí seo ar fhoireann náisiúnta na tíre seo. Cibé faoina thaicticí agus a straitéis imeartha, thuig Charlton conas imreoirí a spreagadh ar son cúise agus níl amhras ann ach gur chuir imreoirí na hÉireann fuinneamh agus paisean ina gcluichí dá dtír dhúchais.

Ní ceart mar sin an fhoireann bainistíochta nua a cháineadh sula féidir iad a mheas ar an bpáirc imeartha agus is ar na torthaí ba cheart comharbacht Staunton agus Robson a mheas. Agus freisin, an gcabhraíonn an t-uafás cáinte le foireann, le himreoirí agus le bainisteoirí tabhairt faoin bpost atá le déanamh acu? Ní dóigh liom go gcabhraíonn, go háirithe nuair nach bhfuil deis tugtha fiú don fhoireann nua seo. Nuair a thugtar san áireamh ar an gcaoi a chaith meáin chumarsáide shuarach Shasana lena bhfoireann náisiúnta, is léir go raibh faitíos ar a n-imreoirí dul sa bhearna baoil ar eagla go scriosfaidh agus go milfidh clú dóibh siúd a dhéanfadh botún ar bith in ainneoin sár-imreoirí a bheith acu.

Tá roinnt ag gearán faoin gcaoi a chuaigh Cumann Peile na hÉireann le bainisteoir nua a cheapadh agus an chaoi a sceitheadh ainm Staunton agus Robson sna meáin gan dul tríd an próiseas ceapúcháin mar ba cheart. Léirigh John Aldridge suim sa phost chomh maith, iar-imreoir den scoth le sár-thaithí bainistíochta aige, ach gan amhras caitheadh go dona leis siúd sa chaoi gur socraíodh agallamh don phost dó agus an post imithe cheana féin. Ta cáineadh agus gearán tuillte anseo.

Ach dóibh atá tiomnaithe do leas fhoireann náisiúnta na tíre seo, ba cheart tacaíocht chuí a thabhairt ar an gcéad dul síos. Tuigeann fíor-thacaithe é sin. Mar sin ní deacair do phoblachtánaigh a mheas an chineál leasa atá ag cuid is mó de na meáin don chúis náisiúnta.

Gluais

comharbacht succession

comhairleoir advisor

ceapuchán appointment

foireann bainistíochta management team

straitéis imeartha playing strategy

meáin chumarsáide shuarach Shasana nasty English media

dul sa bhearna baoil take risks

sceitheadh leaked

tiomnaithe committed

fíor-thacaithe true supporters


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland