19 January 2006 Edition
Twickenhambury
Buckinghambury, Closebury, Waterbury, Dandelion Close, Posh and Beck Close, Bramble Close, Waterside Close.
Seo roinnt samplaí de na hainmneacha amaideacha a chuirtear ar eastáit tithe atá á thógáil chun freastal ar na sluaite ceannaitheoirí tithe sa tír.
Cé roghnaíonn na hainmneacha seo?
Ní hiad na daoine a cheannaíonn na tithe. Tá an sceal céanna ann ar fud na tíre in áiteacha ata ar maos le logainmneacha áille a bhfuil baint acu leis an talamh, an timpeallacht (environment), leis an dúlra- Cnoc, sliabh, nó Gleann.
Tá mé ag éirí mífhoighneach leis na Comhairlí Condae atá leisciúil faoi chomh-oibriú leis an Acht Teanga 2003.
Cuid tabhachtach den Acht Teanga is ea ainmneacha a chur ar eastáit tithe de réir an traidisiún Gaelach a bhí ann i gconaí.
Cén sort meon (mentality) atá ag daoine a roghnaíonn ainm mar 'Brookside Close'.?
An iad na tógálaithe , na ceanntalaithe, nó na comhairleoirí?
Cén fáth go gceadaítear dóibh na hainmneacha seo a roghnú?
Tá roinnt de na Comhairlí Condae go bhfuil plean dearfach acu maidir le hainmneacha i gcursaí pleanala, Comhairle Co. an Chlair ina measc.
Tá súil agam go leanfaidh cuid na comhairlí an sampla seo agus go ndéanfaidh comhairleoirí Shinn Féin obair air.