Top Issue 1-2024

19 January 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint: An Union Jack i Croker! - le Seán ó Donaile

Agus mé I mo ghasúr ní raibh baint ar bith againn leis an diabhal sacair nó na cluiche Gallda i gCondae an Chláir.

Bhí dúil ar fad againn san iomáint agus mar a dúirt an t-uasal Ger Loughnane is ionann an saol agus an iomáint.

Bhí foireann an Chlair i réim agus ba bheag nar bhuamar Chraobh Mumhain i 1977 agus '78.

Bhí déistean orm agus mé ocht bhliain d'aois nuair a thosaigh mo chairde ar scoil ag imirt sacair - Dhiúltaigh mé bheith páirteach agus d'fhan mé ar an taobh líne le mo lamha i mo phócaí ar feadh bliana in ionad bheith ag baint sult as na 'garrison games'.

Nuair a thosaigh mo chomharsain ag bailiú pictiúirí de Georgie Best agus Lou Macari chloígh mé le mo Gaelic Sport agus mo Rosary beads.

D'fhreastal mé ar Mecca gach Meán Fomhair agus mé ag guí ar an slua a mhaba chóir bheith ag díriú isteach ar athbheochan na h-iomana i mBlá Cliath agus an Tuaisceart agus gan a bheith buartha faoi Beckham ag imirt faoi scáth Ardán Uí Chíosóig.

Caithfidh gach sport seasamh ar a chosa fein agus muna bhfuil an CLG eagraithe i gceart rachaidh an t-aos óg leis na cumainn eile, is cuma ma imrítear Man United no Tae Kwon Do i gCroker.

Cé gur soap opera é an Premiership tá an té a imríonn le Finn Harps nó le Garryowen chomh Gaelach le peileadóirí Chiarraí.

Tá an sochaí athraithe go mór in Éirinn agus i bhfad níos mo eagsúlachtaí ann agus caithfidh spas a bheith ann d'athann dath, athann creidimh agus athann spoirt.

Níl sport níos fearr sa domhan ná an iomáint ach bhí an t-ádh liom gur thosaigh mé ag rith marathons , ag sleibhtóieacht agus ag leanúint Bohemians, cé nach bhuann siad móran!

Is cuma cá bhfuil an Union Jack, chomh fada is ata cothromaíocht do bhrat na hÉireann, rud nach bhfuil na hAondochtóirí fós ábalta a dhéanamh ós chomhair Halla Cathrach Bhéal Feirste.

Is cuma cén foireann atá ag imirt i bPáirc an Chrócaigh nó cén t-amhrán Naisiúnata atá a chanadh, chomh fada is atá muid bródúil as ár gceann féin.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland