Top Issue 1-2024

12 January 2006 Edition

Resize: A A A Print

Seo Chugainn an Gaelfest

Tá Glór Bhréifne, an grúpa pobail um forbartha na Gaeilge i gCo. an Chabháin ag beartú chun ré úr i siamsaíocht Ghaelach a sheoladh i gcroílár na tire ar an 7ú agus an 8ú Aibreán seo chugainn.

Seo í an ócáid is mó, is cuimsithí agus is spleodraí dá bhfuil le cur ar siúl ag Glór Bhréifne sa Chabhán. Is léiriú ar leith é ar an an chultúr comhaimseartha tríd an Ghaeilge. Féile dheireadh seachtaine atá ann le bannaí na hÉireann agus bannaí Gàidhlige na hAlbain.

Beidh baile an Chabháin ag cur fáilte roimh ar a laghad 1,000 duine a bhainfidh sult as cuimse as dhá oíche spleodair ag toiseacht le coirm ceoil ar an chéad oíche leis na haoíonna seo a leanas:

Bréag, John Spillane, Na Fíréin, Anam (as Albain) agus Blunderbrau as Rann na Feirste i dTír Chonaill.

Beidh Mícheál Ó Muircheartaigh ag gníosadh na ndamhsóirí agus é mar fhear an tí ar an tSáthairn don Chéili Mór nuair a chuirfeas an Banna Céili Bhréifne scoith an cheoil i láthair.

"Bhí sé ariamh ar intinn againn go mbeadh sé ar dóigh dá mbeadh macasámhail 'Féile' nó 'The trip to Tipp' ann don tsaol ghaelach nuair a bheas daoine ag taisteál as gach cearn agus as thar sáile fá choinne cóisire móire i gcroí-lár na hÉireann." Arsa Rónán Mac Murchaidh, Cathaoirleach Ghlór Bhréifne.

"Beidh busanna ag teacht as cuid mhór de choláistí 3ú léibheál ar fud na tire le bheith i láthair chomh maith le lear mór daoine nach bhfaca an taobh istigh de sheomra ranga le fada an lá! Chomh maith leis sin beidh scaifte breá beolánta ag teacht as Albain le tacaíocht ó Iomairt Cholm Cille.

"Tá muid ag dúil le craic iontach agus ceol den chead scoith ar an Chabhán, áit a mbeidh fáilte mhór chroíúil roimh ghach aon duine chuig an fhleadh fhianta seo!"

€30.00 (Stg£20.00) an praghas iomlán ar an dá oíche ach moltar ticéid a fháil go luath le diomá a sheachaint. Gach eolas ar fail ar www.gaelfest.com nó scairt ar Rónán ar 00353 (0) 86 6043521 nó ar Thommy Rua sna 6 chondae ar 00 44 (0)7759 837019.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland