Top Issue 1-2024

5 January 2006 Edition

Resize: A A A Print

An Ghaeilge agus an réabhlóid - Le Máirtín MacEOIN

Máirtín Ó Cadhain

Máirtín Ó Cadhain.

An Cadhanach - Céad bliain den Phoblachtánachas neamhleithscéalach!

Céad bliain ó shoin, cothrom na seachtaine seo, ar an gCnocán Glas i gConamara taobh leis an Spidéal rugadh an scríbhneoir cáiliúil is fealsúnaí aitheanta Ghaeilge na réabhlóide, Máirtín Ó Cadhain.

Ba Phoblachtóir neamhleithscéalach é an Cadhnach mar a mhaígh sé féin, fear a raibh a phoblachtánachas préamhaithe i bhfuascailt na haigne a shaolaigh Réabhlóid na Fraince. Thar aon duine eile in Éirinn, roimhe nó ina dhiaidh, bhí tuiscint bhunúsach ag an gCadhnach gur bhain an réabhlóid náisiúnta le athrú sóisialta, athrú a d'fhás as prionsabail na Fraince i dtaobh saorántacht: saoirse an duine i dtír shaor ó ansmacht ghallda; comhionannas cearta gach saoránaigh; agus bráithreachas idir aicmí creidmheacha, idir fhir agus mhná, idir tuaith is cathair.

Agus mar aon air sin, bhí tuiscint sármhaith aige ar aicmeachas. Thuig sé nach le fonn mhioscais a dhíol lucht an airgid amach don impiriúlachas, ach d'fhonn a gcuid pribhléideachaí is a gcuid maoin a chosaint is a choinneáil.

Agus má d'fhógair Séamus Ó Conghaíle gurb é an aicme oibre in Éirinn an t-aon oidhre do-thruaillithe ar chath na saoirse, d'fhógair an Cadhnach mar an gcéanna nach bhféadfaí athbheóchain na Gaeilge a chun chun críche mura gcuirfí réabhlóid shóisialta i gcrích freisin.

"Sé dualgas lucht na Gaeilge," dúirt sé, "a bheith ina sóisialaigh. ... Is mar a chéile agamsa ... pobal na Gaeilge a shlánú agus an Ghaeilge a shlánú. Ní féidir an slánú seo a dhéanamh ach le Athghabháil na hÉireann - seilbh na hÉireann agus a cuid maoine uilig a tabhairt ar ais do mhuintir na hÉireann."

Ní raibh an Cadhnach dall ar laigeachtaí na Gaeltachta: is deacair le pobal direóil ar bith aon ghaisce a dhéanamh. Agus thuig sé gur cuid thábhachtach den chath é an pobal Ghaeilge sa nGaeltacht a bhorradh chun troda, ach bhí creideamh láidir aige i gcónaí go raibh tobar na saoirse le haimsiú sa bpobal sin a raibh teanga, sean-stair, sean-tuiscint, is sean-chultúr na tíre sin acu.

Agus cheangal sé ceist na Gaeilge go nádúrtha le cath na saoirse - tréna chuid imeachtaí féin san IRA, tréna fhealsúnacht láidir dhaonnachta a ritheann trína chuid scríbhinní ar fad.

Mar ní féidir, ar ndóigh, labhairt faoin sóisialachas sa gcaoi gur rud teibí é. Baineann sé le daoine fírinneacha, daoine beó, daoine a bhfuil an cumas troda acu ós iad a chruthaíos an saol tréna gcuid oibre.

Agus toisc gur thuig sé daoine, lorg na saoirse ag an té is mó buailte síos - mná ach go háirithe in Éirinn na dtríochaidí - thuig sé go raibh dóchas ag daoine a smaoiníonn: dóchas go mbeidh saol níos fearr acu is ag a gcuid clann, dóchas gur féidir leó an saol a athrú.

Agus sin croí na ceiste, mar amhínigh sé sa bpaimfléad Aisling: "Sé an dóchas an mhaidhmiú chuartach, an chain detonation, a fheicim ariamh anall i stair na tíre. Na géaga giniúna: an dóchas ag gint an mhisnigh agus an misneach ag gint an ghnímh."

Thug sé droim láimh mar sin don fhuaraigeantach réasúin a mhol ceannairí na tíre. "Marach," dúirt sé, "cho míréasúntach is bhí cine Gael ariamh anall is fadó imithe as an stair muid."

Tá gradam is onóir tuillte aige. Go dtuga Poblachtánaigh na linne ómós don cheannródaí!


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland