Top Issue 1-2024

15 December 2005 Edition

Resize: A A A Print

Cliseadh na Stát Aontaithe

Athrú Aeráide - Athnuachan ar Chonradh Kyoto

Tar éis an toradh ráthúil a tháinig ar Chomhdháil Dhomhanda Athraithe Aeráide, chonacthas do chách ar fud na cruinne an cliseadh taidhleoireachta a bhí i ndán do na Stáit Aontaithe, cé go ndearna siad gach iarracht bac a chur ar aon socrú fiúntach ar an gceist ríthábhachtach seo don chine daonna. Rinne na Stáit Aontaithe iarracht bulaíocht a imirt ar thíortha eile na cruinne gan glacadh leis an gconradh nua, ach mar a tharla sé ní raibh aon ghlacadh idirnáisiúnta le seasamh na Meireacánach agus bhí siad fágtha ina n-aonair (seachas an Araib Shábach agus an Astráil) nuair a bhí breis is 180 tíortha ag idirbheartú ar théarmaí an chonraidh nua.

Ag babhta amháin, bhí an cuma ar an scéal go raibh gach tír eile sa domhan dírithe chun dul ar aghaidh gan na Meireacánaigh a bheith páirteach. Shiúl foireann taidhleoireachta na Meireacánach ó na hidirbheartaíochtaí go luath Maidin Aoine seo caite agus tháinig siad ar ais níos déanaí an lá. I ndeireadh thiar thall, shínigh na Stáít Aontaithe an conradh nua ar athrú aeráide.

Cé go gceapfá go bhfuil sé ar leas phobal na cruinne bearta dearfacha a dhéanamh maidir le athrú aeráide, tá lucht rialaithe na Stát Aontaithe tiomnaithe don tuairim nach bhfuil a leithéid d'fhadhb ann is athrú aeráide. Baineann an tuairim seo go mór le tuairimí creidimh an Deas Reiligiúnda nach bhfuil buartha faoi mhilleadh na cruinne ar aon nós agus le riachtanais eacnamaíochta lucht gnó ar mhian leo tabhairt faoi acmhainní na cruinne gan srian. Maíonn an dá leasa seo nach bhfuil aon tionchar ar ghníomhartha an chine daonna ar athrú aeráide agus gur bréagach an fhianaise eolaíochta ina leith a mhaíonn gurb ea.

Go bunúsach tá an conradh nua tiomnaithe go ndéanfar laghdú síos go mór ar astaíocht gháis agus níos mó táirgíocht fhuinnimh athnuachana a bheith ar fáil sa todhchaí - fuinneamh athnuachana ar nós cumhacht na gréine, cumhacht uisce, cumhacht gaoithe, cumhacht taoide agus eile den chineál sin. Tá formhór eoluithe agus leasanna ar son na timpeallachta go mór den bharúil ar feadh roinnt blianta anois go bhfuil géarghá ar an gcine daonna breathnú níos géire ar na malairtí eile chun fuinneamh glan a tháirgeadh. Tá leasanna eile ar ndóigh ab fhearr leo staid cúrsaí mar atá, ar nós na táirgtheoirí ola agus lucht gnó sna Stáit Aontaithe.

Tá neart tráchtairí domhanda ag maíomh anois gurb é an tSín a bheidh le bheith an geilleagar is mó ar domhan agus an tír is cumhachtaí san áireamh agus de réir mar a fhásann geilleagar na tíre sin, is iadsan a beidh na tuaillitheoirí is mó amach anseo. Ach mar a sheasann cúrsaí anois, is iad na Stáit Aontaithe a bheireann leo an corn sin sa lá atá inniu ann, sa chaoi go dóann siad 25% de bhreosla na cruinne in ainneoin dóibh a bheith níos lú ná 5% de dhaonna na cruinne!

Stór Focal

comhdháil dhomhanda world conference

cliseadh taidhleoireachta diplomatic defeat

idirbheartaíochtaí negotiations

leas interest, benefit

gníomhartha an chine daonna human activities

fuinneamh athnuachana renewable energy

táirgtheoirí ola oil producers

tráchtairí domhanda global commentators

geilleagar economy

tuaillitheoirí polluters


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland