Top Issue 1-2024

15 December 2005 Edition

Resize: A A A Print

Dáréag Lá na Nollag - Le Seán Ó Donaile

Buaicphointí agus an Taobh Íseal den Nollaig

An Taobh Íseal-Ionaid Siopadóireachta

Ar an chéad lá ..agus mé óg thug mé cuairt ar "Shaws almost Nationwide" (Ceatharlach agus Luimneach) agus deoch Coke in Burgerking.Bhíomar an soineanta agus cheap mé gurbh ionann trí shiopa agus Ionad Siopadóireachta.

Bhí gá le Ionaid I Luimneach mar bhí sé i gconaí ag stealladh báistí agus scamaill dorcha ós ár gcionn.

Cad as a tháinig an Bhlanch' agus Dúndroma- rinne na aliens agus Paisley cinneadh go mbeadh ar mhuintir an deiscirt fulaingt nuair a thit na spálong gránna seo ón spéir.

In ionad dul ar Aifreann anois, ritheann clanna na tíre ó siopa go siopa le malaí ag crochadh ó gach méar agus iad lán le bruascar , agus ag guí chuig Vera Moda agus Debenhams.

Is comhartha iad na Campa Géibhinn seo ar an sochaí ata ag dul ar strae.

Bhí me ann le deanaí le mo dhgeartháir agus tháinig gruaim orainn I ndiaidh fiche bomaite nuair a d'éalaíomar go lár na cathrach , bhí se níos suaimní bheith I gcuideachat na ngeallt ós comhair an GPO na le lucht an cárta creidmheasa.

B'fhearr liom go mór dul go Hector Grey's, an chéad 'Pound Shop' agus 'Blow Football' a cheannach ar 99C agus an pháirc imeartha bheith clúdaithe l'uisce tar éis cúig bhomaite.

Lucht Leanúna Man United

Níl rud ar bith níos measa ná éisteacht le déagóirí I dTír Chonaill ar La le Stiofáin ag caint faoin bua iontach a bhí ag United ar fhoireann éigin gan airgead, agus ag taispeáint duit a tattoo nua le diabhail air, a bhronn a chailín air mar bronntannas .

Agus iad ag léim thart an Dioscó ag canadh " I Love the Reds" lena geansaí úr ó Vodafone.

Nó leath amadán ó chondae Laois ag caoineadh I ndiaidh 25 pionta Guinness faoin cailliúint uafásach ag Celtic in aghaidh Rangers, mar a tharlaíonn de gnáth um Nollaig.

Agus ag canadh "The Fields of Athenry" leis an 'Dan Breen Celtic Supporters Club" ar son na cúise, mar dheá.

Níl ann ach Soap Opera do fir nach bhfuil rud ar bith eile ina saoil - tá níos mó suim agam in Kathmandu Rovers.

Cóisir Foirne

Anuraidh bhí ár bhfoireann ólta ag a hocht agus landáil an babóg ruibéir ar an mbord agus fo-bhríste dearg 's bán le fluuf air agus bod déanta as seacláid a bhronnadh ar a chéile don Chriskindle.

De ghnáth déanann duine de na fir bogadh isteach ar an glantóir atá daichead bliain níos sinne ná é agus caitheann an chuid eile an oíche ag canadh "and so this is Christmas.." in niteclub éigin lán le Gardai agus múinteoirí ag rith thart le cíocha plaistic orthu.

An gcaithfidh me an oíche ag siúl timpeall Páirc an Fhionnuisce ag cúig ar maidin I ndiaidh an iomarca Red Bulls agus wodkas nó ag caitheamh suas an putóg I leithreas Abrakebabra?!

La Nollag

An mbeidh me I m'aonair nó an mbeidh orm cur suas leis na comharsain ag ofráil leath phionta uisce beatha agus Aintín Maedhbh agus í arais ó Londain lán le brandy agus bladar, ag troid le Uncail Séamas agus e ina chodladh sa choirneáil agus a hata páipéir glas ag clúdach a shúile.

B'fhéidir go gcaithfidh mé mo gheansaí Nollag le triantán agus fir sneachta air agus seasamh ós comhair an tine ag canadh leis an pianó - sin a tharlaíonn I Meiriceá- chonaic mé é ar na scannáin.

Is ám uaigneach é don té ata singil- agus I mbliana ní féidir liom dul go Statoil, an t-aon áit ata oscailte I gCabrach, mar chuir na Lefties bagchat air.

Cartaí Nollag ó pholaiteoirí

Ivor Callely agus e dí-fhostaithe don bhliain úr- cheap me gur chóir an sack a thabhairt dó deich mbliain ó shin nuair a thug sé tús leis na cartaí lofa Nollag agus e ag suí leis na réinfhia I bPáirc an Fhionnuisce.

Le bheith fai-álta do Ivor agus na boic eile , de dheasca an córas anseo san Phoblacht Bhanana , tá go leor polaiteoirí den tuairaim go gcaithfidh siad cartaí a chuir chuig na vótóiríagus ligint orthu go bhfuil siad ag smaoineamh orthu um Nollaig.

Cad a tharla do na cartaí gleoite a bhí ag an gluaiseacht sna seachtaidí le mala Daidí na Nollag lán le Kalshnikovs agus solas an stábla ag teacht ó helicoptar na Sasanaigh- tóg iad arais a deirim !

Buaicphointí an Nollag Páistí

Níl áit ar bith níos fearr le bheith na ar scoil Mí na Nollag ag canadh leis na páistí agus ag eisteacht leo agus aid lán le sceirimíní , ag comhaireamh na laethanta go dtí go dtagann an Fear Mór; ag eagrú ceolchoirm na Nollag agus ag dul chuig Cró na Nollag I gCearnóg Phairneill.

Ce nar chreidim I reiligiún, ar a laghad ma fheiceann siad cró tuigfidh siad go bhfuil níos I gceist ag na soaire seo na Playstations agus beoir.

Larry O'Toole

Níl duine ar bith is fearr le bheith ar Oíche Nollag ná le Larry O' Toole agus ag róstú na cnó capaill ós comhair an tine.

Anuraidh rinneamar plean billeoga don toghchán a scipeadh La Nollag chun cur isteach ar na comharsain , abhi go léir comatose ón teilifís agus turcaí, agus I ndiaidh sin chrochamar an paipéar falla.

I mbliana beimíd ag ceiliúradh titim Shamrock Rovers le Ciaran Heaphey in Óstan Barry's leis na fiftysomethings!

Cill Mhantain

Má ta aer úr agus craic leis na banaltraí ó deisceart na cathrach ag teastail uait, téigh síos

Go Gleann Dá Loch le do bhuaitaisí agus do vinoculars agus an t-aer úr a ligint isteach I do scamhóga.

Seo ceantar Micheal Dwyer, réabhlóidí '98 agus gach Eanair is feidir leat aithris a dhéanamh ar Aodh Rua Ó Dónaill a d'éalaigh go dtí na cnoic ina chos nocht siar san seú aois déag.

Bhuail me le fear 77 blain d'aois ar na sleibhte inné agus e lán le fuinneamh agus samhlaíocht agus é glan ainneolach ar X-Factor agus an 'Celebrity Jungle'.

Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy-

Níl suíomh níos deise chun an fheadóg nó an fidil a sheinnt na faoi scath an Eargail agus casadh le ceoltóirí ón Iodáil, An Astráil agus an Eilbheis , cuid daoibh a fhoghlaimíonn a gceoil ón Idirlíon; na seisiúin bríomhar le bhfidléirí gasta Thír Chonaill; dreapadh suas ar Mhucais nó éisteacht le glór na n-aingil ó mna an cheantair.

An Chlár

Ar an dara la déag den Nollaig thóg mé an bóthar go dtí Chondae an Chláir agus mo mhuintir.

Smaoinigh me ar mo sheanmhathair a thug milseáin baikle dúinn agus braon phoitín a chuir leigheas orainn roimh an la mór; ghearr m'athair crann ón pháirc taobh thiar dúinn agus cheannaigh se treat beag dúinn sa tSionnain; fuaireamar brioscaí agus Fanta don t-aon uair sa bhliain agus líonamar ar mbolg ar maidin ag amharc ar Wanderly Wagon agus Na Indians ó Chabrach ag tabhairt cuairt ar ospidéal na bpaistí I Crumlin; mo Mham' agus na prataí rósta agus an trifle bándearg; muid ag suí thart an seomra suite ag caoineadh ar an scannan 'The Champ' agus ag imirt leadóg bhoird le mo dheartháir, alíon me le scealta bréagch faoi daidí na Nollaig agus é greamaithe sa simléar; agus na sceitiminí orainn ag dul a luí ag fanacht ar rút-a-tút-tút agus Teidí beag buí...

I mblian deanfaidh mé mo dhícheall le m'iníon féin agus aithris a dhéanamh agam ar mo thuistí.

Nollaig Shona!

Ólaigí bhúr shaith ach hithigí barraíocht!


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland