Top Issue 1-2024

1 December 2005 Edition

Resize: A A A Print

Droch stad na nGaelscoileanna - LE RÓNÁN Ó CEALLAIGH

Tá sé bliana déag ó thosaigh méag obair I nGaelscoil na bhFál an iarthar Bheal Feirste.

Bhí muintir na haite faoi chois ag na peas agus bhí go leor daoine óga a bhí neamh - chionntach I ngéibheann , ina measc An Beechmouint Five.

Bhí muintir na Gaeilge faoi ionsaí ón Stat Córas agaus ag am ní raibh ach Gaelscoil amháin sna Sé chondae ag fáil aitheantais ón Rialtas.

Bhí Gaelscoil na bhFál Ionnaithe I sean mhuileann I mbeal an dorais ag bearaic Airm na Sasanaigh agus an t-aon baint a bhí ag an Stat leis an scoil , na nuair a bhris na saighduirí Breataine fuinneogana Naíonáin.

Bhí orainn airgead a bhailiú sna tithe tabhairne áitiúil athann seachtain , chun pa na múinteoirí a ioc agus tharraing an Stát siar deontas Glór na nGael ag an am, mar go raibh Poblachtánaigh pairteach ann - bhí Mc Carthyism I reim agus saineolaí nó bheirt ar an taobh istigh ag suidiú leo.

Creid é nó na chreid , tá an rud ceanna ag tarlú sna sé chondae is fichead le tamall anuas.

Tá caighdéan Gaeilge sna gnáthscoileanna ag dul in olcas go mór agus in go leor scoileanna ní múintear gaeilfe ar bith I gcuid de na ranganna.

Níl toil nó spreagadh ag an Stát an teanga a chur cinn sna scoileanna agus titeann sé ar Phoblachtanaigh go minic an obair mhaslach work a dheanamh.

Ó Cloch na Coillte go Carraig Airt tá Poblachtanaigh agus daoine eile ag cur an chuid oibair deonach isteach chun todhcaí gaeilge a thabhairt dona bpáistí.

Faraor t* an Mc Cartaighism ce*nna ar siúl agus go leor ... polaiteoirí ... ag glaoch Sinn Fein schools nó Provofronts orainn ce gur thosaigh go leor poilaiteoirí an saor Stát a saoil pholaitiúil mar Phríomhoide scoile & rl.

Dhiultaigh an Roinn Oideachas aitheantais do dha Ghaelscoil le deanaí mar go raibh Gaelscoil eile sa sheantar ,cé go bhfuil sé mar pholasaí ag an Stát ar dteanga a chothú.

Níos scannalaí na sin tá 600 Ghaelscoil sa Stat ag feidhmiú as bothain -

Agus fadhbanna go leor ag dul leis na bothain ceanna - francaigh , poill sa díon , easpa teasa , easpa spais & rl.

Tá sé do - chreidthe I re an Tíogar Cheilteach agus na ceadta ostan a thógail thart orainn go bhfuil muid sásta ar bpáistí a chur tre Chóras Oideachais ata ina bhaol sláinte d'ar bpáistí.

Lena choissin tá ceannaire an dara phairtí is mó sa stat ag moladh laghdú a chur ar an gaolie don Ardteist.

Samhlaigh seo ag tarlú I dtír ar bith eile sa domhan.

S'iad na Gaelscoileanna agus na cheantair mórthimpeall - Baile Munna , Bóthar na bhFal nó Fionnghlas an t-aon ait ina bhfuil an teanga ag fás - caithfidh an Stat seo a aithint agus tacaíocht leo sular bhfuil sé ró mhall.

Stór Focal

ceannaire leader

do - chreidthe unbelivable

francaigh rats

easpa lack of

Faraor unfortunately

ag feidhmiú operating


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland