Top Issue 1-2024

1 December 2005 Edition

Resize: A A A Print

Teasú Domhanda

BY Cathal O Murchu

Prótacal Kyoto - Comhdháil domhanda i gCeanada

Tháinig teachtaí ó 189 tír le chéile i gCeanada an t-seachtain seo chun tús a chur le díospóireacht ar thodhchaí an chonraidh a bhaineann le teasú domhanda - an Conradh Athraithe Aeráide Domhanda nó Prótacal Kyoto mar is fearr aithne air. Tá an chomhdháil seo á hurrú ag na Náisiúin Aontaithe. Déanfar plé ar chonradh nua a chur in áit Kyoto agus ar conas is fearr dul i ngleic leis an ngéarchéim domhanda seo atá i ndán don chine daonna. Tá an formhór eoluithe anois den tuairim gur fíric anois é an teasú domhanda in ainneoin go séanann leasanna gnó sna Stáit Aontaithe é seo, ach go háirithe. Ath-idirbheartaíocht i ndáiríre atá ann ar Phrótacal Kyoto mar gheall nach bhfuil na Stáit Aontaithe sásta glactha leis.

Ó a tháinig Bush i gcumhacht sa bhliain 2001, d'fhógair sé go dtréigfidh na Stáit Aontaithe Prótacal Kyoto os rud é gur mhaígh na Meireacánaigh go raibh na téarmaí den phrótacal seo ag srianadh a ngeilleagar. Ba chúis mhór i measc eite dheis na tíre sin Prótacal Kyoto a scoir roimhe sin. Tá an seasamh seo cáinte go mór ag tíortha san Áis agus san Eoraip. Tá formhór na n-ionaduithe anois ag samhlú an bhfuil na Méireacánaigh dáiríre faoin ngá go ngearrfar síos ar astaíocht gháis ar mhaithe leis an dochar don timpeallacht a laghdú. Tá toghlach mór sa tír sin ó dheas reiligiúnda, ó lucht gnó agus ó na nua-choimeádaigh a shéanann a leithéid de rud is teasú domhanda.

An plean atá á mholadh ag Bush faoi láthair ná go gcuirfear scéim dreasachta ar fáil do chomhlachtaí ar bhonn deonach chun gearradh síos 4.5% ar astaíocht gháis thar tréimhse deich mbliana. Mar a sheasann sé anois le Prótacal Kyoto, tá dualgas éigeantach ar na comhlachtaí go léir gearradh síos 33% ar astaíocht gháis, conradh a shínigh Riarachán Clinton thar ceann na Stát Aontaithe i 1997. Is léir go ndéanfaidh an plean nua seo laghdú tubaisteach ar dhualgais Kyoto. Is é na Stáit Aontaithe an tír is mó ar domhan a tháirgeann gáis an tí ghloine.

Ó na deireadh ochtóidí ar aghaidh tá tuiscint níos fearr ag pobal na cruinne agus ag eoluithe faoi theasú domhanda agus faoin dochar timpeallachta atá tionsclú gan srian freagrach as. Mar atá ráite tá leasanna a shéanann an fhadhb, ach chun dul i ngleic leis an bhfadhb mar is ceart, caithfear glacadh leis an bhfianaise eolaíochta agus leis an scéal mar atá. Glacadh go luath fiche bliain ó shin go raibh an gás CFC freagrach as ucht damáiste a dhéanamh don chrios O-zóin agus gearradh síos go mór ar tháirgíocht agus ar astaíocht an gháis seo. Tá fianaise ann anois go bhfuil deireadh ag teacht ar mhéadú na bpoll sa chrios agus go bhfuil sé ag deisiú é féin.

I ndáiríre, tuigeann lucht gnó go maith an dochar a dhéanann an modh áirithe tionsclaíochta don chruinne, ach sa chóras caipitleach is níos tábhachtaí cúinsí brabúis ná cúinsí daonna.

Stór Focal

teasú domhanda global warming

Conradh Athraithe World Climate

Aeráide Domhanda Change Treaty

ath-idirbheartaíocht renegotiation

deas reiligiúnda religious right

lucht gnó business sector

nua-choimeádaigh neo-conservatives

astaíocht gháis gas emissions

gáis an tí ghloine greenhouse gases

crios O-zóin O-zone layer

cúinsí brabúis profit concerns


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland