Top Issue 1-2024

24 November 2005 Edition

Resize: A A A Print

Cogadh na gCoiriúlach

Le déanaí tá neart cloiste againn faoi choiriúlaigh ag tabhairt faoina chéile le ionsuithe báis. An t-seachtain seo caite chualathas faoi triúr fear óga a gunnaíodh síos i mBaile Átha Cliath i ndá ionsaí a tháinig ar dhroim a chéile. Baineann na heachtraí áirithe seo le cogadh idir dhá dhream de scata coiriúl drugaí ó Chromghlinn in Iarthar na cathrach a eascraigh ó argóint eatarthu ocht mbliana ó shin. Ní ann ach an babhta is déanaí den scatamharú idir coiriúlaigh áirithe na tíre seo.

Ach baineann na scatamharuithe seo le fadhb níos bunúsaí inár sochaí sa chaoi go n-eascraíonn luachanna (nó easpa luachanna) na gcoiriúlach ó mheathlú na sochaí caipitlí nó ó bhunluachanna na sochaí céanna. Gné eile a bhaineann leis an bhfadhb sóisialta seo ná fadhb níos leithne i gcoitinne. Is é sin an fhaillí phóilíneachta atá déanta ag na Gardaí Síochána agus ag an SPTÉ (PSNI) ar phobail luchtoibreacha sa tír in iomlán. Go ginearálta, i sochaithe caipitleacha, tá i bhfad níos mó béime ag an bpóilíneacht i gcosaint gabhaltais ná i gcosaint daoine, ach sa tír seo is léir nach mbactar fiú leis an gcur i gcéill go gcosnaíonn siad an pobal.

In eastáit tithíochta ar fud na tíre, tá scataí buachaillí óga ag raonnú timpeall agus is minic a chuireann cuid mhaith acu as do mhuintir na háite le hiompar frith-shóisialta. Tagann an chineál iompar seo ón easpa infheistíochta déanta ag an Rialtas ar na pobail luchtoibreacha seo le ganntanas áiseanna do dhaoine óga agus don pobal i gcoitinne. As mionlach beag de na scataí buachaillí óga a thagann na coiriúlaigh is measa. Is léir go bhfuil a lán de na fadhbanna sóisialta ag cothú a chéile - easpa infheistíochta poiblí nó sna pobail thíos faoi, easpa póilíneachta cuí, cothrom agus ceanúil, easpa seirbhísí sóisialta chun déileáil le páistí is mó de dhíth cabhrach, agus mar sin de.

Ach ní bhaineann na fadhbanna sóisialta leis an gcathair amháin mar is eol do a lán de mhuintir na tuaithe. Le déanaí cuireadh Pádraic Nally i bpríosún tar éis a lámhaigh sé coiriúlach a eascraigh ón Lucht Siúil. Bheadh sé míchóir agus mícheart an Lucht Siúil i gcoitinne a cháineadh mar gheall ar ghníomhartha dream cóiriúil beag ina measc ach ní féidir a shéanadh go mbíonn an-fhaitíos agus an-eagla ar sheandaoine ina gcónaí leo féin faoin tuath. Gan amhras is ón eagla seo a eascraigh an eachtra thragóideach seo sa chaoi gur mhothaigh an tUasal Nally nach raibh aon chosaint aige ach ina lámha féin. Léiríonn an scéal seo an easpa póilíneachta a bhathann muintir na tuaithe.

Áit ina bhfuil folús póilíneachta, tiocfaidh na coiriúlaigh isteach chun an folús sin líonadh.

Stór Focal

coiriúlaigh criminals

scata coiriúla drugaí criminal drug gang

scatamharú gangland killing

meathlú malaise

pobail luchtoibreacha working class communities

cosaint gabhaltais protection of property

ag raonnú roaming

iompar frith-shóisialta anti-social behaviour

easpa infheistíochta poiblí lack of community investment

easpa póilíneachta cuí lack of proper policing


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland