Top Issue 1-2024

24 November 2005 Edition

Resize: A A A Print

Cé a thabharfaidh aire do na páistí?

BY Cathal O Murchu

Cúram Leanaí Géarchéim náisiúnta do theaghlaigh óga

Sa tsochaí ina mairimid anois is cosúil go bhfuil níos mó tábhachta ag gabháil le geilleagar na tíre seo ná aire cuí a chur ar fáil do shaoránaigh an todhchaí. Is é sin le rá go n-éilíonn an tsochaí seo againne níos mó sna láithreacha oibre ná mar a éilítear sna tithe teaghlaigh. Mar is eol don chuid is mó, maíonn Forógra na Poblacht go bhfuil an Phoblacht "chomh ceanúil céanna ar chlann uile an náisiúin." Sa Dá Stát ó thuaidh agus ó dheas, áfach, neamhaird a thugtar ar an móid seo, agus cén iontas é seo nuair a thugtar isteach san áireamh gur stáit iarchóilíneacha an Dá Stát i gceist. Sochaí chaipitleach i gcoitinne ina mairimid go léir le béim ar saibhreas do lucht maoine seachas cáilíocht bheatha do chách.

Sa lá atá inniu ann, tá ar beirt tuismitheoirí dul amach ag obair anois in ainneoin am méid clainne atá le tógáil acu. In ainneoin mar a bhí sa lá atá thart, is mná 41% dóibh siúd ag obair anois. Cé go gcothaíonn an modh nua seo níos mó ionannais sa bhaile na mar a bhí roimhe, fágtar fíorbheagán ama chun tógáil clainne. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil an-chuid leanaí sa tír seo ag fáil an cothú agus an aire atá de dhíth acu. Agus is de dheasca seo a bheidh a lán iarmhairtí sóisialta le titim amach sa todhchaí agus tá a lán de hiarmhairtí an phróisis seo feicithe sa Bhreatainn agus sna Stáit Aontaithe. Eascraíonn an-chuid fadhbanna sóisialta ó theaghlaigh a bhfuil ar na tuismitheoirí an iomarca ama a chaitheamh ag obair, chomh maith leis an gcaoi ina dtógtar eastáit tithíochta ar fud na tíre anois gan áiseanna cuí agus pleanáil cuí do dhaoine a bhfuil le cónaí iontu.

Is léir ón méid seo go bhfuil dualgas mór ar an stát seasamh isteach agus an cúnamh a thabhairt mar is cuí do theaghlaigh oibre. Ciallaíonn sé sin go bhfuil géarghá le hinfheistíocht i gcúram leanaí sa chaoi go mbeadh sé sothagtha dóibh siúd atá ag streachailt ar atá á dtuilleadh acu agus atá de dhíth an tseirbhís seo a bheith acu. In a lán tíortha ar Mhór-roinn na hEorpa, cuireann na Rialtais éagsúla leasuithe agus faoisimh ar fáil do theaghlaigh óga. Sa Danmhairg agus sa tSualainn mar shampla, tá sé tuillte ag aithreacha dul ar athrachas ar feadh bliain ar a laghad. Sa Ghearmáin, sa Fhrainc, san Ísiltír agus a lán tíortha eile, cuireann na Rialtais go mór le hinfheistíocht i gcúram leanaí - créche agus kindergarten mar shampla.

I sochaí a éilíonn ar beirt tuismitheoirí dul amach ag obair, caithfidh an tsochaí seasamh isteach chun cuidiú le teaghlaigh óga.

Stór Focal

cúram leanaí childcare

geilleagar economy

stáit iarchóilíneacha postcolonial states

sochaí chaipitleach capitalist society

cáilíocht bheatha quality of life

iarmhairtí sóisialta social consequences

eastáit tithíochta housing estates

infheistíocht investment

sothagtha available

dul ar athrachas paternity leave


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland