Top Issue 1-2024

10 November 2005 Edition

Resize: A A A Print

Cad is fiú an Ghaeilge? LE GRACE VAUGHEY

Thomas Davis

Thomas Davis

"A people without a language of its own is only half a nation. A nation should guard its language more than its territories - 'tis a surer barrier, and more important frontier, than fortress or river"

- Thomas Davis.

An bhfuil an teanga fos i mbarr a sláinte sa tir seo? Ní feidir a shéanadh ach gur fadhb mhór i gceist anseo. Nach cuimhin libh an t-am nuair a bhí naire an Domhan ar gach daoine maidir leis a gcuid Gaeilge, mar bhí caidreamh láidir idir an teanga féin agus neamhlitearthacht, bochtaineacht agus iompaitheacha. Agus anuas ar seo, chuir na Sasanaigh cosc ar an muineadh an Ghaeilge sna scoileanna, agus, ar ndoigh, an Gorta Mór, i lar na naoú haoise déag, nuair a cailleadh na milliúin daoine de bharr an ocrais, agus chuaigh thart ar mhilliún ar imirce, agus an teanga labhartha in éineacht leo. Cinnte, rinne daoine agus cumainn gach iarracht chun na fadhbanna iad seo a sháraigh, cosuil le Hyde, MacNeill, agus Mhic Phiarais, agus an "Gaelic League" agus "Gaelic Journal".

Ach, cad atá i gceist sa lá atá inniu ann? Bhuel, deirimse é seo go neamhbhalbh - Silim go bhfuil a lán daoine ar fád sa tir seo sásta teanga coimhthíoch agus eachtrannach a labhairt. Tá sé seo mi-cheart, dar liomsa, gan dabht. Níl dabht ar bith i m'aigne go treisionn sí ár n-íomhá mar náisiún neamhspleach. "Tir gan teanga, tir gan anam" agus is é mo thuaraim, go bhfuil an sheanfhocáil seo thar a bheith oiruínach.

Ar an gcead dul sios, tá coincheap na Ghaeilge ag athrú go tapa. Tá a chion féin déanta ag Raidió na Gaeltachta, TG4, agus na nuachtáin Foinse agus Lá ar son na teanga freisin. Thugann siad deis do dhaoine éisteacht leis an nGaeilge agus a gcuid scileanna teanga a fhorbairt. Tá níos mó measa ag a lán daoine mar theanga anois.

Deir a lán daoine mura bhfuil Gaeilge acu "Oh, bhuel bhí muinteoir uafasach agam nuair a bhí mé i mbunscoil" (Ach, deireann siad sin as bearla, ar ndoigh!), ach ceapaimse féin go bhfuil sé difriuil anois, nó tá súil agam go bhfuil sé, ar aon nós. Faoi lathair, tá an teanga á teagasc ar shlí níos taitneamhaí. Agus silim go bhfuil sé tabhachtach ar fad go mbionn béim láidir ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta go hairithe, seachas ar an litríocht agus ar an bhfocal scríofa.

Tá deiseanna suntasacha ann chun forbairt ollmhór a dhéanamh ar chúrsaí cultúrtha i gcoitinne. Nil an Rialtas ag deanamh a lán rud, agus ní leor sin ar bith. Mar shampla, tá cupla pointí ag Sinn Fein madir leis ár dteanga ins a polasai culthurtha, agus ceapaim go beimid in ann na cuspóirí sin á ngnóthú - na nuachtáin Ghaeilge a chothú le tacaíocht ó chiste an rialtais; polasaí dátheangach a chur i bhfeidhm i ngach foirgneamh poiblí, agus i ngach údarás poiblí; córas aistriúcháin a bheith ar fáil i ngach údarás tofa; agus maoiniú méadaithe a thabhairt do Fhoras na Gaeilge.

An bhfuil aon solas ag deireadh an tolláin? Gan dabht, tá bother mór oibre os ár gcomhair amach, ach má oibritear le cheile, is feidir a leigheas. Tá orainn Gaeilge a bisigh sna búnscoileanna agus ag an dara leibhéal, agus béim a chur ag na Ghaeltachtaí, agus níos mo ranganna Gaeilge a eagraigh. Agus arís, cupla focal ón Thomas Davis, mar bhí dearcadh dochasach agus álainn aige, agus is rud inspioráideach é

"Brighter days shall surely come, and the green flag shall wave on our towers, and the sweet old language be heard once more in college, mart, and senate... we will hand down to our descendants proofs that we had a language as fit for love, and war, and business, and pleasure, as the world ever knew..."

Ní neart go cur le cheile.

Stór Focal

Neamhlitearthacht. Illiteracy

Bochtaineacht Poverty

Cosc Ban

Gorta Mor The Great Famine

Coimhthíoch Alien, Foreign

Neamhspleach Independent

Oiruínach Suitable

Coincheap Concept

Deis Chance, Opportunity

Dátheangach Bilingual

Cuspóirí Objectives

Dearcadh Outlook

Dochasach Hopeful

Ni neart go cur le cheile United we stand


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland