Top Issue 1-2024

3 November 2005 Edition

Resize: A A A Print

Láthair catha sroichte

Na Ceardchumainn - Deis le haghaidh ré nua

Tá deis mhór ann anois do cheardchumainn na tíre seo a chur in iúl go bhfuil ábharthacht ag baint leo fós agus deis acu freisin athnuachan a dhéanamh orthu féin sa chaoi go dtabharfaidh siad ionadaíocht chuí dá mbaill. Tá láthair catha sroichte ag lucht oibre na tíre seo mar gheall ar moladh atá ag teacht ó bhainistíocht Irish Ferries. Is éard atá beartaithe acu ná fáil réidh lena gcuid oibrithe dúchasacha agus oibrithe eachtranacha ó áisíneachtaí fostaíochta a fhostú ina n-áit. Tá bainistíocht Irish Ferries ag brú an moladh seo sa chaoi go mbeidh 'an mhargaíocht shaothair níos iomadúla.' Ciallaíonn sé sin oibrithe a íoc níos lú, bíodh iad Gaeil nó Gaill. Tuigtear go maith na himpleachtaí a bhfuil i ndán d'oibrithe na tíre seo, ní amháin in Irish Ferries ach i láithreacha oibre eile, má éiríonn leis an mbainistíocht an moladh seo a chur chun críche.

In ainneoin go raibh formhór na gceardchumann bainte leis an bpáirtnéireacht shóisialta ó 1987 ar aghaidh sa lá atá inniu ann, is cosúil go bhfuil an pháirtnéireacht shóisialta chéanna seo i mbaol mar gheall ar aighneas atá titithe amach idir lucht oibre na tíre agus bainistíocht Irish Ferries. Comhréiteach idir ceannairí na gceardchumann ar taobh amháin agus an rialtas, na fostóirí agus a leasuithe siúd ar taobh eile atá sa pháirtnéireacht shóisialta. Maíodh an comhréiteach seo mar réiteach ar choimhlint na n-aicmí, ach i ndáiríre seift a bhí ann chun na hoibrithe a choimeád faoi ghlas sa chomhréiteach agus gan cur i gcoinne na fostóirí. Ach mar gheall ar an seasamh lag ón rialtas ar sampla den mhí-úsáid cearta oibre seo, níl mórán rogha ag ceannairí coimeádacha na gceardchumann ach cur i gcoinne. Níl bheadh mórán seasaimh phoiblí fágtha acu dá nach ndéanfaidís.

Cé gur ghluaiseacht ilchineálach chasta le han-chuid éagsúlachtaí polaitíochta is ea gluaiseacht na gceardchumainn, den chuid is mó is ceannairí coimeádacha le claonadh den Pháirtí Lucht Oibre (mar dhea!) atá in uasal réim sa ghluaiseacht seo. Ghlac na ceannairí seo an ról chucu féin a mbaill a chur ar iall ghearr sa chaoi nach mbeadh coimhlint ann ó a ghlac siad le páirtnéireacht shóisialta i 1987. De réir a chéile, tá an-chuid meas caillte ag a lán oibrithe sna cheardchumainn agus tá laghdú tubaisteach ag teacht ar líon na mball de dheasca sin. Cé gur chosúil nach rachaidh an cheannaíocht isteach sa pháirtnéireacht shóisialta an babhta seo, níl a lán creidiúint acu i measc formhór na n-oibrithe.

Is mar gheall ar seo go bhfuil deis nua ann do ghluaiseacht na gceardchumann iad féin a athnuachan agus dul idtreo níos raidiciúla agus níos trodaí fós. Ta sé thar a bheith tabhachtach go gcuirfidh cultúr níos daonlathaí agus níos rannpháirtiúla i bhfeidhm sa ghluaiseacht nua. B'fhiú a chuimhniú gur mhol an Conghaileach an tuairim 'aon cheardchumann mór amháin' ar nós na Wobblies a bhí ann tráth. Agus ar aon leis an traidisiún sin tá Ceardchumann Oibrithe Neamhspléach (nó IWU i mBéarla) bunaithe chun aisling a chur i gcrích. Go n-eirí leo!

Stór Focal

ábharthacht relevance

áisíneachtaí fostaíochta employment agencies

an mhargaíocht shaothair the labour market

páirtnéireacht shóisialta social partnership

comhréiteach accord

coimhlint na n-aicmí class struggle

seasamh poiblí public standing

ilchineálach varied

creidiúnt credibility

níos rannpháirtiúla more participative


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland