Top Issue 1-2024

27 October 2005 Edition

Resize: A A A Print

Aodh Rua Ó Domhnaill

Red Hugh O'Donnell's correct name is Aodh Rua Ó Domhnaill. An old prophesy said that when Aodh succeeded Aodh, the O'Donnells would lead Gaelic Ireland to freedom from the English. And in 1601, with his ally Hugh O'Neill Red Hugh O'Donnell was on the verge of achieving that.

Rugadh Aodh Rua Ó Domhnaill sa bhliain 1573, agus tógadh é le Mac Suibhne, tiarna Fhánaid i dtuaisceart Dhún na nGall. Mar bhuachaill óg, thuig muintir Uí Dhónaill gur dhuine cróga é agus bhí cáil agus meas air i measc a mhuintire fhéin. Faoin am go raibh sé ina dhéagóir, thosaigh muintear thuaisceart na tíre ag cur síos ar an seanscéal go mbeadh an bua ag Aodh Mac Aodh ar na Sasanaigh. Ach bhí míbhuntáiste ag baint leis an gcáil seo, mar sar i bhfad cuireadh na scéalta seo in iúl do na Sasanaigh.

Nuair a bhí sé 14 bliana d'aois, rinne Lord Deputy Perrot, mac le Anraí VIII, Rí Shasana, iarracht breith air Aodh Rua. Chuir Perrot long a bhí lán d'fhíon go Loch Súile. Nuair a shroich an long Dún na nGall chuir an captaen teachtaireacht go Clann Mhic Suibhne go raibh fíon aige le díol agus go raibh fáilte rompu teacht ar bhord na loinge chun béile a bheith acu, agus an fíon a bhlaiseadh. Ghlac Chlann Mhic Shuibhne leis an gcuireadh, ach i ngan fhios dóibh bhí slua de shaighdiúrí Sasanacha i bhfolach ar an mbád.

Thuigeadar go tapaidh go rabhadar gafa, ach d'éirigh le Mac Suibhne saoirse gach duine a shocrú, trí airgead a íoc thar a gceann, ach amháin saoirse Aodh Uí Dhomhnaill. Ba chuma cé mhéad airgid a bhí Muintir Uí Shuibhne sásta íoc as saoirse Aoidh, bhí sé soléir nach nglacfadh na Sasanaigh le hairgead, agus gur fúdú Aodh Uí Domhnaill a bhí mar aidhm ag na Sasanaigh ó thús. Thógadar Aodh go Caisleán Átha Cliath, agus cuireadh i bpríosún é ansin i túr Birmingham. Scaip an scéal trí Thír Chonaill faoinar tharla don laoch óg seo, agus bhí an-fhearg ar mhuintir na tíre faoi fheillbeart na Sasanach.

I dTír Chonaill, bheartaigh máthair Aodh Rua (an t-Iníon Dhubh) saoirse a mic a fháil agus Tír Chonaill a chomeád faoi smacht go dtí go mbeadh Aodh saor arís, agus go mbeadh sé inann a bheith mar Thaoiseach ar chlann Uí Dhomnaill agus mar Thánaiste ar a Ghallóglaigh.

Sa bhliain 1590, d'éirigh le hAodh éalú ó Chaisleán Átha Cliath ach gabhadh arís é go luath ina dhiaidh sin. An bhliain ina dhiaidh sin, 1591, d'éalaigh Aodh arís le beirt mhac le Seán Ó Néill. Bhíodar fuar fliuch agus caillte i sléibhte Chill Mhaintáin sular bhuaileadar faoi dheireadh le hóglaigh Fhiach Mac Aodh Ó Broin. Fuair Áirt bás agus bhí tinneas ar Aodh Rua de bharr an fhuacht agus an dó seaca. Tháinig biseach ar Aodh go tapaidh, cé gur chaill sé méar coise.

Bhí áthas ar mhuintir Thír Chonaill faoi éalú Aodh, rinne sé conradh le Muintir Uí Néill, agus bhí sé mar thaoiseach ar a ríocht. Faoin mbliain 1594, bhí Aodh Óg Uí Dhomhnaill ina cheannaire ar na Gallóglaigh in aghaidh Shasana le linn Cogadh na Naoi mBliain.

Sar i bhfad d'éirigh leis an dá Aodh smacht a fháil ar Uladh, agus ar Shligeach go luath i dhiaidh sin. Bhí an bua acu freisin ag Áth na mBrioscaí, ag Cluain Tiobraid and ag Béal an Átha Buí. D'éirigh le hAodh Rua agus le hAodh Ó Néill mór-chuid den tír a bhuachaint ar ais ó na Sasanaigh. Ach sa bhliain 1601, tharla tubaiste Cionn tSáile deich mbliain ón lá gur éalaigh Aodh ó Chaisléan Átha Chliath.

I ndiaidh chath Chionn tSáile chuaigh Aodh Rua go dtí an Spáin chun cabhair breise a fháil. Ach laistigh de bhliain, bhí Aodh Ó Domhnaill marbh, é dúnmharaithe le nimh ar órdú Mountjoy. Cuireadh Aodh Ó Domhnaill sa Spáinn, ina bhfuil a chorp go dtí an lá atá inniu ann.

Stór Focal

Aodh Hugh

Seanscéal legend

Teachtaireacht message

I bhfolach hidden

Feillbheart treatchery

Tubaiste calamity

Dúnmharaithe murdered

Nimh poisin


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland