Top Issue 1-2024

27 October 2005 Edition

Resize: A A A Print

Rosa Parks - Trodaire ar son cearta sibhialta

BY Cathal O Murchu

Oidhreacht Rosa Parks

Ar an Luan seo caite, fuair bean mhisniúil chróga chalma bás darbh ainm Rosa Parks. Mhair sí in aois 92 di. Cuimhnítear uirthi mar bhean ó bhunús Afra-Meiriceánach a dhiúltaigh stádas dara-aicmeach nuair a dhiúltaigh sí bogadh óna suíochán ar an mbus d'fhear geal i gCathair Montgomery i Stát Alabama sna Stáit Aontaithe. Cé go raibh sé in éadan an dlí ansin do dhuine gorm gan a shuíochán a ghéilleadh do dhuine geal ar bhus poiblí, maraon leis na Dlíthe Jim Crow a mhaígh gur daoine den dara aicme iad an pobal gorm, sheas sí suas dá cearta daonna. Seasamh cróga a bhí ann i gcoinne sochaí agus córas ciníoch a d'imir cos ar bolg ar an bpobal gorm go háirithe agus ar lucht an mbocht i gcoitinne.

Is ón eachtra seo i Mí na Nollag 1955 a d'eascair an ghluaiseacht chearta sibhialta sna Stáit Aontaithe. Tháinig Martin Luther King ón gcathair chéanna agus d'eagraíodh agóid mhór an oíche dar gcionn. Ón am sin ar aghaidh, sheas an pobal gorm óna staid chromtha agus d'éiligh siad na cearta a bhí dlite dóibh mar shaoránaigh agus rinne siad dúshlan i gcoinne an 'stát apartheid' ina mhair siad ann. Tugadh faoi na dlíthe leithlisithe sna Stáit Theas a aisghairm ar nós leithlisiú sna scoileanna agus sna hollscoileanna, neamhfhéidearthacht chlarú chun vótála agus éigearta eile den chineál sin. De réir mar a fhás an ghluaiseacht le tuilleadh mórshiúlta agus níos mó daoine ag glacadh páirte ann, cuireadh an scéal seo faoi bhráid do phobal níos leithne ná riamh. Sula bhfad, bhí an tír go léir agus an domhan freisin ag féachaint ar an scéal seo agus cuireadh na bréagnuithe a bhain le sochaí Mheiriceá os comhar phobal an domhain. Sna seascaidí, rinne an tUachtarán dlí cónascach den Acht Chearta Sibhialta i 1964. Cé nár réítigh an beart seo na héagóracha go léir sa phobal gorm, bua an-suntasach a bhí ann.

Bhí himpleachtaí forleithne ann a chaoi gur thosaigh an ghluaiseacht chearta sibhialta sa chaoi nach mbeadh sochaí Mheiriceá (cé nach bhfuil an cheist sin réitithe ach an oiread). Ach ní amháin sin, chonacthas ar fud an domhain daoine brúite síos (i dtír in ainm is a bheith is saoire ar domhan!) ag seasamh suas agus gan dóibh glacadh leis na héagóracha agus na héigearta. Níl aon amhras ann ach gur spreag sé seo gluaiseacht chearta sibhialta na Sé Chontae sna deireadh seascaidí agus rinne an pobal náisiúnach éileamh ar chothromaíocht i sochaí na Sé Chontae. In ainneoin a tharla sna Stáit Aontaithe, níor ghlac an rialtas aontachtóireach fiú amháin oiread is aitheantas chearta sibhialta a bheith ag náisiúnuithe. Cé gur éiligh na náisiúnuithe na cearta seo go síochánta, chaith na haontachtóirí go foréigeanach leo. Níl aon amhras gur mar gheall ar seo agus Domhnach na Fola a bhí ar náisiúnuithe agus poblachtánaithe troid ar ais. In ainneoin breis is tríocha bliain cogaíochta, níl aitheantas oifigiúil tugtha fós do chearta sibhialta.

Stór Focal

stádas dara-aicmeach second class status

fear geal white man

Dlíthe Jim Crow Jim Crow Laws

pobal gorm Black community

a bhí dlite dóibh that they were entitled to

dlíthe leithlisithe segregation laws

neamhfhéidearthacht impossibility

dlí cónascach federal law

éagóracha injustices

go foréigeanach violently


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland