Top Issue 1-2024

20 October 2005 Edition

Resize: A A A Print

Bac ar dul chun cinn - LE CATHAL Ó MURCHÚ

Alex Reid: Na hAontachtóirí agus a thaifead rialaithe

Tar éis an méid atá ráite ag an Athair Alec Reid faoi na hAontachtóirí a bheith cosúil le Naitsithe, ceadaítear do na hAontachtóirí é seo a úsáid mar leithscéal chun cosc nó bac a chur ar aon dul chun cinn polaitiúil. Ní hé seo an chéad uair atá sé seo déanta acu.

Tá an-chonspóid ann i láthair na huaire mar gheall ar an méid atá ráite ag an Athair Alec Reid nuair a dúirt sé gur chaith "na hAontachtóirí leis na Náisiúnuithe ar an gcaoi céanna agus a chaith na Naitsithe leis na Giúdaigh." In ainneoin nárbh é, b'fhéidir, an rud ba chiallmhaire dó a rá agus ag tabhairt san áireamh an dualgas poiblí atá air, is fíorannamh a dhéantar géarfhéachaint ar ról na nAontachtóirí sa choimhlint seo ar an gcéad dul síos. Tá na meáin i gcoitinne ag cáineadh an tAthair Reid tar éis dó na hAontachtóirí a cháineadh. Ach mar a tharlaíonn sé, réitíonn tuairimí Alec Reid le formhór a cheapann Náisiúnuithe sa tír seo, cé nach gceapfá sin má bhratar ar meáin na tíre seo meon an phobail a chur in iúl. Go hidirnáisiúnta, tuigtear go maith ar an ról suarach d'imir na hAontachtóirí ar na Náisiúnuithe.

Féachaimis ar feadh seal beag ar an gcaoi a chaith na hAontachtóirí ar Náisiúnaithe le linn dóibh a bheith i gcumhacht tar éis críochdheighilt na tíre seo. I 1920, nuair a bunaíodh an stát ó thuaidh, bunaíodh Constáblacht Ríoga Uladh agus an Chonstáblacht Speisialta B chun cumhacht na nAontachtóirí a chur i bhfeidhm. Rinne siad an-iarracht na Caitlicligh a d'íbrigh as cuid mhaith do na Sé Chontae agus fuair na céadta bás de bhrí seo. Ba iad Óglaigh na hÉireann an t-aon chosaint a bhí ag an bpobal Náisiúnach ag an am seo agus gan an chosaint seo, is ar éigean go mbeadh pobal Náisiúnach i mBéal Feirste. Is i mBéal Feirste a bhí an foréigean is measa.

Le linn 50 bliain do na hAontachtóirí a bheith i gcumhacht iomlán i dTuaisceart Éireann, níor glacadh leis an bpobal Náisiúnach mar shaoránaigh. Dúirt Basil Brooke, iar-Phíomh Aire Thuaisceart Éireann, go bhfreastlóidh "Pairlimint Protastúnach ar an bPobal Protastúnach". Mhaigh sé freisin do fhostóirí Protastúnacha "gan Caitlicigh a fhostú mar go bhuil siad mídhílis." Ar feadh an tréimhse seo agus ar aghaidh go dtí an tréimhse ina dhiaidh sin, bhí an pobal Náisiúnach thíos faoi i dtaobh fostaíochta, tithíochta, cearta sibhialta, oideachais, eacnamaíochta, gnó agus beagnach gach gné den tsochaí a d'fhéadfá a shamhlú. Úsáideadh claonroinnt toghlaigh chun a chinntiú go bhfanfaidh na hAontachtóirí i gcumhlacht i ngach gné den tsochaí is ab fhéidir leo.

Ní anseo ar ndóigh ach sracfhéachaint bheag ar thaifead na nAontachtóirí úd. An scannal is mó a bhaineann leis an méid a dúirt an t-Athair Alec Reid ná an chaoi a chaith an bhunaíocht pholaitiúil agus na meáin anuas air agus nár dhearna siad an caitheamh anuas céanna ar thaifead rialaithe na nAontachtóirí ó shin, chomh maith leis an mbac agus an cosc atá déanta ag na hAontachtóirí ar réiteach síochánta polaitiúil a chur i bhfeidhm le déanaí. Is cosúil gur féidir freastal ar dá thrá más Náisiúnuithe agus Aontachtóirí i gceist!

Stór Fhocal

conspóid ...... controversy

Naitsithe ...... Nazis

Giúdaigh ...... Jews

géarfhéachaint ...... close scrutiny

críochdheighilt ...... partition

Constáblacht Ríoga Uladh ...... RUC

claonroinnt toghlaigh ...... gerrymandering

sracfhéachaint ...... glimpse

an bhunaíocht pholaitiúil ...... the political establishment

réiteach síochánta polaitiúil ...... peaceful political settlement


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland