Top Issue 1-2024

29 September 2005 Edition

Resize: A A A Print

Scoir armlón na Breataine

Túr faire de chuid armlón na Breataine

Túr faire de chuid armlón na Breataine

Dímhíleatú

Am do na Breatanaigh a ndualgaisí a chomhlíonadh

LE

CATHAL Ó MURCHÚ

With the IRA delivering on commitments made in relation to the weapons issue and the end of its armed campaign, the ball is firmly in the court of the British Government and unionists to deliver on their obligations under the Good Friday Agreement.

One of these, which impinges on the lives of many communities in the Six Counties, is for the British military garrison to demilitarise and dismantle its facilities allowing local people to live free from harassment and intrusion in their daily lives.

Anois go bhfuil beart chun na gléasanna troda a chur as feidhm déanta ag na hÓglaigh, anois díríonn an cheist ar gharastún na Breataine sa tír seo agus ar a ndualgaisí siúd chun tús a chur le dímhíleatú. Mar a sheasann sé anois, tá na Sé Chontae ar ceann de na críocha is míleataithe ar domhan go háirithe nuair a áirítear an méid bunáiteanna míleata atá tógtha acu. Tá Deisceart Ard Mhacha loitithe go mór ag na bunáiteanna seo ach go háirithe le túir fhaire agus beairicí ollmhóra i gCros Mhic Lionnáin.

Bhí sé fógraithe ag Rialtas na Breataine go ndéanfaidh siad laghdú suntasach ar an ngarastún Breatanach sna Sé Chontae tar éis a d'fhógair Óglaigh na hÉireann go raibh siad ag seasamh síos. Ón ngarastún12,000 saighdiúir atá lonnaithe sna Sé Chontae, tá sé beartaithe é seo a laghdú síos go 5,000 saighdiúir. Tá sé beartaithe Reisimint Ríoga na hÉireann a scoireadh go huile is go hiomlán. Chomh maith le sin tá sé beartaithe ag Tony Blair formhór na nbunáiteanna míleata a tharraingt síos. Leis an méid seo beartaithe táthar ag fanacht fós ar an bpróiseas dímhíleataithe a chur i gcrích agus níl aon amchlár socraithe i dtaobh seo a dhéanamh go fóill.

In ainneoin an méid atá ar eolas ag an bpobal, tá Forsaí Slándála an Choróin fós i mbun a n-ionadaí seiceála i nDeisceart Ard Mhacha agus ag cur isteach ar mhuintir na háite ansin. Tá láithreacht mhór mhíleata acu ansin. Mar a tharla sé tá sé seo méadaithe ón am a fógraíodh Sos Comhraic na n-Óglach sna naochadaí. Feictear patróil rialta le airm agus póilíní ann ag siúl ar cos ar fud na háite. Bíonn torann ard na héileacaptar le cloisteáil go minic bíodh sé i lár an lae nó i lár na hoíche. Chomh maith le seo, níl aon amhras ann ach go bhfuil na Forsaí Slándála ag faire agus ag spiadóireacht ar mhuintir na háite chun eolais a bhailiú agus a chruinniú orthu.

Tá an scéal céanna le feiceáil i bpobail éagsúla in aice leis an teorainn agus i gceantacha náisiúnacha. I gCathair Dhoire, in Iarthar Bhéal Feirste, i bhFear Manach, i dTír Eoghain, i nDeisceart an Dúin agus a lán áiteanna eile, tá an pobal ag éileamh go scoirfidh na bunáiteanna seo os rud nach bhfuil oiread is mórán leithscéil ann a thuilleadh go bhfanfaidh siad ar an bhfód. Tá sé de cheart ag pobail na n-áiteanna seo a bheith in ann maireachtáil mar atá sé de ghnách ag pobail eile!

Stór Focal

gléasanna troda ...... weapons

dímhíleatú ...... demilitarisation

críocha ...... territories

míleataithe militarised

bunáiteanna míleata ...... military installations

túir fhaire ...... watchtowers

Reisimint Ríoga na hÉireann ...... Royal Irish Regiment

a scoireadh ...... to disband

próiseas dímhíleataithe ...... demilitarisation process

cur i gcrích ...... to complete

amchlár socraithe ...... fixed timetable

Forsaí Slándála an Choróin ...... Crown Security Forces

ionadaí seiceála ...... checkpoints

láithreacht mhór mhíleata ...... major military presence

Sos Comhraic na n-Óglach ...... the IRA Ceasefire

patróil rialta ...... regular patrols

ag faire ...... watching

ag spiadóireacht ...... spying

ceantracha náisiúnacha ...... nationalist areas


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland