Top Issue 1-2024

15 September 2005 Edition

Resize: A A A Print

Príomhchathair na nGael galldaithe go fóill

Céibh i mBaile Átha Cliath ainmnithe i ndiaidh Wellington

Céibh i mBaile Átha Cliath ainmnithe i ndiaidh Wellington

LE

CATHAL Ó MURCHÚ

Despite the Independent status of the southern Irish state, Dublin streets still bear the names of English monarchs, viceroys, colonial governors, generals and butchers in the service of Empire, exploitative landlords and English battle victories.

I dtír atá in ainm is a bheith neamhspleách agus saor, tá rian an chóilíneachais an-láidir fós le feiceáil sa lá atá inniu ann. Tá sé seo le haimsiú go mór i sráidainmneacha inár bpríomhchathair náisiúnta (fiú más ó thuaidh nó ó dheas atá tú) sna Sé Chontae is Fichead. Is léir ón méid seo nach bhfuil réabhlóid na hÉireann críochnaithe fós sa chaoi go bhfuil cultúr na gcóilíneach inghlactha - go háirithe nuair a thugtar isteach san áireamh gurb é Béarla príomhtheanga sa tír seo. Ní amháin sin ach glactar le sráidainmneacha gallda cóilíneacha impiriúlacha inár bpríomhchathair féin - an impiriúlacht chéanna a choimeád an tír seo faoi chois ar feadh na gcéadta agus a d'imir an t-uafás brúidiúlachta ar mhuintir na tíre seo.

Cárbh as a dtáinig na hainmneacha seo? Leasríthe agus gobairneoirí Sasanacha ab iad Camden, Harcourt agus roinnt eile. Maidir le Camden, coimeádach amach is amach a bhí ann a ceapadh mar leasrí é ó 1795 go dtí 1798. D'imir sé brúidiúlacht den scoth roimh Eirí Amach 1798 ar ghnáthdhaoine na tíre seo agus chuir sé an polasaí 'dragúnú Uladh' i bhfeidhm. Bhí Beresford ina ollchoimeádach freisin le linn na 1790í agus é mar cheannaire ar riarachán an Chaisleáin i mBaile Átha Cliath sa tréimhse . D'eascraigh sé ón uaslathas Angla-Éireannach agus bhain sé leis an dream ba fhrith-phoblachtánaí, ba fhrith-ghaelaí, ba fhrith-Chaitlicí agus ba fhrith-dhaonlathaí dóibh. Maidir le William Street (South agus North), Georges Street (South agus North), Ann Street South, King Street (South agus North), Queen Street agus Victoria Quay, cuimhnítear ar ríthe agus ar bhanríonacha a raibh fíorbheagán meas acu ar an tír seo - Victoria, 'Banríon an Ghorta' mar is fearr aithne uirthi.

Céard faoi Wellington, Marlborough, Essex, Talbot agus a leithéidí siúd? Shéan Wellington i gcónaí gur Éireannach a bhí cé gur rugadh sa tír seo é. Mar a dúirt sé "being born in a stable doesn't make you a horse." Ar thuill a leithéidí a bheith ina Éireannach, nó ina chapall fiú! Dlúthchara go mór le Wellington a bhí i Talbot, go háirithe nuair a chuimhnítear go dúirt Wellington "I quite enjoy a good round of buggery with Colonel Talbot" Hmm, más ea, nach maith an rud é nár tógadh Talbot Monument! Ginearál Sasanach mór le rá a bhí i Marlborough sna 1740í. Maidir le Essex. nó John Devereaux, conquistador Sasanach a bhain le Concas Éilíseach ar an tír seo. Baineann Waterloo, Amiens, Brunswick le láthair chatha a bhuaigh ár sean-náimhdí, na Sasanaigh. Baineann Sussex, Northumberland, Dorset, Buckingham agus roinnt eile le logainmneacha Sasanacha.

Baineann ainmneacha ar nós Gardiner, Fitzwilliam, Aston, Temple (Temple Bar), Aungier, Molesworth, Charlemont, Eccles, Jervis, Dominick agus an-chuid eile le tiarnaí talún agus gadaithe talún tar éis Réiteach Chromaill agus Liam sa seachtú haois déag. Cuimhnítear ar Henry Moore, earl of Drogheda leis na sráideanna Henry Street, Moore Street, Earl Street, Drogheda Street (Sráid Uí Chonaill anois) agus Of Lane! Den chuid is mó bhain na daoine seo a ghabhaltas amach trí ghadaíocht agus trí choncas.

Mar sin mar atá inár bpríomhchathair féin leis na sráideainmneacha: tá an scéal céanna i gcuid is mó de chathracha agus de bhailte na tíre seo. Tá neart daoine timpeall - go háirithe i measc lucht rialaithe - a mhaíodh gur cheart a fhágadh mar atá os rud é "gur chuid den stair" é. Ach nach cuid den stair é 1798, 1803, na hÉireannaigh Aontaithe, na Fíníní, Séamus Ó Conghaile agus an traidisiún frith-chóilíneach i gcoitinne. Ach cuireann an traidisiún seo faitíos ar lucht rialaithe atá againne.

Stór Focal

galldaithe ...... anglicised

rian an chóilíneachais ...... traces of colonialism

inghlactha ...... acceptable

an t-uafás brúidiúlachta ...... eccessive brutality

faoi chois ...... oppressed

leasríthe ...... viceroys

gobairneoirí ...... governors

'dragúnú Uladh' ...... 'dragooning of Ulster'

ollchoimeádach ...... ultra-conservative

riarachán an Chaisleáin ...... the Castle administration

uaslathas Angla-Éireannach ...... Anglo-Irish aristocracy

'Banríon an Ghorta' ...... 'the Famine Queen'

Concas Éilíseach ...... Elizabethan Conquest

gadaithe talún ...... land thieves

gabháltas ...... property


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland