Top Issue 1-2024

18 August 2005 Edition

Resize: A A A Print

Déan Baghcatt ar Nestlé

Le

AN DRAOI RUA

In today's world of mass globalisation, multinational companies seem to have a firm grip in marketing and advertising campaigns. People are no longer seen as citizens but as consumers to be exploited in the market economy. However, even as consumers, we can make a stand against the likes of Shell, Coca-cola, McDonalds and Nestlé.

"Marketing practices that undermine breastfeeding are potentially hazardous wherever they are pursued: in th developing world, WHO estimates that some 1.5 million children die each year because they are not adequately breastfed. These facts are not in dispute."

UNICEF

Ar an drochuair, sa lá atá inniu ann, tá claonadh falsa ag a lán daoine agus iad sásta go leor leis an chóras, gan raic a thógáil, a fhad is go bhfuil siad féin maith go leor. Is dócha go dtiocfadh linn a rá go bhfuil dearmad déanta acu gur saoránaigh iad ar char ar bith agus gur chóir dóibh dualgasaí mórálta a ghlacadh orthu inchur de shaghas éigin a bheith acu i riarú na tíre. Faraor, mothaíonn na daoine seo nach bhfuil fágtha sa chóras chaipitleach dóibh ach gur ceannaitheoirí iad. Ar ndóigh, mar cheannaitheoirí fiú, tá dualgasaí orainn uilig a bheith cúramach fá na hearraí atá á cheannach againn.

Creidim go ndéanann daoine iarracht lipéidí cannaí/málaí éagsúla a léamh agus iad ag déanamh cinnte nach bhfuil earraí GMO ná an iomarca uimhreacha E iontu ar mhaithe le aire éigin a thabhairt dá sláinte. Más amhlaidh atá siad, an mbíonn na daoine céanna airdeallach ar na comhlachtaí a sholáthraíonn na táirgí áirithe.

Tá mé den bharúil go bhfuil léitheoirí An Phoblacht measartha eolach ar drochghníomhartha Shell, McDonalds agus Coca-cola ach mothaím gur chóir díriú ar Nestlé arís.

Le fírinne, tá baghcatt déanta agam féin ar earraí Nestlé le fiche bliain nó mar sin ó chuala mé den chéad uair fán mhéid dochair atá déanta ag an chomhlacht i dtíortha an tríú domhan. Caithfidh mé a admháil, áfach, gur tháinig mé faoi bhrú ollmhór ó pháistí s'agamsa earraí Nestlé a cheannach ar na mallaibh. Níor ghéill mé dóibh agus seo a leanas cén fáth:

Sna seascaidí, thosaigh Nestlé feachtas ollmhór i dtíortha an tríú domhan le táirgí bhia leanaí a dhíol. Ar dtús, bhronn siad púdar bhainne ar mháithreacha a raibh leanaí acu agus ghlac na máithreacha leis na bronntanais agus iad ag smaointiú go mbeadh a bpáistí féin níos fearr as dá bharr. Ar ndóigh, bhreath na máithreacha seo ar mhuintir shaibhir an iarthair ag teacht chucu agus chreid siad an bolscaireacht uathu.

Nuair a rinneadh iarracht an púdar bainne a dhéanamh réidh do na leanaí, ní i gcónaí a bhíodh uisce glan ar fáil ag na máithreacha. Ní amháin sin ach nuair a chuaigh na mná ar ais ag iarraidh a thuilleadh púdair, ní i gcónaí a mbíodh an t-airgead acu an costas a íoc. Cinnte, oibríonn mangairí drugaí ar na prionsabail céanna. Mar atá ráite ag UNICEF féin, creidtear go bhfaigheann 1.5 milliún leanaí óga bás gach bliain dá bharr.

Ar mhaithe le seasamh mórálta a ghlacadh i gcoinne Nestlé, moltar do chách baghcatt a dhéanamh ar tháirgí s'acusan. I láthair na huaire, tá baghcatt ar siúl ina gcoinne i bhfiche tír ar fud na cruinne.

Tá réimse fairsing táirgí ag Nestlé ar sheilfeanna siopaí na tíre agus ba cheart go mbeidh ceannaitheoirí airdeallach ar na lipéidí sa dóigh is nach mbeadh siad ag tacú le marú páistí beaga ar mhaithe le brabús do chomhlacht ilnáisiúnta. Ní amháin go bhfuil seacláid agus callóga bhricfeasta ar na táirgí is feiceáilí acu ach tá Nescafé mar chuid den chomhlacht céanna.

Le déanaí, bhí sé de bhuntáiste ag na daoine beaga i dteach s'agamsa dul chuig an phictiúrlann agus an scannán úrnua 'Willy Wonka and the Chocolate Factory' a fheiceáil. Gan amhras, bhain siad an-sult as an scannán céanna agus ard-ghiúmar orthu ina dhiaidh.

Tharla ansin go raibh mé i siopa milseáin tamaillín ina dhiaidh sin agus mé faoi an-bhrú seacláid speisialta Willy Wonka a cheannach agus deis acu ticéad óir a fháil taobh istigh. Leoga, b'iad Nestlé a thapaigh an deis margaíocht a dhéanamh ar an seacláid agus iad ag teacht sna sála ar an phoiblíocht ollmhór an scannáin nua-eisithe.

Sheas mé an fód, ach tharraing an seasamh céanna drochchlú orm sa teach. Rinne mé mo dhícheall an scéal a mhíniú go simplí do na páistí ar ball.. agus d'aontaigh siad liom faoi dheireadh ... go drogallach. Bhuel...ná lig sinn i gcathú ach saor sinn ó gach olc.

Seanfhocal na Seachtaine

'Scoilteann an bhreab an chloch'

Deirtear go bhfuil praghas ag gach duine ar a phrionsabail ach b'fhearr liom smaointiú go bhfuil daoine inár measc atá tuillteanach seasamh go daingean ar son cúise.

Gluais

saoránaigh ...... citizens

dualgasaí ...... obligations

inchur ...... input

ceannaitheoirí ...... consumers

earraí ...... goods

táirgí ...... products

airdeallach ...... aware

drochghníomhartha ...... bad practices

lipéidí ...... labels

mangairí drugaí ...... drug barons

scannán nua-eisithe ...... newly released film


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland