Top Issue 1-2024

11 August 2005 Edition

Resize: A A A Print

Neodracht i mbaol!

The native Irish ruling class has always displayed a tendency towards imperialism and regarded their own people as cannon fodder to this end. It is in this context that Irish neutrality is constantly under threat from the same quarretrs today and very fits into what was observed by James Connolly.

Níl mórán amhras ann ach go bhfuil lucht rialaithe seo againne, sa Sé Chontae agus sa Sé Chontae is Fichead claonta go mór ar son an impiriúlachais -- bíodh sé impiriúlachas na Breataine, na hEorpa nó na Stát Aontaithe. Tá an tír seo againne timpeallaithe ag na trí impireachtaí úd agus is beag meas atá acu go léir ar riachtanais saoirse mhuintir na hÉireann. Is leis an meon impiriúlach céanna a mheasann lucht meán-aicme ó thuaidh agus ó dheas, idir chaitliceach is photastúntach, idir náisiúntóireach is aontachtóireach, idir Ghaeil is Ghaill, luach shaoirse na hÉireann. Mar a dúirt an Conghaileach: "Críochdheighilt is ea féile frithbheartaíochta."

Cé gur sháraigh ballraíocht na Sé Chontae is Fichead le Páirtnéireacht don tSíocháin (PfP) sa bhliain 1999 neodracht sa bhunreacht, shínigh Bertie Ahern an conradh úd in ainneoin seo. Ligean Stát na Sé Chontae is Fichead do airm na Stát Aontaithe teacht i dtír i Sionainn chun scith a thabhairt dá saighdiúirí agus athbreoslanú a dhéanamh ar a n-eitleáin ar son a bhfeachtas úd san Iaráic. Níl aon amhras ach go gcaithfidh sé seo a bheith i gcoinne an bhunreachta. Is léir nach ndéanann cuinsí dleathúla an iomarca tinneas orthu ach amháin nuair a fheileann siad dóibh. Sa tír seo, tugann an lucht rialaithe tacaíocht mhorálta do fheachtas na n-Angla Meireacánach ina gcogadh úd i gcoinne "na sceimhlitheoireachta" nach bhfuil ann i ndáiríre ach leathanach bán a ligean do na hAngla-Meireacánaigh a rogha rud a dhéanamh.

Tá stair fhada ag na buirgéisigh caitliceacha Éireannacha a bheith ag tacú le himpiriúlaigh. Is ar mhaithe le hImpireacht na Breataine a d'impigh John Redmond ar a chomh-Éireannaigh dul ag troid ar a son in ainneoin a dtír a bheith faoi chois ag an impireacht chéanna. Mar a tharla sé ní raibh tairbhe ar bith le bhaint as cé gur gheall na Sasanaigh féinrial sa mhargadh. Is minic a d'fheidhmigh ceannairí meán-aicmeacha mar sháirsintí earcála do airm impiriúlach na Breataine le linn an naoú haois déag. Ba léir go raibh an oiread meas céanna acu ar a gcosmhuintir ná mar a bhíonn ag an bhfeirmeoir ag seoladh a bheithigh chuig teach na slad.

Maidir le lucht rialaithe na n-aontachtóireach, tacaigh siad i gcónaí agus go hoscailte le himpiriúlachas na Breataine. Ghríosaigh siad ar a bpobal úd, ar a gcosmhuinitr ach go háirithe go raibh siad faoi bhagairt ag a gcomharsana caitliceacha agus is ar an gcaoi sin a bhí siad in ann a gcosmhuintir féin a chur faoi smacht. Thuig an Conghaileach go dlúth cad a bhí i gceist le "féile frithbheartaíochta" agus is léir nach n-oireann neodracht le riachtanais lucht rialaithe ó thuaidh nó ó dheas.

Má fhaightear réidh leis an neodracht go hoifigiúil, céim siar chinnte a bheidh ann agus is ar a son a chaithfidh réabhlóidithe líne catha a tharraingt chun a cosaint.

Stór Focal

neodracht i mbaol ...... neutrality under threat

lucht rialaithe ...... the establishment

impiriúlachas ...... imperialism

lucht meán-aicme ...... the middle class

críochdheighilt ...... partition

féile frithbheartaíochta ...... carnival of reaction

athbhreoslanú ...... refueling

cuinsí dleathúla ...... legal concerns

'cogadh i gcoinne sceimhlitheoireachta' ...... 'war against terror'

leathanach bán ...... carte blanche

buirgéisigh ...... bourgeoisie

tairbhe ...... benefit

féinrial ...... home rule

ceannairí meán-aicmeacha ...... middle class leaders

sáirsintí earcála ...... recruiting sargeants

cosmhuintir ...... the common people

teach na slada ...... the slaughterhouse

líne catha ...... the line of battle


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland