Top Issue 1-2024

4 August 2005 Edition

Resize: A A A Print

Ólachán fite fuaite le brú an tsaoil

Ag slogadh siar go dian!

Ag slogadh siar go dian!

A clear link can be discerned with increased alcohol consumption and the pressures of modern day life. Similar parallels can be seen with alcoholism and oppression most starkly seen with the native peoples of the Americas and Australia. All kinds of social disorders and deteriorating quality of life are associated with the ongoing march and development of capitalism.

Níl amhras ach go bhfuil fadhb ólacháin sa tír seo maraon le a lán tíortha eile. Maítear go minic go mbaineann an fhadhb seo leis na hÉireannaigh ach go háirithe. Cé gur steireataíp cuid mhór den tuairim seo maidir leis an nGael meisciúil, tá bunús éigean leis chomh maith. De réir na staidreamh is déanaí, tá glacadh óil an duine méadaithe go mór sna blianta beaga anuas sa chaoi go bhfuil na hÉireannaigh ar ceann de na daoine is mó glactha óil san Éoraip. Ach ní mar seo a bhí i gcónaí. Ag tús na naochaidí, bhí Éire an dara tír is lú glactha óil san Eoraip. Cé go raibh ólachán ann ag an am seo, bhí an-chuid staonairí i measc mhuintir na hÉireann. Tá cuid den staonachas laghdaithe sa lá atá inniu ann ach é sin ráite tá fianaise soiléir againne go bhfuil dlúthcheangal le fás eacnamaíochta an Tíogair Cheiltigh le brú an tsaoil sa bhreis a ghabhann leis agus an méadú atá ar ólachán sa tír seo le déanaí. Tá dlúthcheangal le feiceáil le brú an tsaoil agus an córas caipitleach. Ní ionann tuilleadh saibhris agus cáilíocht bheatha feabhsaithe don saol i gcoitinne.

Feictear dúinn go bhfuil ólachán ina fhadhb ollmhór do daoine agus do mhuintreacha atá faoi chois. Mar shampla le muintir dúchasach na hAstráile agus le muintir dúchasach Mhéiriceá, tá cáil ar na fadhbanna sóisialta atá acu agus an chaoi a bhfuil na daoine seo faoi chois go stairiúil ag na ciní máistreacha nua a sciob a dtalamh, a dtír, a bhféinmheas, a bhféinmhisneach, a gcultúr uathu agus gach aon ní eile a bhí acu. Baineann glacadh óil agus glacadh drugaí go mór leis an gcaoi a bhfuil na daoine seo brúite faoi chois. Tá dlúthcheangal le feiceáil anseo idir alcólachas agus cólíneachas.

Sa tír seo, tá taithí stairiúil againn leis an gcos ar bolg agus na fadhbanna sóisialta a bhí ag gabháil leis. Is sa chomhthéacs seo a thiontaigh an tír seo againne ó labhairt na Gaeilge go labhairt an Bhéarla, an comhthéacs ina raibh féinmheas agus féinmhuinín chomh laghdaithe sin mar gheall ar an gcóilíneachas. Tá rianta móra den chóilínachas intinne fós le feiceáil sa tír seo. Féach ar an freasúracht atá ann i gcoinne aon dul chun cinn na Gaeilge ó dhream beag cumhachtach frith-ghaelach, mar shampla na gaelscoileanna, bunú Theilifís na Gaeilge, an tAcht Teanga Oifigiúla 2003, stádas oifigiúil don Ghaeilge san Eoraip, agus a leanas. An pointe atá i gceist anseo ná go bhfuil ceangal ann leis an ísealfhéinmheas cultúrtha agus le fadhbanna sóisialta ar nós an óil.

Maidir leis an gcáilíocht bheatha i gcoitinne atá againn, níl aon amhras ach go bhfuil sé seo ag laghdú de réir mar atá an córas caipitleach ag fás agus ag forbairt. In Oirthear na hEorpa mar shampla, tá laghdú dochreidthe tagtha ar an gcáilíocht bheatha i gcoitinne tar éis a fuair an córas caipitleach an lámh in uachtar ar an gcumannachas. Tá fadhbanna sóisialta méadaithe go mór maraon leis seo.

Stór Focal

ólachán ...... drinking

brú an tsaoil ...... pressures of life

staidrimh ...... statistics

steireataíp ...... stereotype

glacadh óil ...... drink consumption

glacadh drugaí ...... drugs consumption

staonairí ...... teetotalers

staonachas ...... tetotalism

Tíogar Cheilteach ...... Celtic Tiger

dlúthcheangal ...... strong link

córas caipitleach ...... capitalist system

cáilíocht bheatha ...... quality of life

faoi chois ...... oppressed

muintir dúchasach ...... native people

féinmheas ...... self respect

féinmhuinín ...... self confidence

comhthéacs ...... context

cumannachas ...... communism

fadhbanna sóisialta ...... social problems


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland