Top Issue 1-2024

21 July 2005 Edition

Resize: A A A Print

Ó Phríomháideach go Poiblí - An treo ceart do mhodhanna iompair nua

BY Cathal O Murchu

Ó Phríomháideach go Poiblí - An treo ceart do mhodhanna iompair nua

The transportation policy an both sides of the border is fundamentally flawed as it puts too much emphasis on private modes of transport - namely the car and road building. The problem with the car is that it requires a lot of space for one person and it ultimately extracts a heavy environmental cost through the amount of road building and the amount of polluting fossil fuel used and released into the atmosphere. On the other hand, public transport can carry far more people at a much more economical cost. Before the public can have confidence in public transport, it needs serious and continuous investment over a long-term period. As a society we need to think more about sustainable development and improvement of our collective quality of life rather maintain the selfish and unsustainable obsession of material acquisition which is slowly undermining our collective quality of life, our planet's fragile environment and its limited resources.

Tá se tábhachtach go ndéanfaimid athbhreithniú iomlán ar na modhanna iompair a bhainimid úsáid astu mar shochaí, ós rud é go bhfuil an iomarca béime ar iompar príomháideach - is é sin le rá na gluaisteáin agus tógáil bóthair chun freastal orthu. Tá sé in am dúinn díriú chun smaoineamh ar infheistíocht a dhéanamh ar mhodhanna iompair poiblí - mar shampla rothair le raonta rothair, busanna le buschonairí, traenacha cathrach, traenacha éadroma agus córas traenach fóthalmhach. Chun go gcuirfidh an méid seo i gcrích teastaíonn infheistíocht leanúnach don fhad-téarma.

Tá cuid de na moltaí ón Oifig Iompair Átha Cliath (OIÁC) ag díriú ar chuid de na fadhbanna seo agus gan amhras tá fáilte rompu siúd. Faoin mbliain 2016 tá sé beartaithe go mbeidh: córas traenach an DART leathnú amach; an LUAS a leathnú amach; córas traenach éadroim an METRO a thógáil ón nua; agus Buschonairí tosaíochta a leagan amach ar na príomhbhóithre.

Ach níl na húdaráis ag dul i ngleic leis an bhfadhb bhunúsach a bhaineann le córas iompair na tíre seo. Beimid ag maireachtáil i sochaí a bheidh ag brath an iomarca ar an ngluaisteán agus tuilleadh tógála bóithre. Tá líon úinéireachta gluaisteáin ag éirí níos mó an t-am ar fad agus tá tuilleadh brú á chur ar an mbonneagar iompair. Ciallaíonn sé sin go bhfuil an timpeallacht seo againne ag íoc go daor as sa chaoi go mbeidh tuilleadh breosla á dhódh lena salachar á scaoileadh amach chomh maith leis an mbreis tógála bóithre.

Ach leantar ar aghaidh leis an mbéim a chuirtear ar iompar príomháideach mar go mbaineann sé le cúinsí ídé-eolaíochta an Rialtais seo againne. Tá níos mó tábhachta ag baint le brabús don earnáil phríomháideach ná mar atá ag baint le feabhas a chur ar ár gcáilíocht bheatha i gcoitinne chomh fada agus a bhaineann sé le Rialtas an Phairtí Dhaonlathaigh/Fianna Fáil. Tá sé thar am go ndéanfaidh an sochaí seo againne an tiontú bunúsach ó mhodhanna príomháideacha go modhanna poiblí chun go ndéanfaimid sábháil ar chúrsaí costais, ar dhochair don timpeallacht agus ar dhochair dár gcáilíocht bheatha i gcoitinne.

Stór Focal

athbhreithniú iomlán ........ total review

tógáil bóthair ........ road building

raonta rothair ........ cycle lanes

Oifig Iompair Átha Cliath (OIÁC) ........ Dublin Transportation Office (DTO)

infheistíocht leanúnach ........ continuous investment

traenacha cathrach ........ urban trains

traenacha éadroma ........ light trains (trams)

córas traenach fóthalmhach ........ underground train system

BusChonairí Tosaíochta (BCT) ........ Quality Bus Corridors (QBCs)

iompar príomháideach ........ private transport

úinéireacht ghluaisteáin ........ car ownership

breosla ........ fuel

timpeallacht ........ environment

bonneagar iompair ........ transportation infrastructure

cúinsí ídé-eolaíochta ........ ideological concerns

cáilíocht bheatha ........ quality of life


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland