Top Issue 1-2024

14 July 2005 Edition

Resize: A A A Print

Ó Sceitimímí go Smidiríní - Ionsaí ar Londain

BY Cathal O Murchu

Following the devastating attacks unleashed upon the city of London on Thursday last, a day of joy turned into one of carnage. The appalling and indiscrminate nature of the bomb attacks could not be condoned by reasonable people.

What must also be borne in mind at this time are the countless other indircriminate attacks unleashed, usually from the air, on defenceless civilian populations in Iraq and Afghanistan , causing much higher levels of devastation and death.

In these countries and in other parts of the Middle East and the Third World it appears that casualties only count as statistics as far as the Western media and commentators are concerned.

Tar éis sceitimíní a bheith ar mhuintir Londain nuair a fógaíodh gurb iadsan a fhreastlóidh ar Chluichí Oilimpeacha na bliana 2012, tháinig tragóid uafásach aniar aduaidh orthu an lá dar gcionn agus ní raibh fágtha don áthas sin ach smidiríní. Smidiríní freisin a bhí fágtha ó phléascú na gceathar bhuama ar traenacha agus ar bhus i lár chathair Londain. Rinneadh an t-ionsaí seo chun go marófaí an oiread méid taistealuithe is ab fhéidir. Cé go raibh a fhios ag muintir Londain go raibh ionsaí le teacht de dheasca na hionsuithe atá Rialtas na Breataine freagrach as san Iaráic agus san Afganastáin, is léir gur bhaineadh geit astu. Ní cúis ionaidh é go bhfuil an eachtra ina maraíodh breis is caoga duine cáinte ag Bertie Ahern

Is fiú a chuimhniú ar an léirscrios atá déanta ag na fórsaí Angla-Meireacánacha i mBaghdad, i mBasra agus i bhFalluja ach go háirithe. Tar éis éirí amach muintir Falluja i gcoinne airm gabhála na Meiriceánach agus iad a ruaigeadh as a gcathair féin (ní raibh Fáilte Uí Cheallaigh le fáil acu anseo), tháinig na Meiriceánaigh ar ais le lán armlóin agus leagadh an chathair ó bharr go bun. Ceaptar gur maraíodh ar a laghad 10,000 áitritheoir nach raibh in ann éalú. Ní raibh mórán le cloisteáil ó Bhertie Ahern faoi seo. Is sa chaoi seo a fheictear go bhfuil uaslathacht íobartach i gceist maidir le daoine ón gCéad Domhan agus ón Tríú Domhan.

Tá tuairim is 100,000 duine maraithe in iomlán san Iaráic ó thús ionnraidh na hAngla-Meireacánach i Mí Mhárta 2003, de réir Tariq Ali urlabhraí ar an Meánoirthear. Ní áiríonn sé seo an milliúin a fuair bás (páistí óga den chuid is mó) de bharr smachtbhannaí eacnamaíochta a chuir na Meireacánaigh ar an Iaráic ó 1991 go 2003, figiúir oifigiúil a thagann ó na Náisiúin Aontaithe. Sa Chéad Chogadh na Muarascaile i 1991, maraíodh 100,000 saoránach na hIaráice. San Afganastáin tá slad déanta ag na hAngla-Meireacánaigh ar na mílte sa tír sin nuair a ionnraíodh í i nDeireadh Fómhair 2001. Maíodh gur bhain na hionnruithe seo ón mbagairt a chuir siad "ar chóras saoirse an Iarthair".

Má tá aon rud níos measa ná an bhrúidiúlacht agus tslad atá déanta ag na Meireacánaigh, is dócha gurb é an fheimíneacht a ghabhann leis na gníomhaíochtaí seo. Ní bhaineann saoirse ach amháin dóibh siúd a áiríonn mar is léir nach áiríonn formhór de mhuintir na cruinne. Saoirse na n-Angla-Meireacánach is ea daoirse na cruinne!

Stór Focal

sceitimíní excitement

smidiríní smithereens

aniar aduaidh surprise

pléascú explosion

taisealuithe commuters

freagrach responsible

léirscrios destruction

le lán armlóin armed to the teeth

uaslathacht íobartach hierarchy of victimhood

áitritheoir residents

ionnradh invasion

smachtbhannaí sanctions

eacnamaíochta economic

brúidiúlacht brutality

slad slaughter

feimíneacht hypocrisy


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland