Top Issue 1-2024

7 July 2005 Edition

Resize: A A A Print

Baghcatt ar Shell

BY AN DRAOI RUA

Suíomh Shell in Iarthuaisceart Mhaigh Eo

Suíomh Shell in Iarthuaisceart Mhaigh Eo

go bhfuil siad mallaithe ag an chomhlacht ola seo agus is tubaisteach an damáiste is an dochar atá déanta dá bharr.

Cé go bhfuil suas le $30 billiún tugtha ag Shell don rialtas mhíleata sa Nígéir, is beag airgid atá feicthe ag an phobal Ogoni. Níl córas sláintiúil sásúil ar fáil ag na hOgoni, níl uisce glan, mórán leictreachais ná gutháin acu. Níl postanna nua cruthaithe dóibh siúd atá ruaigthe as a gceantracha dúchais agus is cosúil go ligtear leis an léirscrios gan srian.

Thosaigh Shell ag tochailt le hola a aimsiú i gceantar Ogoni i 1958. Ó shin, tá línte móra píobacha leagtha trasna thalamh feirme is in aice le tithe cónaithe agus is mór an truailliú atá déanta. Tá an oiread sin ola ag sceitheadh amach as na píobaí gur uafásach an damáiste atá fulaingthe ag talamh agus ag uiscebhealaí na tíre. Tá talamh feirme fágtha gan aon-mhaith is na milliúin éisc maraithe. Ní amháin go bhfuil truailliú is léirscrios déanta don cheantar áitiúil ach tá cuid mhór den phobal Ogoni fágtha gan slí mhaireachtála. Ní nach ionadh go bhfuil na mílte ag tréigeadh na tíre mar theifigh.

Deir Shell go ndéanann siad iarracht an t-ola atá sceithe a ghlanadh suas. Bíonn dhá dhóigh 'glantacháin' acu; (1) cuireann siad an t-ola trí thine le lorg buan dóite a fhágáil ar an talamh nó (2) caitear an t-ola i bpoll sa talamh agus éalaíonn sé chomh luath agus a thosaíonn sé ag cur fearthainne.

Tuigtear go mbíonn Shell ag tochailt le ola in ocht dtír is fiche ar fud na cruinne ach creidtear gur dóirtear 40% den ola a chailleann siad sa domhain ar fad, sa Nígéir. Mar shampla, deirtear go raibh 2,976 sceitheadh ola i gceantar áirithe amháin sa Nígéir idir 1976 agus 1991. Mar aon leis sin, creidtear go bhfuil páirceanna ola na Nígéire freagrach as níos mó teitheadh domhanda ná páirceanna ola uile na cruinne. Dóitear 95% den ghás ó na páirceanna ola sa Nígéir agus ba chóir an ráta seo a chur i gcomparáid leis an 0.6% a dóitear sna Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ar ndóigh, bíonn báisteach aigéadach ann de thairbhe gás dóite.

Cé go bhfuil píobaí ola tógtha trí cheantracha na hOgoni, is fíor annamh a thugtar cúiteamh ar bith do mhuintir na háite. Cinnte, má thugtar a dhath is méid suarach a bhíonn i gceist. Admhaíonn Shell agus an rialtas, áfach, go dtugann siad airgead ar fáil do shaighdiúirí na tíre. Faigheann rialtas na Nígéire 80% dá chuid airgid ó chomhlachtaí ola. Tá sé deacair a mheas an iad na comhlachtaí ola nó na saighdiúirí atá i gceannas na tíre i ndáiríre? Tá an oiread sin breabanna curtha i dtreo dhaoine ar leith nach bhfuil le déanamh ag Shell ach an cheist a chur agus go ndéantar ionsaí ar sráidbhaile beag tuaithe, go gcuirtear daoine áirithe i bpríosiún nó go ndéantar dearmad ar chás cúirte. Dar le Human Rights Watch, creidtear go bhfuil breis agus 2,000 duine maraithe ag saighdiúirí na Nígéire ag 'cosaint' píobaí ola.

Cinnte, tá gluaiseacht láidir ag feidhmniú ar son mhuintir Ogoni agus don chéad uair, bhí breis agus 300,000 duine ag mórshiúl 4 Eanáir 1993. Seo a leanas na príomhaidhmeanna atá mar chuid den fheachtas ag an ghluaiseacht seo ó shin:

o Go nglantar suas an t-ola i gceart.

o Nach ndóitear an oiread sin gáis.

o Go dtugtar cúiteamh cuí agus cóir don phobal.

o Go dtugtar sciar cothrom den bhrabach don phobal.

o Ceart an phobail ar a rialú féin.

Tá gach iarracht déanta an gluaiseacht seo a choinneáil faoi smacht. Leantar leis an diansmacht ar phobal Ogoni sa Nígéir agus cónaíonn ceannairí na ngluaiseachta i dtíortha eile ar mhaithe le sábháilteacht. Bhí cás cúirte mhíleata clúiteach i 1995 ina gcrochadh naonúr a bhí mar cheannairí ar an ghluaiseacht ar son cearta pobail Ogoni. Cás bréige a bhí ann riamh. Sular crochadh Ken Saro-Wiwa, an ceannaire, scairt sé: 'Leantar leis an streachailt.'

Cé go bhfuil Shell cáinte go hidirnáisiúnta ag na Náisiúin Aontaithe i dtuairiscí éagsúla a d'fhoilsigh siad i 1998, ag an Chomhlathas agus ag SAM fiú, is beag gníomh atá déanta ina gcoinne. Is cinnte go gcuireann na comlachtaí ola brú ollmhór ar rialtais na cruinne. Mar shampla, nuair a bhí plé ann i SAM smachtbhannaí a thabhairt i bhfeidhm ar an Nígéir Márta 1998, dúradh go mbeadh a leithéid mar bhagairt do náisiún Mheiriceá féin.

Níl sa chás de mhuintir Ogoni ach sampla den mhéid atá pobail dúchasacha ag fulaingt de thairbhe dhiansmacht an chomhlacht Shell. Moltar mar sin, baghcatt a chur ar an chomhlacht go dtí go dtuigfidh siad gur cheart cursaí a leigheas sa Nígéir is in áiteanna eile.

Féach ar an suíomh idirlín: www.essentialaction.org/shell/issues.html

An Draoi Rua

Seanfhocal na Seachtaine

Deireadh an tSoiscéil an t-airgead

Is cosúil nach bhfuil meas ag lucht an rachmais ar rud ar bith ach an t-airgead is an brabús atá le déanamh acu.

Gluais

i ngéibheann ........................... in prison

ollchumhachtach ................. all powerful

tromchúiseach ............ grave importance

tochailt ............................................ dig

slí maireachtála ...................... way of life

teitheadh domhanda ....... global warming

breabanna .................................... bribes

príomhaidhmeanna ........ main objectives

sábháilteacht ................................ safety

smachtbhannaí ........................ sanctions


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland