Top Issue 1-2024

7 July 2005 Edition

Resize: A A A Print

Géarchéim sna Gaeltachtaí

BY Cathal O Murchu

While there are many positive signs of the Irish language being revived outside of the official Gaeltacht, there has been an ongoing crisis in the Gaeltacht itself. Even since Coimisiún na Gaeltachta was established the Gaeltacht has continued to decline in terms of population and in the proportion speakers. This rate of decline has slowed down, but is now facing a new onslaught of Anglo-American cultural imperialism. The titanic struggle facing the Irish language is part of the wider global struggle of global imperialist capitalism against the viability of small independent communities. Imperialists have often been beaten in the past, after all they are a minority!

San alt a scríobhadh anseo an tseachtain seo caite, bhí plé ann maidir leis an staid ina bhfuil an teanga Gaeilge i láthair na huaire. Is ábhar dóchais é go bhfuil fás agus forbairt ar siúl sa Ghalltacht (an áit ina bhfuil an Béarla in uasal réime) sa chaoi go bhfuil na gaelscoileanna, Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life, Teilifís na Gaeilge (TG4) tuilleadh nuachtán agus irisí tagtha ar an bhfód.

Is dearfach an rud é go bhfuil na forbairti sin ag tarlú. Ach sa Ghaeltacht, tá an scéal sách casta. Ón am a bunaíodh Coimisiún na Gaeltachta i 1927, bhí sé le bheith mar chuspóir ag an Saorstát an teanga náisiúnta - an Ghaeilge - a chaomhnú. Na ceantracha ina raibh an Ghaeilge mar chéad theanga - ar chósta thiar na hÉireann - ba iad ceantracha a bhí buailte go dona leis an mbochtanas, leis an eisimirce agus leis an easpa forbartha. Ó thús, bhí na ceantracha seo i bponc sa chaoi go raibh bunús maireachtála lag acu. Ag an am sin, bhí ceantracha Gaeltachta ann i gContaetha an Chláir, an Lú, Mhuineacháin, Thír Eoghain, Shligigh agus Liatroma - contaetha anois nach bhfuil gaeltachtaí dúchais ann anois. Thâinig laghdú ar na gaeltachtaí láidre in Iarthar na Gaillimhe, Iarthar Mhaigh Eo, Tír Chonaill, Iarthar Chorcaí, Ciarraí Thiar agus Theas. In ainneoin na géarchéime seo, chuir De Valera scéim i mbun sna tríochaidí a bhunaigh cóilíneachtaí gaeltachta i Ráth Cairn agus i mBaile Ghib i gContae na Mí, nuair a lonnaíodh daoine as ceantracha Gaeilge ón Iarthar. Seo an t-aon iarracht a bhfuil ceantar suntasach gaeltachta bunaithe ón nua go dtí seo.

Sa bhliain 1956, dhear an Coimisiún limistéar nua don Ghaeltacht. Áiríodh a lán ceantracha nach raibh an Ghaeilge á labhairt i ndáiríre ag an am. Mar a sheasann cúrsaí anois, níl ach leath de cheantracha sa Ghaeltacht Oifigiúil ina bhfíorGhaeltachtaí agus tá díospóireacht ar siúl anois go mba cheart athdhearadh a dhéanamh ar limistéar oifigiúil na Gaeltachta. Ach is práta the an cheist seo sa chaoi go bhfuil na ceantracha neamhGhaeltachta ag brath ar na deontais Ghaeltachta. Níl amhras ann ach go bhfuil moill tagtha ar an ráta laghdaithe. Ní hé seo le rá nach bhfuil an próiseas seo tiontaithe, mar níl a thuilleadh. Leis na blianta beaga anuas, tá tuilleadh brú ag teacht ó na meáin chumarsáide, go háirithe ón gcultúr impiriulach Angla-Meiriceánach a thagann tríd ón teilifís ach go háirithe. Cé gur cumhachtach an cultúr Angla-Méireacánach agus iad le an-chuid tacaíochta ó lucht rialaithe na tíre seo, níl siad uile-chumhachtach. Cuimhnigh ar Vítneám!

Stór Focal

géarchéim crisis

plé discussion

staid state

ábhar dóchais cause of hope

bochtanas poverty

eisimirce emigration

easpa forbartha lack of development

athdhearadh redrawing

limistéar oifigiúil official boundary

tiontaithe turned around

lucht rialaithe ruling class

uile-chumhachtach omnipotent


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland