Top Issue 1-2024

30 June 2005 Edition

Resize: A A A Print

Laoch Litríochta ar Lár - Michael Davitt 1950-2005

Níl aon amhras ach go raibh lucht liteartha na tíre faoi ghruaim leis an nuacht go bhfuair Michael Davitt bás go tobann le taom croí ar na mallaibh.

Ag deireadh na seascaidí, bhí athraithe sóisialta agus cultúrtha ag teacht i bhfeidhm ar fud an domhain, cearta sibhialta na ngormach agus gluaiseacht láidir frithchogaíochta ann. In Éirinn, bhí gluaiseacht cearta sibhialta sna sé chontae agus sa Gaeltacht araon. Le linn an tréimhse seo, d'fhreastail Michael Davitt ar Choláiste na hOllscoile Corcaigh.

Ní amháin go raibh tionchar na haoise ar Dhavitt agus Bob Dylan a chanadh aige ach bhí ceannródaithe eile ag gabháil i bhfeidhm air chomh maith. Is cinnte gur thug Seán Ó Ríordáin, Seán Ó Riada agus Seán Ó Tuama spreagadh ar leith dó i dtreo na filíochta agus na healaíona. Caithfidh a admháil gur mhair Davitt i measc ghlúin a d'foghlaim go leor ó chúrsaí polaitíochta go hidirnáisiúnta agus a bhí tuillteanach dul i ngleic leis an stadas quo ar mhaithe le rudaí a chur i gcrích.

Cuireadh an leasainm 'pied piper' INNTI ar Davitt. Bunaíodh INNTI i 1970 agus deirtear gurbh é Davitt a rinne 'gluaiseacht' as an dream úd: Michael Davitt, Gabriel Rosenstock, Liam Ó Muirthile agus Nuala Ní Dhomhnaill. Ba chosúil gur lean an ceathrar seo comhairle Uí Ríordáin ó 'Fill Arís' agus iad sásta pilleadh ar an Ghaeltacht agus saibhreas na Gaeltachta a thabhairt ar ais leo chuig an chathair mhór. Chuir Davitt 'aithne dúnchaoineach' air féin agus é mar oifigeach caidrimh poiblí INNTI i gCorcaigh. D'éirigh leis blas Dhún Chaoin a chur in oiriúint do shaol na cathrach. Chum sé a thraidisiúin féin nár chloígh go díreach le nósanna fadbhunaithe. 'Bligeard Sráide' a chur sé air féin 'nach n-aithneodh an chopóg ón neantóg'.

Bhí sé de mhisneach ag Davitt labhairt le guth nua mar fhile 'Beat' na Gaeilge. Cé go bhfuil cuma simplí ar chuid de na dánta, bhí smaointe domhain iontu. Tá teachtaireacht dáiríre le léamh as cuid mhór den ghreann in a lán dánta uaidh. Síníodh na teorainneacha traidisiúnta agus é réidh dul i ngleic le ceisteanna móra na cruinne agus saoirse pearsanta a chíoradh fosta. Creidtear gurbh é Davitt 'an t-inneall' taobh thiar den ghluaiseacht náisiúnta liteartha a bhí ar aon chéim le rud ar bith a bhí foilsithe go hidirnáisiúnta. Ní amháin gur máistir ar a cheird a bhí ann ach spreag sé is chothaigh sé filí óga leis.

"Thug sé an fhilí237;se le RTÉ, ar 'Léargas' go háirithe. Fear gnó a bhí ann a rinne obair ceannródaíoch i ndearadh agus i gclóchuradóireacht.

Faraor, scrúdófar a oidhreacht go lá Pilib na gcleite is braithfidh muid uainn an fathach de fhile go deo.

Do Bhobby Sands an Lá Sular Éag

Fanaimid, mar dhaoine a bheadh

ag stánadh suas

ceithre urlár ar fhear

ina sheasamh ar leac fuinneoige

ag stánadh anuas orainn go tinneallach.

Ach an féinmharú d'íobairtse?

ní géilleadh, ní faoiseamh;

inniu ní fiú rogha duit

léimt nó gan léimt.

Nílimid cinnte

dár bpáirtne sa bhuile;

pléimid ceart agus mícheart

faoi thionchar ghleo an tí óil;

fanaimid ar thuairiscí nua,

ar thuairimí nua video.

Fanaimid, ag stánadh, inár lachain i gclúmh sóch,

ar na cearca sa lathach

is an coileach ag máirseáil thart

go bagarthach ar a ál féin,

ar ál a chomharsan

is i nguth na poimpe glaonn:

"coir is ea coir is ea coir."

Thit suan roimh bhás inniu ort.

Cloisimid ar an raidió

glór do mhuintire faoi chiach

an cumha ag sárú ar an bhfuath:

is é ár nguí duit

go mbuafaidh.

(Michael Davitt, Gleann ar Ghleann 1982)

Seanfhocal na Seachtaine

'


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland