23 June 2005 Edition

Resize: A A A Print

Language Act will boost Irish language print media

Deir foilsitheoir Lá, Máirtín Ó Muilleoir, gur féidir le ranna stáit agus boird stáit airgead a shábáil tré na meáin Ghaeilge a úsáid ina gcuid bolscaireachta.

"Is ceart bunúsach é ag an chainteoir Gaeilge go mbeadh an Ghaeilge aitheanta ach ní gá go mbeadh costais troma ar ranna stáit nó ar bhoird stáit faoin fhorálacha an Achta nuac má úsáideann siad na meáin Ghaeilge.

"Creidtear gur céadatán íseal den bhloscaireacht a bheidh le déanamh sa Ghaeilge - 10 faoin chéad, b'fhéidir. Má chuirtear an 10 faoin chéad sin ar an nuachtán laethúil Gaeilge Lá, ní bheidh arís ach an 10ú cuid den chostas a bheadh ar ranna a úsáideann na meáin Bhéarla le fógraí dátheangacha a dhéanamh.

"Le cois sin, tá oifig ag Lá anois sa Ghaeltacht agus chuideodh an úsáid bhreise le cur chun cinn na meán Gaeilge."


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland