Top Issue 1-2024

23 June 2005 Edition

Resize: A A A Print

Ar Shlí na Fírinne

Bab Feiritéar (1916-2005)

Bab Feiritéar (1916-2005)

Bab Feiritéar (1916-2005) has been described as one of the last traditional story tellers of the Gaelic world, but the wealth of her legacy lives on, writes AN DRAOI RUA

Cé nach féidir liom a rá go raibh sé de phribhléid orm bualadh le Bab Feiritéar riamh, is cinnte gur trua liom a rá go bhfuil sí imithe ar shlí na fírinne uainn.

Is maith liom an frása 'ar shlí na fírinne'. Creidim gur ceart dúinn uilig maireachtáil ar son na fírinne lenár linn agus nár chóir dúinn fanacht go dtí go bhfuil muid marbh le bheith dílis don fhírinne. Mar bhanríon na scéalta, tá mé den tuairim go raibh Bab Feiritéar ar shlí na fírinne i dtólamh.

Ar an ábhar nach raibh an t-ádh orm castáil ar 'mháthair Dhún Chaoin', ní féidir liom í a mheas ach ar an tsaothar luachmhar a d'fhág sí ina diaidh. Mar Ghaeil, ba cheart dúinn uilig a bheith iontach buíoch di go raibh sí chomh flaithiúil sin agus í inár measc agus í sásta saibhreas na scéalaíochta a roinnt.

Cuireadh síos uirthi mar 'dhuine de na scéalaithe traidisiúnta deireanacha sa tsaol Gaelach'. B'fhearr liom féin a rá go raibh sí ar dhuine a choinneáil an násc beo le traidisiún na scéalaíochta.

Bhí an scéalaíocht san fhuil aici, mar a dúirt sí féin ba shin teilifís nó raidió s'acusan agus iad óg. Bhí na scéalta foghlamtha aici óna muintir féin, ar dhá thaobh an teaghlaigh. Cothaíodh suim s'aicisean sa scéalaíocht ar scoil fosta agus is mór an spreagadh a bhfuair sí ó na múinteoirí. Ní amháin sin ach bhí tionchar nach beag ag Peig Sayers uirthi agus thagair an Riordánach don mhéid seo i gcolún san Irish Times sna seachtóidí:

"Peig Sayers eile is ea Cáit Bean an Fheiritéaraigh. Tá gach draíocht, gach réchúis, gach foirfeacht scéaltóireachta bronnta uirthi."

Níor tugadh aitheantas do Bhab mar scéalaí go dtí go raibh sí breis agus caoga bliain d'aois. Cuireadh a lán seanchas ar thaifead agus creidtear go bhfuil breis agus 150 scéalta ar thaifead sábháilte. Chuir RTÉ Raidió na Gaeltachta Bab Feiritéar in aithne do Gaeil na cruinne agus chothaigh an stáisiún suim a lucht éisteachta ina cumas cainte. Thuill sí meas agus ómós i gcian agus i gcóngar mar bhean a thug léi go binn agus go beacht scéalta a muintire.

Mar aon leis an raidió, chuir Roinn Bhéaloideas Éireann, Coláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath suim ar leith inti agus ba mhinic a raibh teagmháil aici leis an Roinn Gaeilge in Ollscoil Luimnigh chomh maith. Bhí sí i gcónaí ar fáil do lucht léinn agus í breá tuillteanach saibhreas na scéalaíochta a roinnt. Is dócha go bhfuil sé in am anois don aos léinn aitheantas acadúil de shaghas éigin a bhronnadh uirthi mar chomhartha buíochais as an mhéid a d'fhág sí ina diaidh mar oidhreacht dúinn uilig.

Mar ardscéalaí, áfach, is dócha gurbh fhearr léi smaointiú go maireann a saothar go fóill i gcuimhne na ndaoine. Ní gá brath ar chártlann RTÉ Raidió na Gaeltachta ná ar thaifeadaí na hollscoileanna ach is féidir í a chloisteáil ar 'Rabhlaí, Rabhlaí' agus 'Ó Bhéal an Bhab':

"Stíl ghlan inste. Guth glan cinn. Abairtí glana ar an leathanach. Uigeacht ghlan an scéil. Tá cailíocht ghlan, leis, ag baint leis na dlúthdhioscaí in Ó Bhéal an Bhab." Liam Ó Muirthile

Gluais

Saothar work

flaithiúil generous

foirfeacht perfection

aitheantas recognition

oidhreacht heritage

uigeacht texture

Seanfhocal na Seachtaine

'Siúlfaidh an bhréag míle agus fiche ach dúblaigh an fhírinne uaidh sin amach uirthi.'

Cé go mbíonn cuma ar chúrsaí go mbeidh an bua ag an bhréag, caithfidh a bheith dóchasach go seasfaidh an fhírinne sa deireadh.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland