Top Issue 1-2024

16 June 2005 Edition

Resize: A A A Print

Obair na mBeach

Summer may be a time we might be thinking of holidays but we should maybe spare a thought for the busy little bee, writes AN DRAOI RUA

'Bum, bum, bum, bum,

ag imeacht ó bhláth go bláth,

bum, bum, bum, bum,

ag eitilt a chaithim an lá,

bum, bum, bum, bum,

bumbóg mé a ghrá,

bum, bum, bum, bum,

cad eile is féidir a rá.'

Gabriel Rosenstock

Deirtear gurbh iad na trí rudaí is deacra a thuiscint sa domhan ná: teacht is imeacht na taoide, obair na mbeach agus intinn na mban. Cinnte, ní raibh Arastaitil féin ábalta an méid thuasluaite a thuiscint i gceart.

Anois, níl mé ag iarraidh comórtas ar bith a bheith agam le Araistaitil óir níl léargas ar leith agam ar mhná ná ar theacht is imeacht na taoide ach níorbh mhiste liom tabhairt faoi aiste bheag ar bheacha agus iad chomh gnóthach sin i rith an tsamhraidh. Ní saineolaí ar bith mé féin ach déanfaidh mé iarracht léargas beag a thabhairt ar 'obair na mbeach'.

Creidtear go bhfuil coirceoga na mbeach cosúil le monarcha beaga. Cuirtear na hoibrithe is láidre amach ag cruinniú bia; bíonn siad le feiceáil sna gairdíní, fríd na páirceanna agus fríd an fraoch ar lorg bia dá gcuallacht. Filleann siad ar an choirceog le hualaí neachtair agus bláthphlúir. Má thagann beach ar blátha maithe, déanann sí damhsa speisialta agus í ar ais sa choirceog, faigheann na beacha eile boladh an bhlátha agus amach leo go bhfaigheann siad rian na cumhrachta a mbíonn siad a lorg.

Is iad na beacha óga nó laga a fhanann sa choirceog. Tá a lán obair tí le déanamh. Tógann na beacha a bhíonn ag coinneáil tí na hualaí neachtair is bláthphlúir ó na beacha a thagann isteach agus cuirtear iad i dtaisce. Caithfidh céireach a dhéanamh. Glanann siad amach gach rian salachair. Bíonn siad ag freastal ar an bhanríon. Cothaíonn siad na leanbháin agus tugann siad aire do na beacha atá breoite. Caitheann scaiftí acu sealanna le chéile i mbualadh a gcuid eiteog gan stad leis an aer a choinneáil úr agus an mil a choinneáil ag an teocht ceart.

Maraíonn agus teilgeann siad amach ciaróga agus péistí beaga ar bith a mbeadh sé de dhánaíocht iontu bualadh isteach. Má thagann seilide isteach, maraíonn na beacha é lena gcuid gathann. Ar an ábhar go bhfuil sé ró-throm le hiompar amach, cruinníonn siad róisín de na crainn, déanann siad an corp a bhalsamú ar eagla go dtruaillíodh sé an choirceog. Seargann sé go mbíonn sé ina mhumma gan lobhadh ar bith ag teacht air. Ní maireann na hoibrithe ach tuairim is mí.

Neodair is ea na hoibrithe. Dá bhfaigheadh siad an cothú cuí, bheadh siad baineann. A fhad is atá banríon sa choirceog, ní fhaigheann aon ceann eile an bia ríoga. Má chailltear an banríon ar chúis ar bith, tógtar ceann de na cinn óga, cuirtear i gcliabhán ríoga í agus bíonn banríon nua ann i gcionn chúpla seachtain.

Is féidir leis an bhanríon suas le míle ubh a bheireadh sa lá agus bíonn lucht freastail léi i gcónaí.

Níl gath ar bith ag an bheach fhireann ná gléas ar bith ar na cosa deiridh aige le bláthphlúr a bhailiú. Mar sin de, ní dhéanann sé a dhath ar bith agus leithscéal maith aige a bheith gan obair.

Cuireann an fómhair laghdú ar an tsaothar. Na hoibrithe a bhíodh ag obair go dian agus go dícheallach, bíonn siad traochta agus faigheann siad bás. Na hoibrithe atá óg agus láidir go fóill, maraíonn siad na fireannaigh ar eagla go mairfidh siad ar an stór nach raibh aon páirt acu ina saothrú. Cruinníonn siad thart ar an bhanríon agus maireann siad ar an stór bia agus iad ina leathmhúscailt i rith an geimhridh. I gcás na mbeach bhfiáin agus na mbeach gcapaill, ní mhaireann ach na banríona óga le linn an gheimhridh.

Roinnt blianta ó shin i 1999, bhí beacha na hÉireann i mbaol agus 'Varroasis' le fáil in iarthair na tíre i Magh Eo, i Sligeach agus i Liatroim. Is ionann an galar seo do na beacha agus an galar crúb is béil do ainmnhíthe feirme óir níl leigheas air is scaipeann sé go gasta. D'éirigh le feirmeoirí na coirceoga a bhí truaillithe a scrios agus ruaigeadh an galar as Éirinn. Creidtear anois go bhfuil breis agus nócha cineál de bheacha éagsúla le fáil sa tír inniu. Beirigí Bua Beacha!!!

Seanfhocal na Seachtaine

'Ní bhfuair sé bá na beiche.'

Is ionann seo is a rá nach bhfuair mo dhuine oiread agus braon lena bhéal a fhliuchadh.

Gluais

saineolaí expert

coirceoga hives

cuallacht company

cumhracht fragrence

céireach wax

teilgeann casts

gath sting

seargann waste

leathmhúscailt half awake

beach capaill wasp


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland