Top Issue 1-2024

2 June 2005 Edition

Resize: A A A Print

Freagrachtaí ár Linne

Who takes responsibility for the raising of the next generation, the parent, the guardian, the school, the state, or do they all just blame each other? asks AN DRAOI RUA.

Thosaigh díospóireacht roinnt seachtaine ó shin i dtaobh chúrsaí shláinte agus tuairiscí tugtha go raibh páistí na tíre ró-ramhar. Is maith an rud é go bhfuil plé den tsórt seo ar siúl ach uaireanta is cosúil go mbíonn gach dream ag iarraidh an milleán a chur ar dhaoine eile seachas freagrachtaí dá gcuid féin a ghlacadh.

Le fírinne, chomh luath agus a bhí an tuairisc seo tugtha ná gur thosaigh tuismitheoirí/caomhnóirí ag lochtú na scoileanna agus iad den bharúil nach raibh go leor aclaíocht déanta ag daltaí agus iad ag freastal ar scoil.

Ar ndóigh, níor ghlacadh san áireamh nach mbíonn páistí ar scoil ach tuairim is 16% den tseachtain. Cad a dhéanann na daltaí an cuid eile den tseachtain?

Fiú, sula dtosaíonn páistí ar scoil, is cinnte go bhfuil nósanna ar leith foghlamtha acu. Cá mhéad ama a chaitheann siad ag déanamh rudaí aclaíochta agus iad óg?

B'fhéidir go dtiocfadh liom ag an phointe seo cur síos ar chúlra choitianta a bhíonn ag cuid dár ghlún óg. Éiríonn an boc óg go luath ar maidin agus itheann sé babhla calóga lán siúcra os comhair na teilifíse. Fanann an leanbh go ciúin os comhair an bhosca sa choirneáil ag ithe agus ag breathnú ar thruflais an lae. Déantar gach aon rud ar son an phrionsa óg/an bhanphrionsa agus ní iarrtar air/uirthi a dhath a dhéanamh dó/di féin. Nuair a éiríonn an leanbh suas ina choileachín sa tsiopa, tugtar milseáin dó/di ar mhaithe le faoiseamh. Ansin, agus an páiste ceithre bhliain d'aois, fágtar ar scoil é/í agus iarrtar ar an mhúinteoir na drochnósanna a chur ina gceart.

'Ná ceap is ná bris nós' atá ráite ag an tseanfhocal agus is deacair an rud é cleachtas eile ar fad a chruthú sa tseomra ranga nach bhfuil ar fáil sa bhaile.

Admhaítear gurbh iad na tuismitheoirí/caomhnóirí na múinteoirí is tábhachtaí atá ag gach uile páiste. Ní hé sin le rá nach bhfuil ról lárnach ag na scoileanna fosta. Cinnte, tá cúrsaí imithe ar strae ar fad nuair atá sé ráite ag scoileanna áirithe nach bhfuil cead ag páistí a bheith ag rith thart sa chlós.

Muna bhfuil béiltí sláintiúla ar fáil ag páistí sa bhaile cad é mar is féidir córas sláintiúil a chur i bhfeidhm ag am lóin ar scoil? Muna bhfuil deis ag an leanbh rith thart taobh amuigh d'am scoile cad chuige a mbeadh fonn air/uirthi páirt a ghlacadh i spórt ná i bhfoireann ar bith? Má ligtear don bhoc óg breathnú ar an teilifís gan srian, ní bheidh smacht ar bith ar thuairimíocht an dhuine óg. (Maidir le tuairisc a foilsíodh le déanaí, moltar nár chóir d'éinne faoi seacht mbliain d'aois breathnú ar an teilifís níos mó ná dhá uair sa lá agus íslitear an t-am de réir aoise) Ar ndóigh, má tá gach rud déanta ar son an bhoic óig gan ceist, glactar leis nach bhfuil dualgais ná freagrachtaí air/uirthi choíche. Ní amháin sin ach de thairbhe drochchleachtais san ollmhargadh, creideann cuid de ghlún óg na tíre gur féidir gach rud atá ag teastáil uaidh/uaithi a fháil le treall feirge.

Níl amhras ar bith ann ach gur chóir go mbíonn comh-oibriú idir thuismitheoirí, scoileanna agus an stáit. Tá ról tábhachtach ag gach duine sna cúraimí seo. B'fhearr i bhfad go mbeadh na spriocanna céanna ag na grúpaí thuasluaitre óir is deacair an rud é a bheith ag snámh i gcoinne srutha. Ar a laghad, má ta tuismitheoirí/caomhnóirí agus múinteoirí ar aon intinn lena chéile, gach seans go mbeidh siad ábalta brú a chur ar an stáit an fhód a sheasamh i gcoinne bholscaireacht na comhlachtaí ilnaisiúnta.

Seanfhocal na Seachtaine

'Gach éinne is a chúram féin air, is gan cúram Sheáin ar éinne.'

Bíonn gach duine buartha fána gcúraimí féin ar dtús.

Gluais

freagrachtaí responsibilities

díospóireacht debate

milleán blame

caomhnóirí guardians

truflais rubbish

faoiseamh relief

srian restraint

drochchleachtas bad practice


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland