26 May 2005 Edition

Resize: A A A Print

Comóradh Francis Hughes i Sciobairín

Francis Hughes

Francis Hughes

D'fhreastail slua deas ar an gcomóradh ar son Francis Hughes agus na stailceoirí ocrais ar an 7ú Bealtaine i Sciobairín. Bhí paráid gearr le Diarmuid Milner ar na píopaí go dtí chearnóg an bhaile, áit ar leag Bríd Uí Fhodhlú bláth fhleasc ag an leacht náisiúnta.

Dúirt comhairleoir Donnchadh Ó Seaghdha go raibh gah éinne "anseo chun onóir agus omós a thabhairt do na laochra go léir a fuair bás agus a throid ar son saoirse na hÉireann agus go háirithe Francis Hughes agus a chomrádaithe in Óglaigh na hÉireann a fuair bás in 1981 ar stailc ocrais". Ansin, chuir sé fáilte roimh Cllr Ann O'Leary, Beanntraí, a thug an príomh óráid.

Dúirt sí: "I 1981, rinne Thatcher agus na frith poblachtánaigh iarracht coirpigh a dhéanamh as na cime cogaidh poblachtánaigh ach theip uirthi, mar a theipfidh ar Aire McDowell agus a lucht leanúna sna méan cumarsáide agus i dTeach Laighean lena feachtas nimhneach i gcoinne Sinn Féin faoi láthair.

"I ndiaidh míonna de ionsaithe leanúnacha ar Sinn Féin agus ar ceannaireacht Shinn Féin ach go háirithe - thug náisiúnaigh na sé chontae freagra soiléir cuimsitheach do na daoine siúd atá glan i gcoinne Sinn Féin agus i gcoinne an próiséas síochána, leis an tacaíocht ollmhór a thugadar do Sinn Féin sa toghchán le déanaí sna sé chontae ar son a gcuid oibre ar an dtalamh agus ar son a seasamh ar an gceist náisiúnta.

Lean sí: "Molaim na daoine anseo in Iarthar Chorcaí freisin as an dea-obair atá déanta acu thar na mblianta agus as cé chomh maith is a d'éirigh libh sna toghchán áitiúla an blian seo caite. Iarraim oraibhse leanúint ar aghaidh leis an dea-obair ag tabhairt treoir agus ceannaireacht do na daoine sa cheantar seo, sa gach ghné den saol a bhaineann leo agus go háirithe leis an gclár Uile Éireann an próiséas síochána a chur chun cinn ionas gur féidir le gach duine sa tír tairbhe a bhaint as."

Ansin léigh Seosamh Ó Súilleabháin dán a scríobheadh faoi Bobby Sands agus cuireadh críoch leis an gcomóradh le Amhrán na bhFiann ar na píopaí.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland