Top Issue 1-2024

26 May 2005 Edition

Resize: A A A Print

Imirciú - Díshaothrú na n-oibrithe uile a leathnú

BY Cathal O Murchu

Immigration is a major issue that has arisen within the last seven years in Ireland as part of its unprecedented economic growth. While often presented as benign multi-culturalism, the real reason for immigration is quite simple. It is to make the labour market more competitive, which is entirely to the benefit of unscrupulous employers. In short, it amounts to another process of the cynical use of working-class people, be they of Irish or immigrant background.

Níl mórán cleachtaidh ag an tír seo ar imirciú ach a mhalairt. Is fada an lá ina raibh ar Éireannaigh a dtír féin a thréigean de dheasca easpa oibre agus deiseanna sa bhaile, go háirithe ó aimsir an Ghorta ar aghaidh. Cé gur tháinig fás ar dhaonra ar gach tír san Eoraip, a mhalairt a bhí an cás in Éirinn, agus mar thoradh ar sin, tá diaspora 70 milliúin Éireannach scaipthe ar fud na cruinne.

Ach tá athrú mór ar an scéal sin anois. Tá fás agus borradh nár fhacthas riamh tagtha ar gheilleagar na Sé Chontae is Fichead. Ní fadhb a bhí an dífhostaíocht ach easpa fáil ar oibrithe do na fostóirí. Ach in ionad feabhas a theacht ar chumhacht margála na n-oibrithe, tá réiteach eile ar an scéal seo ag na fostóirí.

Is é imirciú oibrithe iasachta an réiteach atá ag na fostóirí céanna seo chun go mbeidh "margadh na n-oibrithe" níos iomadúla fós. Ciallaíonn sé sin go

n-úsáidtear na hoibrithe iasachta seo chun chun luach saothair na n-oibrithe a tharraing síos agus a thuilleadh díshaothrú a imirt ar na hoibrithe i gcoitinne. Tá sé tábhachtach a mheabhrú nach droch-dhaoine na hoibrithe iasachta seo: tá siad chomh maith agus chomh olc lena gcomhoibrithe Éireannacha. Is iad siúd atá lochtach sa chás seo ná an Rialtas agus na fostóirí cumhachtacha saibhre agus is ar a leasa siúd a ghabhann ciníochas a chothú ó oibrithe Éireannacha i gcoinne na n-oibrithe iasachta ionas nach ndíreofar ar ról an Rialtais agus na bhfostóirí.

Tá an méid seo le haimsiú go lom maidir leis an gcaoi a chaitear le hoibrithe Turcacha in GAMA. Tá an cuma ar an scéal go bhfuil scanall mór le nochtú sa chás seo. Ar dtús báire, thug an Rialtas a lán conarthaí don chomhlacht Thurcach seo os rud é go raibh costais shaothar an-saor acu. Cé gur tháinig an-chuid ghearán isteach chuig an Aire Fiontar, Trádála and Fostaiosta ag an am - Mary Harney - chun an scéal seo a fhiosrú, ní dhearna sí tada chun an cás a chur i gceart. Rinne an comhlacht gadaíocht ar phá na n-oibrithe sa chaoi gur íocadh iad níos lú ná an bunráta phá agus an chuid eile a chur i gcuntais bainc nach raibh aon eolas ag na hoibrithe seo faoi. Tá liamhaintí níos tromchúisí fós faoin gcomhlacht seo sa chaoi go raibh imeaglú agus bagairt á imirt ar a n-oibrithe. Is léir go bhfuil an Rialtas agus na cineál comhlachtaí suaracha seo ag comhoibriú lene chéile.

Mar sin, ba chóir go mbeadh sé soiléir do lucht oibre na tíre seo go bhfuil an dream i gcumhacht an-sásta díshaothrú a imirt orthu go léir, bíodh iad ina Éireannaigh nó Eachtranaigh. Tá sé ríthábhachtach do lucht oibre aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb seo gan a bheith sáinnithe leis an gciníochas.

Gluais

imirciú immigration

díshaothrú exploitation

cleachtadh experience

deiseanna opportunities

a thréigean abandon

geilleagar economy

cumhacht margála bargaining power

fostóirí employers

níos iomadúla more competitive

oibrithe iasachta foreign workers

luach saothair wage base

ciníochas racism

liamhaintí allegations

níos tromchúisí more serious

imeaglú intimidation

ag comhoibriú collaborating

eachtanaigh non-nationals


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland