Top Issue 1-2024

26 May 2005 Edition

Resize: A A A Print

Na Préacháin

Since the days of Cúchulainn, the crow has never really been one of our favourite birds, writes AN DRAOI RUA

Ar dtús, ba mhaith liom a léiriú go mbeidh lá eile ag an fhiach dhubh, díreach mar atá lá eile geallta ag an Phaorach. Inniu, tá sé ar intinn agam díriú ar na nósanna is eile bainte le préacháin.

Ní raibh ádh maith riamh bainte leis an phréachán. Ní amháin go mbeadh drochaimsir á thuar ag an éan dubh ach uaireanta tháinig an préachán le teachtaireacht an bháis. Ar ndóigh, ní raibh fáilte riamh roimh phréacháin ag teach ina raibh duine ar leaba bháis. Creidtear go dtagann an bean sí mar phréacháin anois is arís chuig daoine. Lena chois sin, bhí sé de nós ag an bhandia Badhbh í féin a nochtú ar pháirc catha agus í ag scréacháil i gcruth préacháin. Cinnte, tuigtear gur fhág an bheatha Cúchulainn nuair a thuirling an t-éan dubh ar a ghualainn fadó.

I dtaca le éanacha, bíonn a mbeatha ar fad ag brath ar an tsúil is ar an chluas. Maidir leis an phréachán go háirithe, is maith leis súile a naimhde a phiocadh is a ithe. B'fhéidir go gcreideann an t-éan go gcuidíonn seo le radharc na súl níos fearr a bheith aige. Shílfeá go mbeadh sé níos fearr don phréachán meacáin dearga a ithe.

Tá tuairiscí ann inar ith préacháin súile daonna fiú. Tá scéal ón bhéaloideas i dtaobh Naomh Lorcán a deir gur phioc préacháin na súile as. Bíonn feirmeoirí comhaimseartha ar aire ón fheannóg go háirithe ar eagla go phiocfadh sé súile ó na huain.

Le fírinne, tá drochchlú ar na préacháin. Tá scéalta ann i dTír Chonaill a chuireann síos ar an dóigh a tháinig na préacháin go hÉireann leis na tiarnaí talaimh. Seá, is maith leis na Gaeil an locht a chur ar na Sasanaigh as achan drochrud.

Tá sé de nós ag préacháin cónaí a dhéanamh ina dtréada móra i dteannta a chéile agus is maith leo a bheith in aice le tithe daoine. Bíonn saolta fada ag an phréachán óir maireann cuid acu chomh fada le duine. Is minic a mhaireas dhá phréachán i dteannta a chéile ar feadh a saoil.

Cé go maireann siad i dteannta a chéile, níl ceangal cumannach ar bith eatarthu. Má tá nead áirithe faoi ionsaí, seans go dtabharfaidh na préacháin eile rabhadh go bhfuil namhaid i láthair ach ní dhéanfaidh siad iarracht an nead sin a chosaint.

Is minic go mbíonn díospóireacht eatarthu agus goideann siad óna chéile. Abair go dtógann ceann cipín ó nead eile, tógtar raic ollmhór. Bíonn fonn díoltasach ar an phréachán fosta. Leanann achrann ar aghaidh agus déanfaidh an préachán úd gach iarracht a chipín a sciobadh ar ais ón ghadaí.

Tuigtear go ndéanann préacháin faire ar cheann dá chineál atá marbh. Bíonn scaifte préacháin le feiceáil thart ar cheann maraithe ar an bhóthar go minic. Bhí faire na bpréacháin le feiceáil agam i gcró na gcearc ar na mallaibh. Tharla go ndeachaigh feannóg isteach ann ach ní raibh bealach ealaithe aimsithe aige sular mharaigh mé féin é. Níorbh fhada gur thosaigh an faire agus creidim go raibh breis is scór préacháin ag an ócáid.

Mar atá thuasluaite, is éan díoltasach an préacháin. Ó shin, tá feannóg aonair ag cur isteach orm. Tá sé ag bualadh ar na fuinneoga lena ghob, ag leagadh pótaí agus ag scriosadh plandaí beaga sa ghairdín, ag scaoileadh lena chac timpeall an tí is ag briseadh bhréagáin na bpáistí. Ní fios cá fhad a mhairfidh sé leis na nósanna seo ach mothaím mallaithe ag na préacháin fá láthair. B'fhéidir gur cheart dom an fheannóg áirithe seo a chur in aithne do mo chomharsan - tá gunna aige.

Seanfhocal na Seachtaine

'Mallacht na bpréachán ort!'

Creidtear go dteipeann le duine atá mallaithe ag préacháin jabanna a chur i gcrích nó nach bhfaigheann sé luach a shaothair má chríochnaíonn.

Gluais

teachtaireacht message

ag scréacháil screeching

naimhde enemies

comhaimseartha modern

rabhadh warning

díoltasach vengeful

feannóg hooded crow


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland