Top Issue 1-2024

5 March 2012

Resize: A A A Print

Cumhacht na Tuaithe

Sinn Féin i mbun straitéis nua chun borradh a chuir faoi saol agus pobal na tuaithe

LE TREVOR Ó CLOCHARTAIGH

TÁ STRAITÉIS nua beartaithe ag Sinn Féin chun aird níos mó a tharraingt ar ghnóthaí tuaithe agus chun dul i gcomhairle leo siúd a fheidhmíonn sa réimse seo maraon le baill an pháirtí, chun polasaí, ciallmhar cuimsitheach a fhorbairt agus a chuir i bhfeidhm. Déanfar seo tré sraith de chruinnithe le páirtithe leasmhara a eagrú go náisiúnta agus go réigiúnach, dul i gcomhairle le heagrais ionadaíoch agus saineolaithe aitheanta agus tuairimí a bhailiú ón bpobal faoin bhfís atá acu do na ceantair tuaithe agus na seirbhísí, áiseanna agus acmhainní a shamhlaíonn siad a theastaíonn iontu.

Tá sé ríshoiléir go bhfuil cuid mhaith beartais dhá chuir i bhfeidhm ag Rialtas Fhine Gael agus an Lucht Oibre atá ag cruthú míbhuntáistí do phobal na tuaithe agus ag déanamh leatrom orthu. Áirím anseo na ciorruithe oideachais a chuirfidh athrú ó bhonn ar sholáthar oideachas faoin dtuath má leantar leo. Beidh comhnascadh agus dúnadh scoileanna mar thoradh orthu agus pobail fágtha gan croílár. Tagann seo sa mullach ar chiorruithe eile maidir le deontais tríú leibhéal, scoláireachtaí, arduithe ar chostas iompar scoile agus eile.

Tá na seirbhísí sláinte faoi bhrú ar fud na tíre de bharr an ghéarchéim eacnamaíochta agus an líon fóirne atá ag fágáil faoin scéim luathscor, ach bhí cuid mhaith ceantracha tuaithe ag fulaingt cheana féin mar gheall ar ghanntann oibrithe sna seirbhísí céadcúram, meabharshláinte, sláinte aosaigh agus leanaí. Cuireann siad seo as gan dabht do dhaoine atá tinn agus cuireann siad freisin  leis an gcostas agus strus a bhaineann le cearta sláinte poiblí a bhaint amach do mhuintir na tuaithe.

Tá sé de cheart ag daoine seirbhísí sóisialta agus cultúrtha den chéad scoth a bheith acu faoin tuath chomh maith 

Cé go bhfuil an tuath dhá bhánú ceal fostaíochta agus polasaithe cearta forbartha réigiúnaí ag Rialtas i ndiaidh Rialtas, fós tá cuid mhaith daoine a roghnaíonn gur mhaith leo cónaí amuigh faoin dtuath mar gheall ar áilleacht na háite, ceangal clainne, an caighdeán saoil agus mar sin de. Caithfidh muid freastal ar na daoine seo ar an gcaoi chéanna le pobal na cathrach. Ní mór dul i ngleic le deacrachtaí infreastruchtúr - uisce, searachas, teicneolaíochta, iompar agus eile - chomh maith le deiseanna fostaíochta a chuir ar fáil dóibh ar bhealach seasmhach agus inmharthanach.

Tá sé de cheart ag daoine seirbhísí sóisialta agus cultúrtha den chéad scoth a bheith acu faoin dtuath chomh maith. Tacaíocht ó thaobh grúpaí mionlaigh, pobail faoi mhíbhuntáiste oideachasúil nó tíreolaíoch, aosaigh agus óige, daoine le míchumas agus eile. Ní chóir go mbeadh leibhéal níos ísle tacaíochta ag na daoine seo mar nach bhfuil siad ag cónaí sna bailte móra.

D’fhógair Sinn Féin le seachtain go bhfuil Martin Ferris agus mé féin ainmnithe chun an straitéis nua seo chun polasaí dearfach tuaithe a thiomáint chun cinn. Beidh muid ag féachaint ar gach réimse polasaí agus ag comhoibriú lenár gcomhleacaithe Dála, Seanaid, Comhthionóil, Comhphobal agus Rialtas Áitiúil chun moltaí a dhéanamh ina gcuid réimsí sainscile chun an straitéis dúshlánach seo a mhúnlú.

Beidh muid ag bualadh le daoine aonair agus eagrais ar fud na tíre agus ag déanamh staidéar ar thuarascálacha agus moltaí atá curtha le chéile acu maidir le forbairt tuaithe. Beidh muid ag eagrú sraith de chruinnithe poiblí chomh maith leis na moltaí atá ag teacht chun cinn a phlé agus a scansáil agus le polasaí cuimsitheach, rannpháirteach a chuir chun cinn sa pháirtí. Mar chuid de seo beidh moltaí reachtaíochta agus gníomhartha praiticiúla dhá mholadh againn chun caighdeán ard saoil a chinntiú do phobal na tuaithe a thugann deis cothrom dóibh páirt ghníomhach a ghlacadh i ngach réimse den sochaí.

Beidh muid gan amhras ag féachaint ar seo ar fad le dearcadh uile oileánda. Tá muid i gcomhairle cheana féin lenár gcomhleacaithe ó thuaidh, go h-áírithe an tAire Michelle O’Neill a bhfuil obair shuntasach dhá dhéanamh aici cheana féin maidir le athfhás tuaithe agus forbairt pobail.

Má ta spéis agatsa cuidiú linn san obair seo níl ort ach teagmháil a dhéanamh linn agus cinnteoidh muid go mbeidh ról agat sa bhforbairt shuntasach seo a léiríonn dáiríreacht agus tiomántas Shinn Féin do mhuintir na tuaithe agus na pobail sin ar fud na tíre a bhfuil leatrom dhá dhéanamh orthu le fada an lá ó thaobh na heacnamaíochta, soláthar seirbhísí pobail agus sóisialta de.

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland