5 March 2012
Cé chosnóidh an Lucht Oibre óna hionsaithe Rialtais?
» LE EOIN Ó MURCHÚ
MÁ TÁ urlabhraithe de chuid Pháirtí an Lucht Oibre go mór chun tosaigh ag labhairt ar son ionsaithe ar lucht dífhostaíochta is eile, ní féidir dearmad a dhéanamh den eileafant taobh thiar - aos óg Fhine Gael.
Mar de réir mar a léiríonn páírtí Éamon Gilmore nach aon bhaol iad do lucht na pribhléide in Éirinn, tá na Léintí Gorma óga i ndiaidh éileamh fíochmhar a dhéanamh ag a gcómhdháil an mhí seo caite go gcuirfí Cómhaontú Pháirc an Chrócaigh ar leataoibh.
Geallúint a bhí sa gcómhaontú nach mbeadh aon laghdaithe breise ar phágh stáitseirbhísigh dá leanfaidís clár athchóirithe . Dar le ceannairí cheardchumainn tá na milliúin Euróachaí sábháilte cheana féin trén athchóiriú seo, agus ar ndóigh tá na mílte ag imeacht ón stáitsheirbhís faoi láthair féin a laghdóidh costaisí - ach faraoir a laghdóidh seirbhísí leis.
Ach ní leór an méad seo dona Léinte Gorma . Creideann siad go bhfuil an aicme oibre an oiread sin in ísle brí faoi láthair nach bhfuil an cumas acu aon troid fhiúntach a dhéanamh - ag leibhéal cheardchumainn ar aon nós.
Léirónn an seasamh a ghlac Joan Burton i gcoinne lucht dífhostaíochta nach dtiocfaidh Páirtí an Lucht Oibre chun chabhair leis an Lucht Oibre; agus chruthaigh Fianna Fáil freisin, agus iad i mbun rialtais gur tábhachtaí dóibh leas na mbancaeraí Gearmáineacha ná aos oibre na hÉireann.
Mar sin ní mór don Lucht Oibre seasamh leó fein, agus cabhair a lorg óna pairtithe a sheasann leó - ar nós Sinn Féin.
Follow us on Facebook
An Phoblacht on Twitter
Uncomfortable Conversations
An initiative for dialogue
for reconciliation
— — — — — — —
Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures