19 May 2005 Edition
Scrios ar Theamhair - Acropolis na nGael
BY Cathal O Murchu
Oidhreacht le scrios ar mhaithe le rachmas
The government's decision to built the new M3 motorway through the Tara/Screene Valley, rather than around it, displays a callous disregard for our national heritage, history and culture. The requirements to save our heritage come far below the requirements for profit and money. The potential for archeological excavation is said to be enormous and could yield very significant information as to who we are and where we come from. Would the Greeks show the same disregard for their Acropolis?
Ní chóir go mbeadh ionadh ar an bpobal mór faoin gcinneadh atá déanta ag an Rialtas maidir le tógáil bóthair an M3. Ach ní shéanann sé sin cé chomh scannalach agus atá an cinneadh seo. Tá sé beartaithe ag an Rialtas mótarbhealach nua a thógáil in áit bhóthar náisiúnta an N3 mar chuid den infheistíocht sa bhunlagar náisiúnta chun freastal a dhéanamh ar fhás tráchta agus cumarsáide idir Bhaile Átha Claith agus an t-Iarthuaisceart. Níl cur i gcoinne an riachtanais atá leis an mótarbhealach nua a thógáil ach ar an tslí ina bhfuil an mótarbhealach seo le stiúrú trí cheantar ríthábhachtach i dtaobh na staire, na seandálaíochta agus na hoidhreachta de. Níl fáth ar bith ann nach féidir an bóthar seo stiúrú timpeall an ceantar i gceist.
Tá ceist eile ann, ar ndóigh, ar bhfiú mótarbhealaí a ghearradh tríd an tír chun freastal ar riachtanais thaistil in ionad córais thaistil eile a phlé? Tá a fhios ag an bpobal mór anois nuair a thógtar bóithre den chineál seo chun freastal ar droch-chaoi an tráchta, an toradh a bhíonn ar seo ná go méadaíonn an trácht agus go dtagann an fhadhb chéanna ar ais ach é níos mó agus níos measa fós. Tá roghanna eile ann chun freastal ar an bhfadhb seo, mar shampla, tuilleadh infheistíochta a dhéanamh sa chóras traenach agus sa chóras taistil phoiblí i gcoitinne. Laghdódh sé ar chostais san fhadtéarma, gan tagairt ar dochar don timpeallacht a bheith laghdaithe. Ach ní mar sin a bhíonn an lucht rialaithe lena ndroch-thuairimí nua-liobarálacha ag smaoineamh, mar is léir nach bhfuil meas ag an lucht cinnidh seo againne ar an timpeallacht, ach iad buartha faoi chúinsí brabúis amháin.
Agus anois fillfimid ar phríomhphointe an ailt seo - is léir nach bhfuil meas ag an lucht cinnidh seo againne ar ár gcultúr, ar ár n-oidhreacht agus ar ár stair, toisc gur níos tábhachtaí cúrsaí rachmais dóibh siúd. Is i gCnoc Teamhrach a shuí Ard-ríthe ársa na hÉireann ar feadh na gcéadta agus an áit seo luaite go flúirseach sna fínscéalta, sa bhéaloideas agus sa stair. Níl tábhacht shiombalach agus mheabhrach amháin atá ag baint leis an suíomh seo, ach tábhacht ábhartha agus saolta chomh maith. Tá an t-uafás séadchomharthaí scaipthe ar fud Teamhrach agus Ghleann na Scríne i gcoitinne nach bhfuil fiosrúchán cuí iomlán déanta i dtaobh na seandálaíochta de. Ní hé lucht léinn in Éirinn amháin atá buartha faoin scéal seo ach lucht léinn thar sáile freisin os rud é go bhfuil an-tóir ar an suíomh seo. Maoitear go bhfuil tábhacht háite seo chomh fiúntach sin gur ionann Teamhair do na Gaeil agus an Acropolis do na Gréigigh! Más léir fianaise staire, béaloidis, fínscéalaíochta, seandálaí-ochta agus eile, ní iomarcach é sin a rá.
Stór Focail
oidhreacht — heritage
rachmas — prosperity
mótarbhealach — motorway
infheistíocht — investment
bunlagar náisiúnta — national infrastructure
seandálaíocht — archeology
nua-liobarálach — neo-liberal
lucht rialaithe — ruling class/establishment
lucht cinnid — decision makers
timpeallacht — environment
cúinsí brabúis — profit concerns
tábhacht shiombalach — symbolic importance
tábhacht ábhartha — material importance
séadchomharthaí — monuments
fínscéalaíocht — legendmaking