Top Issue 1-2024

19 May 2005 Edition

Resize: A A A Print

Samhradh an Spóirt

And so the Championship season of Gaelic Sport begins, promising plenty of entertainment for Gaels until October, writes AN DRAOI RUA

Cuireadh tús le comórtais móra na nGael ar na mallaibh agus is mór an spórt a bheas ag muintir na tíre go mí Dheireadh Fómhair. Seá, beidh cúpla céad cluiche le himirt sula mbeidh a fhios againn cé hiad na contaetha a mbeidh mar bhuaiteoirí chraobh shinsir peile na hÉireann, mar bhuaiteoirí pheil na mban, mar bhuaiteoirí chraobh shinsir iomána agus mar bhuaiteoirí na gcamógaíochta.

Ó thaobh an spóirt de, beidh neart ag tarlú an samhradh seo chugainn, mar a tharlaíonn gach aon bliain anois in Éireann. Cé go mbeidh an t-aird is mó dírithe ar na cluichí sinsearacha, ní féidir dearmad a dhéanamh fá na sóisearaigh, na mionúir ná iad siúd faoi 21 ach oiread.

Sa lá atá inniu ann, is deacair cónaí in Éireann gan a bheith tógtha ar dhóigh éigin nó spéis ar leith a léiriú i gcuid de na cluichí a bheas ag tarlú i rith an tséasúir atá le teacht.

Caithfidh mé a admháil go mbeinn ag barr an liosta leis an Chumann Lúthchléas Gael a cúiseamh as go leor lochtanna ach níl amhras ar bith ann ach go bhfuil tacaíocht an phobail ag an spórt.

Cé gurbh iad na Sasanaigh a chruthaigh na contaetha mar réigiúin agus gurbh é an CLG a bhuanaigh sin, ní ligimid dá leithéid cur isteach orainn. Is maith linn gabháil i ngleic lenár gcomharsana i gcónaí, is cuma más paróistí, bailtí, contaetha nó cúigí i ngleic lena chéile.

Déarfainn go bhfuil go leor daoine sa tír ar nós liom féin, nach dtaitníonn an eagraíocht leo, mar institiúid a dhéanann a dhícheall airgead a bhailiú agus a dhíríonn ar fhorbairt Pháirc an Chrócaigh nuair atá dearmad déanta ar na paróistí beaga fud fad na tíre. San am céanna, creideann an pobal i gcoitinne sa spórt féin. Is cuma cén cinéal cruth atá ar an pháirc, nó b'fhéidir nach bhfuil seomra feistis acu ach leanfar ar aghaidh le cluichí i ndrochchoinníollacha.

Cinnte, bheadh neart daoine den tuairim gur chóir airgead agus cumhacht an CLG a dhílárnú sa dóigh is go mbeadh saibhreas na heagraíochta roinnte go cothrom ar fud na tíre. Thiocfadh an t-airgead seo a úsáid le coinníollacha agus áiseanna spóirt níos fearr a sholáthar do fhoirne ar gach aois-ghrúpa ar fud na tíre ar fad. Cinnte, bheadh spreagadh agus cothú nach beag tugtha do na glúnta óga agus go háirithe dóibh siúd sna contaetha ina bhfuil na cluichí gaelacha lag i láthair na huaire. Mar shampla, is léir go bhfuil forbairt agus dul chun cinn le déanamh san iomáint i gCúige Uladh.

Cé go bhfuil cur chun cinn na Gaeilge mar sprioc curtha ar leataobh, tá áit i gcroí gach Gael do na cluichí gaelacha go fóill. Is iomaí croí a bheas tógtha agus briste sna míonna amach romhainn. Tá na geallglacadóirí gnóthach cheana féin ag tuar na mbuaiteoirí agus iad ag bailiú airgid i rith an ama.

'Is maith an t-iománaí an fear ar an chlaí' a deir an tseanfhocal, ach beidh níos mó ná iománaithe ar an chlaí óir beidh go leor peileadóirí agus tráchtóirí spóirt eile le cur síos a dhéanamh ar na heachtraí beaga is móra atá le tarlú idir seo agus deireadh an tséasúir.

Cé go bhfuil brí ar leith againn inniu leis an tseanfhocal thuasluaite, creidtear nach bhfuil cothrom na féinne tugtha don fhíorbhrí. Fadó, ba ghnách go mbíodh duine nó dhó gnóthach ar thaobha na páirce leis an sliotar a choinneáil istigh. Cinnte, bheadh ar an iománaí ar an chlaí a bheith iontach maith leis an cluiche a choinneáil ag gabháil. Inniu, áfach, glactar leis nach ndéanann iománaithe ar an chlaí a dhath ar bith ach caint.

Is cuimhin liom gur ghnách le m'athair mé a thabhairt leis go cluichí i bPáirc Mhic Easmáint i mBaile Andarsan, Béal Feirste. Ba chuma leis cé a bhí ag imirt ach chuamar ann ar aon nós. Níor bhac muid le dathanna foirne a chaitheamh in am ar bith ach bhíomar ann ar mhaithe leis an spórt. Abair go raibh Doire ag imirt i gcoinne Ard Mhacha. Má tharla sé gur sheas muid i measc mhuintir Ard Mhacha, thacamar le Doire; má sheasamar i measc mhuintir Dhoire, thacamar le Ard Mhacha. Caithfidh a rá gur mór an spórt a bhí againn ag na cluichí.

Tá súil agam go mbeidh Gaeil na cruinne in ann taitneamh a bhaint as na comórtais i mbliana, fiú muna bhfuil contae s'acusan chun tosaigh.

Seanfhocal na Seachtaine

'Bíonn cead cainte ag fear caillte na himeartha.'

Is maith cead cainte a thabhairt dá leithéid ar mhaithe le leithscéalta a chloisteáil.

Gluais

ar na mallaibh recently

buaiteoirí winners

cúiseamh accuse

drochchoinníollacha bad conditions

dílárnú decentralise

geallglacadóirí bookmakers


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland