Top Issue 1-2024

12 May 2005 Edition

Resize: A A A Print

Toradh Fheachtas Shinn Féin - Togha agus Rogha na Náisiúntóirí

While Sinn Féin's electoral growth was a considerable achievement in the light of consistent anti-republican attacks, these same attacks contributed to that growth being reduced from what might otherwise have been. Perhaps, the time has arrived for republicans to go on the political offensive and put their opponents under pressure, argues CATHAL Ó MURCHÚ.

Le linn torthaí an olltoghcháin agus torthaí na toghchán áitiúil sa Tuaisceart, tá tomhas cruinn againn i ndeireadh thiar thall ar líon tacaíochta na bpoblachtánach. Feictear go bhfuil fás agus forbairt tagtha fós ar thacaíocht Shinn Féin in ainneoin an fheachtais fhrith-phoblachtánaigh. Ní éacht beag é seo nuair a thugtar isteach san áireamh an ionsaí fhíochmhar agus leanúnach ina gcoinne a tháinig ó na meáin chumarsáide, ón Dá Rialtas agus ó bheagnach gach dream cumhachtach a bhfuil ann.

In Olltoghchán Westmin-ster, bhuaigh Sinn Féin 5 shuíochan agus 24.3% den vóta, suas 2.6% agus suíochán sa bhreis. Is é Conor Murphy ón Iúr-Ard Mhacha an feisire nua do Shinn Féin. Sna toghcháin áitiúil, is é 126 an líon suíochán atá ag Sinn Féin anois, breis is 18 suíochán ó 2001. Deá-scéal den chuid is mó is ea an toghchán seo ach b'fhiú cuimhniú gur cailleadh Gearóid Ó hEara, Méara Chathair Dhoire (de dheasca an tslí ina roinneadh an vóta), agus cailleadh an suíochán i Mountpottinger i mBéal Feirste. Maidir le Mountpottinger, is droch-chaillteanas é sin do Shinn Féin nuair a thugtar isteach san áireamh gur eascraigh feachtas frith-phoblachtánach ó dhúnmharú Robert McCartney san áit seo. Sa chás seo, áfach, caithfear a mheabhrú gur éirigh le Sinn Féin an vóta a choimeád ach go ndeachaigh aistriúchán an SDLP go dtí an Alliance.

Cé gur éacht mór atá déanta ag Sinn Féin sna toghcháin seo, b'fhiú meabhrú go bhféadfaidh níos fearr a dhéanamh agus tá an méid seo admhaithe ag Alex Maskey. Cé nár éirigh leis an bhfeachtas frith-phoblachtánach tacaíocht na bpoblachtánach a laghdú, d'éirigh leo an fás a laghdú agus caithfear aird chúramach a tharraingt ar seo. Caithfear ceachtanna a fhoghlaim chomh maith, go háirithe maidir leis an gcaoi a raibh poblachtánaigh tarraingte isteach i leith bhás Robert McCartney. Ní haon chúis ionaidh é go ndéanfaidh lucht rialaithe atá cumhachtach agus maoinithe ionsaí ar Shinn Féin, os rud é go mbagraíonn Sinn Féin athrú fírinneach ar an sochaí seo acusan. Cé eile atá i gceist ach an Dá Rialtas, na náisiúntóirí meánaicmeacha agus na haontachtóirí. Tá greim daingean acu ar na meáin chumarsáide agus is uirlis troda acu é i gcoinne poblachtánachais agus náisiúnachais i gcoitinne.

Níl mórán poblachtánaigh in amhras ach go leanfar ar aghaidh leis na ionsuithe frith-phoblachtánacha seo. Tá sé in am, b'fhéidir, do phoblachtánaigh dul níos mó ar ionsaí i gcoinne an lucht rialaithe céanna seo mar chúinse straitéiseach os rud é gur olc a dtaifead siúd ar an rialú atá déanta acu go dtí seo - ó Thuaidh, ó Dheas nó sa Bhreatain fiú! Níl easpa armlóin chuige seo! Ní féidir cáineadh a dhéanamh ar an sár-obair atá déanta ag oibritheoirí toghchánaíochta Shinn Féin, ach b'éifeachtach fuinneamh intleachtúil a chaitheamh ag ionsaí náimhdí saoirse na hÉireann. B'fhiú dúinn meabhrú go bhfuil taoide na staire ag tiontú i dtreo Éire Aontaithe, ach ní cúis leisce é sin.

Is bóthar crua casta é bóthar chun na saoirse.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland