Top Issue 1-2024

28 April 2005 Edition

Resize: A A A Print

Turas nó Oilithreacht

Since many people may be thinking of holidays, AN DRAOI RUA takes the opportunity to remind folk how travel and pilgrimages have always been a great part of our psyche.

Ag brath ar an chomhthéacs, is ionann an focail 'turas' agus 'oilithreacht' i nGaeilge. Ar ndóigh, is féidir dul ar thuras agus gan oilithreacht ar bith a dhéanamh ach níl a fhios agam an dtig oilithreacht a dhéanamh gan dul ar thuras.

Caithfidh a admháil go raibh dúil riamh ag na Gaeil i dtaisteal de chinéal ar bith. Ba é an chéad scéal a bhreac na manaigh síos ar phár ná 'Navigatio Sancti Brendani'. Anois, tuigimid gur scríobhadh seo i Laidin ach léiríonn sé seo an tuiscint a bhí ag na Críostaithe luaithe seo ar mheon na nGael i dtaobh taistil.

Tá neart taistil i gceist sa bhéaloideas chomh maith. Leoga, tá trácht ar éachtraí móra i bhfad i gcéin sna scéalta seo agus is iontach an cur síos atá ar chúrsaí áirithe.

Cinnte, bhí suim riamh ag daoine sna scéalta seo uathu siúd a bhí ag taisteal. Bhí neart le foghlaim ón dream a tháinig ar ais. Mar shampla, glactar leis nár thóg Naomh Breandán a dhath ar bith ar ais ó Mheiriceá ach an 'scéal' ach bhí tionchar nach beag ag scéal orainn i gcónaí. Nuair a d'éirigh ár sinsir ró-cleachtaithe leis an 'Táin Bó Chuailgne', tuigimid ón 'Nua-Rúraíocht' go raibh Cúchulainn is an Craobh Rua ag taisteal ar fud na cruinne sna scéalta.

Creidim go raibh muid i dtólamh fiosrach fá thíortha eile is fá dhaoine eile agus gur cheart dúinn an meon oscailte sin a chothú is a spreagadh inár measc go fóill.

Tuigtear fosta nach raibh sé chomh furasta sin ag ár sinsir dul ar thuras ar bith. Ba mhinic a mbíodh saol duine caite sa bhaile aige/aici agus dá mbeadh duine le dul ar thuras ar bith, gach seans nach mbeadh sé/sí le feiceáil ar ais sa bhaile go deo. Cinnte, d'imigh cuid mhór de mhuintir na tíre seo ar imirce is nár tháinig abhaile choíche.

Sa lá atá inniu ann, tá sé i bhfad níos fusa do dhaoine taisteal a dhéanamh agus tá athrú mór tagtha ar chúrsaí maidir le daoine ag dul ar imirce. Is cosúil go bhfuil daoine ag teacht chun na tíre seo ar imirce ach ní i gcónaí a bhfuil 'céad míle fáilte' ná 'fáilte Uí Cheallaigh' curtha rompu. Dá dtiocfadh linn an meon oscailte sin a bhí ag ár sinsir a choinneáil agus cluas a thabhairt le héisteacht don mhéid atá le hinsint ag teifigh agus eile, ní amháin go mbeadh saibhreas de scéalta le cloisteáil againn ach bheadh muid i bhfad níos tuisceanaí dár cuairteoirí fosta.

Tá suim againn go fóill sa taisteal. Bíonn lucht féachána measartha mór ag cláracha taistil is saoire mar 'Hector Amú'. Luaigh Flann O'Brien go raibh sé ina chumas taisteal a dhéanamh go háit ar bith ar clár na cruinne agus é ina shuí sa bhaile. Tháinig tuar s'aigesean faoin tairngreacht agus téann neart daoine ar thuras le Hector agus iad ina suí os comhair teilifíse na laetha seo.

Creideann Bunstoc na hAstráile nár chóir dóibh dul áit ar bith muna bhfuil amhrán na haite de ghlanmheabhair acu aguds iad tuillteanach iad a chanadh ag taisteal tríd na ceantracha éagsúla. Má tá sé ar intinn againn dul ar thuras, b'fhéidir gur cheart níos mó ama a chaitheamh ar chultúr an phobail a thuiscint, in ionad a bheith buartha fán mhótarbhealach is gaiste nó an McDonald's is cóngaraí. Ar ndóigh, má tá éinne ag taisteal agus gluaisteáin lán de pháistí bheaga, is oilithreacht ceart í sin.

Seanfhocal na Seachtaine

'Cé gur maith turas is troscadh is

cráifeacht is fearr daonnacht is féile.'

Níl sé i gcumas gach duine turas a dhéanamh ach gach seans go mbeadh níos mó le foghlaim sa bhaile.

Gluais

oilithreacht pilgrimage

fiosrach curious

meon oscailte open mind

teifigh refugee

tairngreacht prophecy

de ghlanmheabhair off by heart/to memorise


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland