Top Issue 1-2024

21 April 2005 Edition

Resize: A A A Print

Na Madraí Mire - Cé a chuirfidh smacht ar na Gardaí?

Frank McBrearty Snr

Frank McBrearty Snr

Tar éis an méid atá titithe amach ó Bhínse Fiosrúcháin Morris go dtí seo, is léir go raibh na Gardaí imithe as smacht le linn a gcuid imeachtaí i dTír Chonaill, go háirithe tar éis bás Ritchie Barron. Le bheith cruinn faoi seo, is léir go raibh siad imithe as smacht roimhe seo agus bhí cultúr i bhfeidhm ina measc nach raibh siad freagrach d'einne ach iad féin. Ní chuirfidh aon rud sa tuairisc seo ionadh ar phoblachtánaigh os rud é go bhfuil an-chleachtadh acu ar mhí-úsáid cumhachta na nGardaí. Ach nochtaíonn an fiosrúchán seo don phobal mór an-chuid de na míchleachtais a bhí (agus fós atá) i bhfeidhm ag na Gardaí.

Baineann an fiosrúchán seo leis na imeachtaí tar éis bás Ritchie Barron nuair a leag gluaisteán é agus an tslí ina ndeachaidh na Gardaí i mbun an scéal seo a fhiosrú. Ní raibh suim acu, áfach, teacht ar an bhfírinne ach amháin an locht agus milleán a chuir ar Frank McBrearty, os rud é go raibh doicheall acu air. Chuaigh na Gardaí chomh fada le fiosrúchán bréagach a chur a siúl, é a chúisíodh agus a chiontaíodh ar dhúnmharú Ritchie Barron. Ach rinne Muintir McBrearty athchomhairc ar seo agus tiontaíodh an breith. Nuair a rinneadh tuilleadh fiosrúchán faoin scéal seo, tharla sé go raibh na Gardaí thar a bheith cleachtaithe ar mhí-úsáid cumhachta.

Ach téann an scéal seo faoi na Gardaí i bhfad níos doimhne ná a gcuid gníomhaíochtaí i dTír Chonaill. Tá coiste ag suí ar ghníomhaíochtaí na nGardaí maidir le dúnmharú John Carthy i Mainistir Leathrátha i gCo. Longphoirt i mí Aibreáin na bliana 2000. Is é Bínse Fiosrúcháin Barr atá i bhfeighil ar an scéal seo. Bhí na Gardaí bainteach le dúnmharú Rónán McLoughlin i mí Bealtaine na bliana 1998, ach níl aon bhínse fiosrúcháin ag suí ar an scéal seo. Tá a fhios againn anois go bhfuil baill de na Gardaí ciontaithe ar choireanna éagsúla, mar shampla pornagraifíocht leanaí, caimiléireacht agus mar sin de. Tar éis buamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin sa bhliain 1974, bhí na Gardaí in ainm is a bheith ag fiosrú an eachtra seo. I ndáiríre, thug siad neamhshuim ar an eachtra seo os rud é go mbeadh sé an-mhíchompórdach do lucht rialaithe na Fiche Sé Chontae dá dtarraingeofaí forsaí slándála na Breataine isteach san ainghníomh seo, go háirithe sa chaoi go raibh Brainse Speisialta na nGardaí ag comhoibriú leis na forsaí slándála céanna seo ina gcogadh comónta i gcoinne na bpoblachtánach.

Tháinig Michael McDowell isteach mar Aire Dlí agus Cirt leis an ngealltanas go gcuirfidh sé smacht ar na Gardaí agus go ndéanfaí iad a bheith freagrach as a gcuid mhí-úsáid cumhachta. Ach níl éirithe le McDowell in aon chor, bíodh nach bhfuil an misneach aige seasamh suas ina gcoinne nó nach raibh sé riamh i gceist aige leasaithe a chur ar ceann de na hinstitiúidí is beannaithe don Saorstát. An fhreagra atá aige ar éileamh a bhfuil géarghá le leasaithe a dhéanamh ar na Gardaí ná an Bille Garda. Ach níl aon leasú i gceist anseo. Ní laghdóidh an bille seo an chumhacht atá ag na Gardaí ach a mhalairt. Treiseoidh an bille seo na cumhachtaí iomarcacha atá ag na Gardaí cheana féin, agus ní fhéadfaí aon amhras a bheith ann ar cé a dhíreofar na cumhachtaí seo i gcoinne!


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland