Top Issue 1-2024

16 March 2005 Edition

Resize: A A A Print

Sléacht Sharepville

Monday 21 March marks the 45th anniversary of the Sharpeville massacre of 1960 but what lessons have been learned since, asks AN DRAOI RUA

Níl amhras ar bith ach gur tubaisteach agus gur uafásach an eachtra a tharla i Sharpeville 21 Márta 1960. Maraíodh 69 duine láithreach agus gortaíodh suas le 180 duine ar aon láthair amháin. Tuigtear fosta nach raibh duine ar bith acu armtha ach gur mhothaigh péas na hAfrice Theas go raibh sé de cheart, de chóir is de chead acu toiseacht ag scaoileadh.

Ar ndóigh, cuireadh daoine gorma faoi chois ar feadh na cianta ar fud na cruinne ach is fiú breathnú ar chuid de stair na hAfraice Theas le tuiscint níos soiléire a fháil ar an sléacht áirithe seo i Sharpeville:

Bunaíodh Stait na Afraice Theas i 1902 agus bhí smacht ar an chine ghorm mar chuid den bhunreacht. Agus an Páirtí Náisiúnach Herstigte tagtha i gcumhacht, daingníodh an diansmacht ar an chine ghorm agus dlíthe éagsúla ag teacht i bhfeidhm. Creidtear go raibh fealsúnacht na cinedheighilte mar pholasaí dian ag an rialtas faoin bhliain 1958.

Bhí an ANC ag obair go crua i rith an ama ag cur i gcoinne na rialacha is na dlíthe nua a bhí ag teacht ón rialtas claonta. Bhí an eagraíocht seo ag feidhmniú mar eagraíocht síochána i gcónaí cé gur chuireadh a mbaill faoi dhiansmacht. Chuir siad 'Cártchlár na Saoirse' ar bun i 1956.

Faoi dheireadh na caogaidí, bhí grúpa níos raidicigh ag teacht chun tosaigh fosta - PAC. Cé go raibh na cuspóirí céanna ag an ANC agus ag an PAC, is cosúil nach raibh siad sásta comhoibriú lena chéile. B'fhearr le PAC stailceanna, baghcatanna agus feachtais le dul i gcoinne comhoibriú ar bith leis an Stát a eagrú.

Mar a tharlaíonn sé ba é an PAC a bhí i mbun na hagóidí an lá úd 21 Márta 1960. Bhí siad ag léirsiú in éadan na dlíthe pas a bhí curtha i bhfeidhm ag an rialtas. Bhí slua de 20,000 duine bailithe in Evaton, 4,000 ag Vanderbijlpark agus 5,000 i Sharpeville. Bhain fórsaí an Stáit úsáid as eitleáin Sabre ag eitilt go híseal leis an slua a scaipeadh i Evaton agus d'ionsaigh an péas an slua agus mharaigh siad duine amháin i Vanderbijlpark agus iad ag cur an ruaig orthu ansin. Deir na péas gur scaoileadh an duine seo nuair a bhí siad ag iarraidh iad féin a chosaint ó dhaoine a bhí ag caitheamh clocha orthu. Ar ndóigh, tá a leithéid de leithscéal cloiste cheana.

I Sharpeville, creidtear nach raibh ach dáréag fear péas lonnaithe ansin ar maidin. Faoi mheán lae, bhí suas le 300 péas armtha ar an láthair. Baineadh úsáid as na heitleáin Sabre ansin chomh maith ach níor scanraíodh gach duine den slua. Tuigtear go raibh thart fán mhéid céanna sa tslua nuair a thosaigh na gunnaí ag scaoileadh.

Níl cinnteacht ar bith ar cad chuige ar thosaigh na péas ag scaoileadh a gcuid gunnaí. Tá tuairimí éagsúla ann gur tugadh an ordú, gur chaitheadh cloch ón tslua, gur dúnadh doras go tobann agus gur chreideadh gurbh é daoine ón tslua ag scaoileadh. Caithfidh a rá, áfach, nach bhfuil faisnéis ar bith ann go raibh airm ar bith ag duine ar bith sa tslua.

Dar leis an fhiosrúchán oifigiúil a rinneadh, deir sé gurbh iad cuid de na péas a bhí scanraithe, faitíosacha agus ar bheagán taithí a thosaigh ag scaoileadh a gcuid gunnaí ar an tslua. San am céanna, deirtear go raibh idir 50 agus 75 fear péas ag scaoileadh ar an tslua. Cé go raibh daoine ag rith ar siúl, lean na péas ag scaoileadh leo. Creidtear gur scaoileadh an slua ar fad beagnach. Maraíodh 69 duine, ochtar bean agus deichniúr páiste ina measc. As an 180 duine eile a gortaíodh, scaoileadh 150 acu ón chúl.

Tuigtear gur ghlac sé tamall mhaith do na seirbhísí éigeandála teacht ar an láthair agus go raibh na péas mall go leor le cuidiú a thabhairt. Cé go raibh daoine ag fulaingt sna otharlanna go fóill, gabhadh 77 duine go gairid i ndiaidh an tsléachta.

Ón lá sin amach, bhí daoine gorma san Afraic Theas den tuairim go raibh gá le foréigean i ngluaiseacht s'acusan le cearta a bhaint amach agus is mór an trua a rá ach gur tharla neart eachtraí fuilteacha ina dhiaidh.

Maidir le foréigean ón stát, shílfeá go mbeadh céachtanna staire foghlamtha. Ar an drochuair, tharla an rud céanna Domhnach na Fola i nDoire Eanáir 1972 agus san Iaráic i bhFallujah Aibreán 2003. Faror, tá neart samplaí eile ann chomh maith ... Anois agus dlíthe diansmachta curtha i bhfeidhm ag an domhan an iarthair, ní fios cad é eile a thiteas amach.

Dála an scéil, is é 21 Márta an dáta atá roghnaithe ag rialtas na hAfraice Theas ar mhaithe le comóradh a dhéanamh ar Chearta Daonna gach bliain.

Gluais

sléacht massacre

láithreach immediately

diansmacht strict control

fealsúnacht na cinedheighilte philosophy of apartheid

Cártchlár na Saoirse The Freedom Charter

comhoibriú co-operation

cinnteacht certainty

fiosrúchán oifigiúil official enquiry

seirbhísí éigeandala emergency services

Seanfhocal na Seachtaine

'Is dóigh le fear na buile gurb é féin fear na céille.'

Ar an drochuair, is cosúil go bhfuil gealtanna i mbun rialtais sa domhan seo go fóill.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland