Top Issue 1-2024

6 February 2012

Resize: A A A Print

Ionsaí na Tuaithe

Ciorruithe ag titim níos troime ar na ceantair tuaithe

LE TREVOR Ó CLOCHARTAIGH

TÁ NA ‘CULCHIES’, mar a thugann Mary Lou McDonald go ceanúil orainn, ar buile. Tá muid ag déanamh amach go bhfuil éagóir sa bhreis dhá dhéanamh orainn seachas saoránaithe cathrach, de bharr go bhfuil cónaí orainn amuigh faoin dtuath. An bhfuil an ceart againn, nó an é nach bhfuil muidne sásta ár gcóir leighis eacnamúil a ghlacadh chomh maith le gach duine eile?

Níl aon dabht faoi go bhfuil gach duine ag fulaingt de bharr na gciorruithe, ach an bhfuil na ciorruithe dhá chur i bhfeidhm ar an leibhéal céanna go tireolaíoch? Ni mheasaim go bhfuil. Ach, ar eagla na míthuisceana, ná ceap go bhfuilim ag iarraidh breis pian agus costas a chuir ar mo chomrádaithe cathrach, mar nílim. Bheadh réiteach iomlán difriúil ag Sinn Féin ar cheist seo na ndeacrachtaí eacnamúla, ach sin scéal eile.

Is dóigh gurb é scéal na ndabhachanna séarachas is mó atá i mbéal an phobail, ach tá cuid  mhaith ciorruithe eile a thiteann, dar liom, níos troime ar mhuintir na tuaithe ná ar dhaoine eile sa tir seo. Beidh scéal na ndabhachanna an-tromchúiseach. Tá muid ar fad ar son uisce glan agus córais ceart séarachas, ach an gá córas costasach cigireachta a chuir in áit chun cloí le rialacháin na hEorpa nó an bhféadfadh muid réiteach simplí, eacnamúil a chuir in áit, tríd na comhairlí chontae, mar a rinneadh sa Chabhán. Sa bhreis ar sin, má theipeann ar do dhabhach céard faoin gcostas athchóirithe a bheidh ann?

Ó thaobh scoileanna beaga tuaithe, tá contúirt an-mhór ann go ndúnfar scoileanna beaga ar fud na tíre faoi na moltai atá déanta ag an Aire. Bainfidh seo an croí as pobail tuaithe agus cuirfidh sé costas breise iompar ar dhaoine, tar éis go ndearnadh dúbailt ar chostais bus scoile le linn na cáinfhaisnéise. Beidh múinteoirí óga ag cailleadh a bpoist chomh maith. Fágfaidh siad seo an ceantar ar thóir oibre agus caillfear leis sin deis cur leis an daonra agus an tacaíocht dheonach a thugann siad ina gceantar féin ar iliomad bealaí.

Tá athchóiriú dhá dhéanamh ar leagan amach na n-uaireanta feabhais agus tacaíocht foghlamtha chomh maith. Tá imní ar scoileanna go gcaillfidh siad an líon uaireanta atá acu dá bharr agus cuid de na poist féin. Dóibh siúd a bheidh fágtha, de bharr nach féidir ‘cúpláil’ a dhéanamh ar uaireanta feabhais agus tacaíocht foghlamtha agus iad a thabhairt don mhúinteoir céanna i scoil faoi leith, beidh múinteoirí ag taisteal thar a chéile ag dul ó scoil go scoil, leis an teagasc a dhéanamh. Rud a léiríonn nach bhfuil tuiscint dá laghad ag an Roinn ar na socruithe praiticiúla a bhaineann le riaradh scoileanna beaga tuaithe.

Caillfear poist múinteoirí oidhreachta in áiteanna cosúil leis an gCeathrú Rua chomh maith. Poist a d’fhág go bhféadfaí níos mó ama a chaitheamh le dian-theagasc na léitheoireachta agus mata le daltaí níos laige.

In ainneoin go bhfuil Taoiseach agus Tánaiste againn gur ‘culchies’ iad, tá claonadh éagcothrom ag an Rialtas seo i gcoinne pobal agus muintir na tuaithe

Tá na ciorruithe leighis dhá mhothú níos géire faoin dtuath chomh maith measaim. Tá Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte cheana féin ag gearradh siar ar sheirbhísí fiaclóireachta agus banaltraí poibli i gceantair iarghúlta. Tá deireadh dhá chuir, mar shampla, leis an tseirbhís fiaclóireachta scoile a bhíodh ar fáil i gCarna i gConamara, de bharr an chosc ar earcaíocht sa tseirbhís poiblí. Tá sé ráite le pobal Charna gur féidir leo freastal ar sheirbhísí ar an gClochán nó sa gCeathrú Rua. Anois, muna bhfuil do chóras iompar féin agat ní féidir leat sin a dhéanamh mar níl seirbhís iompar poiblí ar bith idir Carna agus na bailte eile sin. Freisin, tá costas iompar i gceist, gan trácht ar leath-lá anonn is anall chun freastal air.

Tá ceist na mbanaltraí sláinte poiblí tromchúiseach chomh maith. Tá an banaltra i gCloch na Rún le dul amach ar phinsean go luath agus níl aon chaint duine a chuir ina háit. D’fhágfadh seo paiste mór de thuaisceart Chonamara gan banaltra áitiúil agus brú breise ar na banaltraí as ceantair eile chun teacht isteach le haire a thabhairt do dhaoine. An t-aon toradh a bheidh ar seo, in ainneoin chomh díograsach agus chomh cumasach is atá na banaltraí seo, ná go mbeidh níos lú ama acu leis na hothair de bharr an brú breise agus an méíd ama a chaithfidh siad ar an mbóthar. Ní féidir caighdeán na seirbhíse a choinneáil suas ar an gcaoi sin.

Níl anseo ach sampla de na ciorruithe a thiftfidh níos troime ar phobal na tuaithe seachas i gceantair eile. Rud a léiríonn, in ainneoin go bhfuil Taoiseach agus Tánaiste againn gur ‘culchies’ iad, go bhfuil claonadh éagcothrom ag an Rialtas seo i gcoinne pobal agus muintir na tuaithe. Ach, an léas dóchais is mó atá againn ná go bhfuil muintir na tuaithe ag éirí amach agus ag cur i gcoinne na gciorruithe seo ag cruinnithe poiblí, agóidí is eile. Níl sé ach ina thús!

 

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland