Top Issue 1-2024

24 February 2005 Edition

Resize: A A A Print

Staonadh ón Iomarca

Children from the Chernobyl Children's project, along with Adi Roche, are pictured with Mary McAleese on their visit to Áras an Uachtarán in December

Children from the Chernobyl Children's project, along with Adi Roche, are pictured with Mary McAleese on their visit to Áras an Uachtarán in December

'A little bit of self-denial keeps us all sane' - a statement, writes AN DRAOI RUA, that stands for all creeds, especially in this commercial western society.

Go dtí le déanaí, bhí a lán páistí ó cheantar Chernobyl ag teacht ar cuairt chun na tíre seo le tréimhse a chaitheamh i dtimpeallacht 'sláintiúil'. Bhí cairde de mo chuid féin ag glacadh páistí isteach i rith an tsamhraidh agus mhothaigh siad gur pribhléid a bhí ann. I ndiaidh roinnt seachtaine a chaitheamh in Éirinn, ba léir an tionchar folláin ar dhreach na bpáistí ach ní mar a shíltear a bítear i gcónaí.

Cé go raibh sos maith faighte ag na páistí agus iad in Éirinn, bhí siad go mór faoi ghruaim ag dul abhaile. Ba mhór an t-éadóchas a bhí orthu ag dul ar ais chuig a muintir féin.

Níorbh é an timpeallacht is an dúlra a chrónaigh na páistí ina ndiaidh ach an siopadóireacht is an íomha go mbíonn rogha gach bí agus togha gach dí ar fáil do chách. Ar ndóigh, bhí cuid mhaith de na páistí céanna millte go maith agus iad ag stopadh le teaghlaigh áirithe. Tá sé intuigthe go mbíodh trua ar dhaoine do na páistí beaga bochta agus rinneadh a ndícheall gach rud a ba mhian leo a fháil dóibh. Bhí go maith is ní raibh go holc go dtí go ndeachaigh siad abhaile.

Bhíodh drochnósanna an iarthair agus meon an cheannaí foghlamtha ag na páistí faoin am a raibh siad ag pilleadh abhaile ar a muintir féin. Cinnte, níl na roghanna céanna ar fáil ina dtír dúchais agus ba mhór an raic a thóg cuid de na páistí agus iad ar ais sa bhaile.

Ní mó ná sásta a bhí na tuismitheoirí ná muintir na bpáistí agus iad ag teacht abhaile chucu ag rá leo gur mhian leo seo, gur mhaith leo siúd agus go raibh níthe eile de dhíth is ag teastáil go géar uathu. Chuaigh na rudaí seo uilig go mór i bhfeidhm ar an phobal gur eisigh Uachtarán na hÚcráine ráiteas anuraidh ag rá nach raibh sé tuillteanach páistí na tíre a chur go hÉireann toisc iad ag teacht abhaile mar 'caiteoirí beaga'.

Caithfidh muid an cheist a chur dá bharr, an bhfuil 'caiteoirí beaga' á thógáil againn in Éirinn i rith an ama? Mar shampla, nuair a théimid chuig an ollmhargadh, an bhfaigheann na páistí gach uile rud a ba mhian leo? Ag an chuntar, an dtugtar milseáin do pháistí toisc iad a bheith ag caoineadh? Má ghéilltear don chaoineadh, is olc an nós a leithéid a chothú óir sílfidh an páiste go bhfaighidh sé a mhian cibé uair a chaoineann sé.

Níl sé de phribhléid againn go bhfuil sé inár gcumas ár rogha rud a cheannach i gcónaí ach is cinnte nár chóir a leithéid de chleachtas a chothú inár bpáistí. Spreagann a leithéid 'mé-féineachas' agus is beag a mbíonn 'mé-féineoir' ag smaointiú fá dhaoine eile, fá dhualgasaí ná cúraimí eile sa tsochaí ná sa domhan.

Is maith an rud srian a chur ar chaiteachas sa ghlún óg ach is cosúil go dtuigeann lucht an rachmais an cumhacht atá acu agus margaíocht dírithe ar dhaoine bheaga. Feictear go mbíonn neart milseáin fágtha díreach in aice leis an chuntar san ollmhargadh agus go mbíonn neart bréagáin is araile ar an teilifís dírithe ar p3;irí a chur ina ceart.

Má tá troscadh de shaghas éigin déanta ag duine, ar a laghad, bíonn tuiscint acu ar dhaoine atá ar an ghannchuid. Ní amháin sin, ach is mó an meas a bhíonn acu ar na níthe céanna.

Is cuma cén cúlra reiligiúin atá ag duine, creidim gur fiú go mór Ramadan, Carghas nó tréimhse staonaireachta de shaghas éigin a chaitheamh i rith na bliana.

Gluais

staonadh abstain

faoi ghruaim depressed

éadóchas despair

meon an cheannaí commercial mentality

caiteoirí consumers

cleachtas practice

margaíocht marketing

truflais rubbish

Seanfhocal na Seachtaine

'Nuair is gann é an bia, is é an diabhal é a roinnt.'

Is beag duine a bheadh sásta a dhath a roinnt muna bhfuil an tuiscint acu smaointiú fá dhaoine eile.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland