Top Issue 1-2024

6 February 2012

Resize: A A A Print

Cogadh á bhagairt ar an Iaráin . . .

 

Agus seasann Éamon Gilmore leis!

» LE EOIN Ó MURCHÚ

TÁ COGADH eile, is cosúil, dhá bhagairt ar an MeánOirthear, ar an Iaráin an uair seo, más fíor dona comharthaí atá ag tíocht as Meiriocá agus ón Aontas Eorpach.
Tá’s againn cén praghas a d’íoc muintir na hAfganastáine is muintir na hIaráice as na cogaí a fearadh rompu, ach anois tá lucht na cogaíochta ag díriú a n-áird ar an Iaráin.
Agus cén leithscéal atá acu dó seo? Táthar ag rá go bhfuil an Iaráin ag cur clár buamaí núicléacha i bhféidhm - clár, deirtear, a bheidh ina bhagairt don tsíocháin!
Sheas Éirinn riamh, ó aimsir Frank Aiken leis na hiarrachtaí le stop a chur le cláracha den chineál seo, ach séanann an Iaráin go bhfuil a leithéid de chlár ar siul acu. Agus cuireann an scéal seo i gcuimhne dúinn na bréaga faoi uirlísí ollscriosta a bheith ag Saddam Hussein, uirlísí nár fuarathas tásc nó tuairisc orthu nuair a rinneadh ionradh ar an tír sin is nuair a scriosadh eacnamaíocht is sóisialtacht na hIaráice.
Is cuma an fhírinne, ar ndóigh, mar tá toghchán ag bagairt orainn i Meiriocá, agus is cosúil go bhfuil a leithéid de bravado ag teastáil ó Obama le cinntiú go bhfanfaidh sé sa Teach Bán.
Ar ndóigh, dá mbeadh an tIarthar dáiríre faoi scéal na n-uirlísí núicléacha tuige nach dtosóidis le hIosrael, mar tá’s ag Meiriocá agus ag an domhan mor go bhfuil na huirlísí seo acusan is go bhfuil siad ina bhfíor-bhagairt do thíortha eile an MheanOirthir, an Iaráin ina measc.
Ach níl aon chaint faoi sin, rud a léiríonn nach bhfuil sa mbagairt ar an Iaráin ach cuid den chleas le leithscéal a aimsiú le haghaidh chogaidh eile - cé gur dócha go mbeidh an Iaráic níos deacra ná an Iaráin is ag Dia atá a fhios cén dochar a dhéanfaí do gheilleagar an domhain maraon le muntir na hIaraine féin.
Tá feachtas bolscaireachta ar siúl mar sin in aghaidh na hIaráine, ag rá gur bagairt í dá gcomharsana cé nach ndearna an Iaráin aon ionradh ar thír comharsanacht le céad go leith bliain! Ní fhéadfadh an rud céanna a rá faoi Iosrael.
Cuid den fheachtas ar ndóigh ná tabhairt faoi Uachtarán na hIaráine, Mahmoud Ahmadinejad. Cuirtear ina leith go séanann se gur tharla an tUileloscadh (nó shoah) don chine Giudach san Eoraip.
Táim aimhreasach i ndáiríre an bhfuil a leithéid á ra aige, ach má tá is seafóid é. B’e an tUileloscadh an choir ba uafásaigh i stair an chine daonna agus laghdaíonn duine ar bith a shéanann gur tharla sé é féin.
Ach ní ceart go mbainfí mí-úsáid as an uafás sin le forrántachht na hIosraeile a mhaitheamh. Ní hiad pobail an MhéanOirthir, nó pobal na hIaráine, ná na Palaistínigh ba chúis leis an Uileloscadh ach muintir na hEorpa agus na Gearmáinigh ach go háirithe.
Ach cén bhaint atá ag an scéal seo linn? Tá sé dochreidte agus náireach go smior go bhfuil Tánaiste na hÉireann agus ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Eamon Gilmore, i ndiaidh páirt a ghlacadh sa bhfeachtas seo, ag aontú le smachtbhannaí in aghaidh na hIaráine a shocraigh an tAontas Eorpach, ar iarthíortha impiriulacha an chuid is mó díobh.
Is fada taobh thiar de atá frith-impiriúlachas fágtha nuair a bhíonn sé sásta cogadh a bhagairt ar thír nach ndearna aon rud riamh inár gcoinne.
Ach seo é an praghas a cheapann sé go gcaithfidh muid a íoc le léiriú gur buachaillí maithe muid i rang sóisearach an Aontais agus le dea-thoil ár maistrí a fháil.
An bhfuil éinne ann i bPáirtí an Lucht Oibre atá sásta labhairt amach faoin uirísliú seo?

 

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland