Top Issue 1-2024

3 February 2005 Edition

Resize: A A A Print

Tús an Earraigh agus Tréimhsí eile na Bliana

With the beginning of spring, AN DRAOI RUA has taken the opportunity to give a brief account of how the ancient Celts divided up their time

Bíonn dóchas úrnua ag fás i mo chroíse ag an tráth seo den bhliain agus tús an earraigh tagtha. Uaireanta, déanaim iarracht eagar a chur ar mo shaol agus breathnaím ar pleananna atá le cur i gcrích agam. Cinnte, cuidíonn tréimhsí na bliana le rudaí a chur in ord. Ní i gcónaí, áfach, a éiríonn liom gach rud a chríochnú le haghaidh spriocdháta.

Bhí córas measartha simplí leagtha amach ag ár sinsir don bhliain. Ar ndóigh, bhí na Ceiltigh ag brath go mór ar an dúlra agus ní ionadh é go raibh an bhliain roinnte de réir na ráithe:

1.Samhain: Is é an bhrí atá leis ná 'deireadh an tsamhraidh'. Thosaigh an bhliain ceilteach leis an séasúr seo i gcónaí. B'fhéidir gur tugadh tús-áite don gheimhreadh as siocair go raibh níos mó ama le haghaidh seanchais. Tuigtear go bhfuil béim ar leith curtha ar an domhan eile agus ar anamacha na marbh i rith an ama seo.

2.Imbolg: Deirtear gur 'lachtadh' an bhrí atá le 'Imbolg'. Ar ndóigh, cuirtear béim ar leith ar shéasúr an earraigh agus baint nach beag ag an bhandia 'Bríd' ar chúrsaí chomh maith. Cuirtear béim ar thorthúlacht an nádúir agus ar thábhacht na n-ainmhíthe óga, bhí cosaint de dhíth orthu i dtólamh.

3.Bealtaine: 'Tine Geal' an tseanbhrí atá le 'Bealtaine'. Tugtar meas agus ómós don ghrian i rith an tséasúir seo go fóill. Cinnte, bhíodh féiltí ann ar fud na hEorpa ag guí gach rath ar an ghrian i rith an tsamhraidh.

4.Lúnasa: Féile Lugh' a bhí i gceist anseo. Le tús an fhómhair agus neart le baint, bhíodh féiltí is aonaigh ar fud na tíre. Ar ndóigh, b'fhearr i bhfad an fhómhair ar fad a bhaint sula dtéann tú chuig an aonach.

Cuireadh ord agus eagar ar an fhéilire sa bhliain 1751 agus ní féidir tionchar domhain an iarthair a sheachaint agus muid inár gcónaí anseo. Ní amháin sin, ach deirtear gurb é an Críostaíocht a thug ionad na seachtaine go hÉireann. Ar ndóigh, tagann cuid d'ainmneacha na laethanta ón Laidin féin; cuid ag brath ar phláinéid; Luan - 'Luna', Máirt - 'Mars' agus Satharn - 'Saturn', agus tagann an Domhnach ón Laidin 'Dominus'. 'Troscadh' an bhrí atá leis an fhocal 'aoine'. Mar sin, bhí an chéad 'aoine', idir dhá 'aoine' agus 'aoine' sa tseachtain; Céadaoin, Déardaoin agus Aoine. Ar ndóigh, tá pisreoga éagsúla bainte le laethanta na seachtaine ach b'fhearr i bhfad cuimhneamh go mbíonn an rath agus an t-ádh is fearr bainte leis an Mháirt is le Déardaoin.

Ní fios an gcuidíonn an t-eolas thuasluaite le léitheoirí agus iad ag breathnú ar a ndialanna nó a gcuid 'filofax' ach ní dhéanann sé dochar cuimhneamh go mbíonn muid uilig ag brath go mór ar an dúlra i gcónaí.

Seanfhocal na Seachtaine

'An té a chuireann san earrach, bainfidh sé san fhómhair.'

Muna bhfuil an réamhobair déanta ní bheidh toradh maith ar an tsaothar.

Gluais

spriocdháta deadline

roinnte divided

lachtadh lactation

aonaigh fairs/markets

féilire calender

pláinéid planets


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland